Dhá Scéim Nua Fógartha ag Údaras na Gaeltachta

Dhá scéim nua tacaíochta don fhiontraíocht shóisialta fógartha ag Údarás na Gaeltachta

20 Márta, 2023

nóiméad léite

In Ionad na Feamainne i Leitir Mealláin, Conamara, a seoladh dhá scéim nua tacaíochta don fhiontraíocht shóisialta atá á dtairiscint ag Údarás na Gaeltachta, scéim thacaíochta d’fhorbairt tograí ag baint le fiontraíocht shóisialta agus an scéim thacaíochta d’fhorbairt smaoineamh gnó.

 

Tá obair mhór déanta ag Údarás na Gaeltachta i gcomhar le na heagrais forbartha pobail Gaeltachta sa réimse seo, agus é mar aidhm ag an Údarás go mbeadh an Ghaeltacht ina eiseamláir i dtaobh na fiontraíochta shóisialta.

 

Faoin Scéim Thacaíochta d’fhorbairt tograí ag baint le fiontraíocht shóisialta, tugtar tacaíocht do thograí incháilithe san earnáil seo agus tá buiséad de os cionn €210,000 ar fáil.

 

Tá maoiniú ar fáil freisin faoin Scéim Thacaíochta d’fhorbairt smaoineamh gnó ceangailte le fiontraíocht shóisialta, agus suas le €5000 atá ar fail do thograí incháilithe, i gcomhar leis an Roinn Forbartha Tuaithe & Pobail.

 

Dúirt Rónán Mac Con Iomaire, Stiúrthóir Forbartha Réigiúnaí Pobail agus Pleanála Teanga:

 

“Is deis luachmhar í an fhiontraíocht shóisialta, sa mhéid agus go dtugann sí an chumhacht do na pobail iad féin a neartú. Cuireann na tograí seirbhísí breise ar fáil, cruthaíonn siad brabach agus fostaíocht, agus láidríonn siad na heagrais forbartha pobail féin. Taispeánann an áis bhreá atá anseo sa Ionad Feamainne i Leitir Mealláin, gur féidir le eagraíochtaí pobail tograí d’ardchaighdeán a thabhairt chun críche ag úsáid an mhúnla seo. Déanfaidh na scéimeanna tacaíochta seo níos éasca é do eagraíochtaí atá ag iarraidh dul ag plé leis an réimse seo don chéad uair agus tabharfaidh siad deis d’eagraíochtaí atá gníomhach sa réimse cheana féin tuilleadh tograí a fhorbairt; tá súil againn go dtabharfaidh siad spreagadh d’eagraíochtaí pobail tabhairt faoi thograí fiúntacha i ngach ceantar Gaeltachta.”