Ionad Cuimhneacháin na nImirceach

Fáiltíonn Údarás na Gaeltachta roimh maoiniú beagnach €1milliún euro atá ceadaithe ag Roinn na Gaeltachta don Údarás le forbairt a dhéanamh ar Ionad Cuimhneacháin na nImirceach i gCarna.

8 Márta, 2023

nóiméad léite

Tá fáilte curtha ag Údarás na Gaeltachta roimh an allúntas €902,419 á chur fáil ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, d’Údarás na Gaeltachta ar mhaithe le forbairt bhreise a dhéanamh ar Ionad Cuimhneacháin na nImirceach i gCarna, Co. na Gaillimhe.

Tá sé i gceist go gcuirfear síneadh leis an bhfoirgneamh atá ann cheana féin, go bhfeisteofar amach Ionad Míniúcháin agus go bhforbrófar Gairdín Cuimhneacháin ag an Ionad.

Beidh an tIonad Míniúcháin Turasóireachta seo dírithe go sonrach ar dhiaspóra na Gaeltachta agus é mar acmhainn acusan agus ag a sliocht ó thaobh taighde ginealais de; beidh sé freisin ina áis tharraingteach do thurasóirí, suite ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin i gConamara.

 

Dúirt Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta:

“Is dea-scéal é seo do choiste an Ionaid, don phobal áitiúil, agus do phobal na Gaeltachta scaipthe ar fud na cruinne, agus tá moladh ar leith le dul chuig an mbuíon beag daoine a d’oibrigh gan sos gan staonadh ar mhaithe leis an togra seo a thabhairt ar an bhfód.  Cuirfidh an maoiniú ata fógartha inniu ag Roinn na Gaeltachta ar chumas Údarás na Gaeltachta an togra a thabhairt ar aghaidh chuig an gcéad chéim eile, i gcomhar leis na páirtithe leasmhara agus le Fáilte Éireann, a thacaigh leis an bhforbairt seo chomh maith.”

“Beidh an tIonad seo ina áis luachmhar turasóireachta don cheantar. Tá tábhacht leis freisin mar gheall ar an mbéim a leagtar ann ar an imirce agus an t-aitheantas a thugtar ann do Dhiaspóra na Gaeltachta, an dream a d’imigh agus a sliocht, bíodh siad in áit éigin eile in Éirinn nó ar fud an domhain. Feiceann an tÚdarás go bhfuil tábhacht ar leith leis an Diaspóra mar acmhainn don Ghaeltacht san lá atá inniu ann – achmhainn eolais, oideachais, cultúrtha agus infheistíochta – agus gur fiú go mór na nascanna idir an pobal sa nGaeltacht anseo agus an dream a d’imigh a neartú agus a dhaingniú. “

 

Dúirt cathaoirleach sealadach Údarás na Gaeltachta, Mary Uí Chadhain:

“Is fíor dhea-scéal é fógra an lae inniu do Ghaeltacht Chonamara agus go háirithe do phobal Iorras Aithneach. Is sampla é seo den fhorbairt is féidir a thabhairt chun críche, chun cabhrú le forbairt na turasóireachta i gceantair imeallacha Gaeltachta. Tá áit lárnach bainte amach cheana féin ag Ionad Cuimhneacháin na nImirceach i saol an phobail in Iorras Aithneach. Leis an bhforbairt atá beartaithe, beidh an tIonad ina acmhainn agus in áis ag an bpobal áitiúil, ag Diaspóra na Gaeltachta agus ag turasóirí araon, agus cuirfidh sé go mór leis an táirge turasóireachta atá ar fáil i nGaeltacht Chonamara. “