Máistirphlean Bainistíochta Geopháirce

Seolann Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Tomás Ó Síocháin, Máistirphlean Bainistíochta Geopháirce 2022-2028 i gceantar Dhúiche Sheoigheach

6 Márta, 2023

nóiméad léite

An tseachtain seo i gceantar Dhúiche Sheoigheach, a sheol príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Tomás Ó Síocháin, an Máistirphlean Bainistíochta Geopháirce 2022-2028, plean a leagan amach na smaointe, na tosaíochtaí, agus na gníomhaíochtaí atá beartaithe, maidir le forbairt gnó agus pobail ceangailte leis an turasóireacht sa gceantar.

 

Rinne an seoladh le linn turais eolais ar an Geopháirc a d’eagraigh Tionscadal Geopháirc Dhúiche Sheoigheach agus Locha an Iarthair do na heagraíochtaí atá ina bpáirtnéirí sa togra: Údarás na Gaeltachta; Comhairle Contae na Gaillimhe; Comhairle Contae Mhaigh Eo agus Fáilte Éireann. Fuair na rannpháirtithe uile léargas le linn an turais ar an oidhreacht sainiúil nádúrtha, cultúrtha agus tógtha sa geopháirc, na gnéithe geolaíochta san áireamh.

 

Thug siad cuairt ar Chonga, an Fháirche, Corr na Móna agus Fionnaithe agus ar Loch na Fuaiche agus Drioglann Loch Measca, ceann de chliantchomhlachtaí Údarás na Gaeltachta. I dTuar Mhic Éadaigh, fuair na cuairteoirí deis cuairt a thabhairt ar oifig nua na Geopháirce agus casadh leis an gcoiste pobail áitiúil.

 

Tar éis an turais, dúirt Tomás Ó Síocháin: “Tá sé thar a bheith tábhachtach go bhfuil na páirtnéirí uile ag fáil deis ar an turas seo, eolas a chruinniú faoin gceantar agus faoin togra, agus go gcuirfeadh muid aithne ar na geallsealbhóirí ar fad, an pobal agus gnónna áitiúla san áireamh, a bheas lárnach i gcur i bhfeidhm an Mháistirphlean seo.”

 

Rinne Tionscadal Dhúiche Sheoigeach agus Locha an Iarthair iarratas i mí na Samhna 2022 ar stádas mar Geopháirc UNESCO, iarratas a rinneadh faoi scáth Chomharchumann Dhúiche Sheoigheach Teo (CDS) mar eagraíocht óstaíochta na Geopháirce. Ceaptar go mbeadh toradh ar an iarratas sa gcéad leath de 2023.