Allúntas €3.72 m ceadaithe do Ealaín na Gaeltachta

Fáilte curtha ag Údarás na Gaeltachta roimh allúntas €3.72 milliún atá ceadaithe do Ealaín na Gaeltachta, fochomhlacht de chuid an Údaráis

1 Márta, 2023

nóiméad léite

  • Deontas ar fiú €3.72m ceadaithe d’Ealaín na Gaeltachta chun clár 3 bliana a fheidhmiú

 

  • Méadú 200% ar an allúntas deiridh

 

  • Déanfar freastal ar c. 5,000 dalta/páiste

 

  • Tacófar le 2 phost lánaimseartha agus 2 phost páirtaimseartha a chruthú

 

  • Cruthófar deis ioncaim do suas le 14 ealaíontóirí (idir cheoltóirí, drámadóirí agus amhránaithe).

 

Agus í ar chuairt inniu ar Ghaeltacht na Rinne, d’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D. i gcomhar leis an Aire Stáit don Ghaeltacht Patrick O’Donovan T.D. go bhfuil ciste €3.72m thar tréimhse 3 bliana – 2022/23, 2023/24 & 2024/25 (€1.24m in aghaidh na bliana) ceadaithe aici don eagraíocht Ghaeltachta: Ealaín na Gaeltachta.

 

Bainfear leas as an gciste seo chun clár oibre a fheidhmiú fud fad na Gaeltachta a mbeidh mar phríomh-aidhm aige deiseanna breise sealbhaithe agus saibhrithe teanga a chur ar fáil d’aos óg na Gaeltachta tríd na healaíona teanga-bhunaithe.

 

Tá clár cumasaithe don óige dar teideal: Cuisle mar ábhar lárnach an chiste atá ceadaithe  - a bhfuil sé mar sprioc aige na healaíona teanga-bhunaithe, go háirithe an drámaíocht a chur chun cinn sa Ghaeltacht.

 

Is é an tríú deontas trí bliana atá ceadaithe ag an Roinn d’Ealaín na Gaeltachta mar thaca breise d’fheidhmiú leanúnach an phróisis pleanála teanga.

 

Bainfear leas as an gciste méadaithe go príomha chun:

  • freastal ar c. 5,000 dalta/páiste i 15 Limistéir Pleanála Teanga Gaeltachta tríd an gclár Cuisle
  • tacú le 2 phost lánaimseartha agus 2 phost páirtaimseartha a chruthú chun clár oibre méadaithe na heagraíochta a fheidhmiú
  • deis ioncaim a chruthú do suas le 14 ealaíontóirí – idir cheoltóirí, drámadóirí agus amhránaithe.

 

Rinneadh an ciste a fhógairt agus an tAire Martin sa Rinn le cuairt a thabhairt ar Choláiste na Rinne - áit ar chaith sí bliain ar scoil ann. In éindí le cuairt ar a alma mater chuaigh an tAire Martin ar chuairt chuig an gcomhlacht léiriúcháin teilifíse Nemeton atá lonnaithe sa cheantar.

 

Dúirt an tAire Martin:  

 

“Is údar áthais dom an ciste seo a cheadú d’Ealaín na Gaeltachta i gcomhar leis an Aire Stáit O’Donovan. Tá obair fhónta ar bun le blianta fada ag Ealaín na Gaeltachta le cúnamh mo Roinne agus an Údaráis araon, chun tacú le cur chun cinn na n-ealaíon sa Ghaeltacht. Is ea is tábhachtaí ná riamh atá an obair sin agus is ea is mó a aithnítear ná riamh an luach faoi leith a bhaineann leis na healaíona teanga-bhunaithe don Ghaeltacht agus don Ghaeilge. Is cuid lárnach de chultúr sainiúil na Gaeltachta na healaíona teanga-bhunaithe – idir amhránaíocht ar an sean-nós, cheol, drámaíocht agus damhsa. Tríd an ciste méadaithe seo atá ceadaithe cuirfear ar chumas Ealaín na Gaeltachta an clár luachmhar oibre atá idir lámha acu a mhéadú tuilleadh ar son an chuid is luachmhara agus is sainiúla den chultúr Gaeltachta  - an Ghaeilge.”

 

Dúirt an tAire Stáit O’Donovan:

 

Is deis iontach é an ciste seo don eagraíocht chun an obair atá ar siúl acu le sé bliana is fiche a leathnú amach ar leas aos óg agus phobal na Gaeltachta araon. Cruthóidh sé tairbhe bhreise dóibh siúd a bhainfidh leas as an raon gníomhaíochtaí a bhíonn á riar ag Ealaín na Gaeltachta - chomh maith ar ndóigh le deiseanna luachmhara fostaíochta do chleachtóirí na n-ealaíon – lena n-áirítear múinteoirí damhsa, ceoil agus drámaíochta.

 

“Is beart praiticiúil é seo a luíonn isteach leis an raon bearta eile atá idir lámha agus á maoiniú ag an Roinn chun eispéireas Gaeilge aos óg na Gaeltachta ach go háirithe, a shaibhriú tuilleadh -  idir Scéim na gCúntóirí Teanga, Clár na gCluichí Gaelacha agus an Clár Aclaíochta.

 

“De thoradh seo uile – táimid ag tacú le feidhmiú rathúil an phróisis pleanála teanga agus an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta. Thar aon ní eile áfach is í an Ghaeilge, aos óg na Gaeltachta agus na healaíona dúchasacha a bheidh chun tosaigh de bharr seo.”

 

Dúirt stiúrthóir Ealaín na Gaeltachta, Paddy Glackin:

 

“Cuireann Ealaín na Gaeltachta fearadh na fáilte roimh fhógra an Aire Catherine Martin agus an Aire Stáit O’ Donovan go bhfuil clár maoinithe trí bliana eile ceadaithe le tacú le clár Cuisle a fhás agus a fhorbairt tuilleadh. Cuirfidh seo go mór lenár gcumas mar eagraíocht deiseanna breise a sholáthar d'aos óg na Gaeltachta sna réimsí ceoil, damhsa, amhránaíochta, ealaíona béil agus anois sa drámaíocht. Beidh a rian le feiceáil ar chleachtas na n-ealaíon sin sa Ghaeltacht go ceann i bhfad”.

 

Dúirt Príomhfheidhmeannach an Údaráis, Tomás Ó Síocháin:

 

“Fáiltíonn Údarás na Gaeltachta roimh an bhfógra seo inniu. Cinnteoidh an t-allúntas go mbeidh ár bhfochuideachta: Ealaín na Gaeltachta, in ann an clár cumasaithe sna healaíona dúchasacha a chur ar fáil do dhaoine óga sna limistéir phleanála teanga ar fud na Gaeltachta. Tá sé fíor-thábhachtach go mbeidh an deis cheart ag aos óg na Gaeltachta scileanna cruthaitheacha agus pearsanta a fhorbairt chun iad a ullmhú don saol amach rompu. Tríd an gclár seo déanfar na healaíona, an cultúr agus an Ghaeilge a chur chun cinn agus a spreagadh ina measc”.

Is mar thaca faoi leith d’fheidhmiú ghníomh 2.10, 5.46 agus 5.49 de Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 an Rialtais don Ghaeilge atá an maoiniú seo á chur ar fáil.