Ros an Mhíl

An cumas ag Ros an Mhíl a bheith ina chalafort tábhachtach do thionscal na gaoithe eischósta, a deir tuarascáil nua de chuid an chomhlachta Atkins

23 Feabhra, 2023

nóiméad léite

I dtuarascáil nua a choimisiúnaigh Údarás na Gaeltachta agus a réitigh foireann neamhspleách comhairleoireachta, faoi cheannas an chomhlachta Atkins, deirtear go bhféadfadh Ros an Mhíl ról rí-thábhachtach a imirt i bhforbairt an fhuinnimh gaoithe amach ó chósta na hÉireann, ag éascú seachadadh an 5 GW cumhachta a bheas ag teastáil sa ngearr go meán thréimhse agus ag cruthú suas le 900 post. Beidh cósta an iarthair lárnach i bhfíorú fís an rialtais do neamhspleáchas fuinnimh d’Éirinn. Deirtear i dtuarascáil Atkins go bhfuil láthair straitéiseach ag Ros an Mhíl, i lár chósta an iarthair, agus go bhfuil sé d’acmhainn aige a bheith ar cheann de na calafoirt is tábhachtaí ag tacú leis an tionscal seo.

 

 

Dúirt Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta:

 

“Glactar leis go forleathan go bhfuil práinn le spás calafoirt a aimsiú, má tá Éire lena cuid spriocanna do ghiniúint fuinnimh eischósta a chomhlíonadh agus bogadh i dtreo neamhspleáchais fuinnimh. Léirítear sa tuarascáil seo go bhféadfadh Ros a Mhíl a bheith lárnach má tá freastal le déanamh ar an riachtanas sin. Ach tá sé tábhachtach go ngníomhaítear gan mhoill. Tá an t-éileamh ar ghaoth eischósta ag fás go tapa, agus tá baol ann nach mbeidh dóthain soláthair calafoirt go réigiúnach leis an éileamh sin a shásamh, mar gheall ar an achar fada ama a thógann sé calafoirt a uasghrádú.  Tacaíonn ionadaithe iascaireachta go háitiúil agus Coiste Tacaíocht Chalafort Ros an Mhíl le forbairt straitéiseach Ros an Mhíl mar mhol do sheirbhísí tacaíochta fuinnimh gaoithe.  Sa Máistirplean atá molta sa tuarascáil seo, bheadh an tionscal iascaireachta agus an earnáil fuinnimh inathnuaite ag obair go comhthreomhar lena chéile.   Thacódh muidne in Údarás na Gaeltachta lena leithéide, i gcomhthéacs forbartha stuama agus inmharthana, a mbeadh buntáiste léi go háitiúil, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta, agus a bheadh chun leas na Gaeltachta.''

 

Léigh an tuarascáil nua de chuid an chomhlachta Atkins anseo