Tacaíocht ceadaithe do Chomhairle Ceantar na nOileán

Tacaíocht ceadaithe ag bord Údarás na Gaeltachta do Chomhairle Ceantar na nOileán
d’fhorbairt ionad oiliúna in iarfheistiú foirgnimh, i gCasla

18 Eanáir, 2023

nóiméad léite

Group holding An Ghaeltacht Glas signage

Ag cruinniú de bhord Údarás na Gaeltachta le gairid , ceadaíodh tacaíocht do Chomhairle Ceantar na nOileán, le foirgneamh a chur in oiriúint do fhorbairt ionaid oiliúna in iarfheistiú foirgnimh i gCasla, Conamara. Beifear ag soláthar cúrsaí oiliúna san iarfheistiú, chomh maith le cúrsaí dírithe ar bhainistíocht bharainneach, ar bhainistíocht dramhaíola agus ar an inbhuanaitheacht in iarfheistiú. Cuirfear na cúrsaí ar fáil do chonraitheoirí, d’fhir agus do mhná oibre agus do dhaoine dífhostaithe atá ag iarraidh bheith ag obair i réimse an iarfheistithe. Tá maoiniú de €110,000 faighte ag Comhairle Ceantar na nOileán cheana fhéin faoi Chiste Mhórthionscadal Pháirc Ghaoithe na Gaillimhe le haghaidh an Lárionad Iarfheistithe a fhorbairt.  

 

Beidh Ionad Athchúrsála agus Teachaín Athúsáide ar an suíomh freisin, áit a mbeidh deis ag an bpobal fáil réidh le raon leathan de dhramhaíl tí atá feiliúnach d'uaschúrsála.  

Is fiontar sóisialta pobail é seo atá ag luí isteach le straitéis An Ghaeltacht Ghlas, atá ag croí-lár Phlean Straitéiseach an Údaráis 2021-25. Is togra nuálach do Chonamara é, a d’fhéadfadh a bheith ina eiseamláir do ionaid athchúrsála i gceantair Ghaeltachta eile amach anseo.  

 

Dúirt Stiúrthóir Forbartha Réigiúnaí, Pobail & Pleanála Teanga Údarás na Gaeltachta, Rónán Mac Con Iomaire;

Is sampla den scoth é seo den obair mhór gur féidir a bhaint amach nuair atá pobal na Gaeltachta agus an tÚdarás ag obair as lámh a chéile. Tá béim ar leith dhá chur ag Údarás na Gaeltachta ar chúrsaí inmharthanachta inár straitéis reatha, agus an t-ádh linn go bhfuil muid in ann bheith ag obair le heagraíocht fhorbartha pobail ar nós Comhairle Ceantar na nOileán, atá ag taispeáint ceannródaíochta náisiúnta san earnáil seo.”