Ráiteas ó Chruinniú Boird Údarás na Gaeltachta – 12 Eanáir 2023

Buiséad de €7.125m ceadaithe d’Fhorbairt Pobail, Teanga & Eagraíochtaí Forbartha Pobail do 2023
Méadú de €1m ar infheistíocht i gcúrsaí pobail sa nGaeltacht

12 Eanáir, 2023

nóiméad léite

Ag cruinniú boird Údarás na Gaeltachta inniu, an chruinniú boird deiridh ag an mbord reatha, ceadaíodh buiséad iomlán de €7.125m chun Clár Forbartha Pobail, Teanga agus Turasóireacht Chultúrtha na heagraíochta do 2023 a chur i bhfeidhm. Cuireadh méadú de €1m leis an mbuiséad a chuirtear ar fáil don chlár seo do 2023.

San áireamh sa gclár seo bíonn soláthar maoinithe bliantúil fhochuideachtaí na heagraíochta Muintearas CTR agus Ealaín (na Gaeltachta) CTR chomh maith le Comhar Naíonraí na Gaeltachta CTR agus deontais reáchtála na n-eagras forbartha pobail agus tacaíocht do choistí forbartha pobail áitiúla.

Cuireann an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spórt agus Meán soláthar bliantúil ar fáil don Chlár Forbartha Pobail agus Teanga, a bhfuil ardú €1m air in 2023 agus cuireann an tÚdarás fuílleach an bhuiséid ar fáil as a chistí féin.

 

Dúirt príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Tomás Ó Síocháin “Ba mhaith liom an deis a thapú, aitheantas a thabhairt do obair an Bhoird seo agus do bhaill an Bhoird a bheidh ag éirí as a gcúramaí sar i bhfad. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil go sonrach le Cathaoirleach an Bhoird Anna Ní Ghallachair as a dúthracht agus díograis le linn a tréimhse. Is léiriú eile fógraí an lae inniu ar ról an Údaráis i saol laethúil na Gaeltachta agus tá an fhorbairt pobail agus an sealbhú teanga dá réir ag croílár na h-oibre sin. “

 

Ghabh an Cathaoirleach buíochas leis na comhaltaí Boird uilig ar oibrigh sí leo, leis na ceithre Phríomhfheidhmeannach agus le foireann an Údaráis trí chéile. Dúirt sí gur pribhléid agus onóir a bhí ann bheith mar Chathaoirleach ar an eagraíocht a d’imir tionchar chomh mór agus chomh tábhachtach sin ar shaol phobal na Gaeltachta agus ar bhuanú na Gaeilge. Dúirt sí go raibh sí sásta go raibh an tÚdarás ag dul ó neart go neart agus ghuigh sí gach rath ar an bPríomhfheidhmeannach nua, Tomás Ó Síocháin, agus ar an bhfhoireann agus iad ag cur i bhfeidhm na Straitéise reatha, Straitéis atá uaillmhianach agus a chuimsíonn go leor gnéithe den saol sa Ghaeltacht faoi láthair agus sna blianta amach romhainn.

 

Deontais Reáchtála na nEagras Forbartha Pobail

Tá soláthar iomlán de €3,858,750 ceadaithe ag Bord Údarás na Gaeltachta do dheontas reáchtála na n-eagras pobail do 2023 a léiríonn méadú de €492,750 ón mbliain 2021.

Cuireann Údarás na Gaeltachta maoiniú reáchtála ar fáil do 33 eagras pobail, idir chomharchumainn agus chomhlachtaí pobalbhunaithe, chun cur ar a gcumas tabhairt faoi chlár forbartha pobail ina gceantar feidhme atá dírithe ar riachtanais an phobail áitiúil. Tá na Comharchumainn Ghaeltachta ina gcuid lárnach de dhúshraith forbartha na Gaeltachta agus ról lárnach acu i gcur i bhfeidhm aidhmeanna agus cuspóirí ‘Phlean Straitéiseach Údarás na Gaeltachta 2021-2025’. Tá ról lárnach acu i bhfeidhmiú na bpleananna teanga ina gceantair éagsúla chomh maith le tacú le forbairt ghréasán gteic, cur chun cinn tograí turasóireachta cultúrtha, tiomáint tograí fiontair shóisialta agus tacú le pleananna fuinnimh sna ceantair Ghaeltacht, i measc tograí eile.

 

Buiséid Bhliantúla Fhochuideachtaí Údarás na Gaeltachta

Tá soláthar de €2.1m ceadaithe ag Bord Údarás na Gaeltachta d’fhochuideachtaí na heagraíochta agus do chuideachta straitéiseach lena gcláir oibre bhliantúla a chur i bhfeidhm in 2022.

  • Ceadaíodh €619,500 do Chomhar Naíonraí na Gaeltachta a chuireann seirbhís tacaíochta ar fáil do raon de sheirbhísí luathoideachais Gaeltachta.
  • Ceadaíodh €879,500 do Mhuintearas CTR chun tograí oiliúna, oideachais, óige agus luathoideachais a chur chun cinn agus chun Scéim na gCampaí Samhraidh a riar.
  • Ceadaíodh €600,000 d’Ealaín (na Gaeltachta) CTR chun clár cuimsitheach ealaíne a fheidhmiú sa nGaeltacht ag áireamh seirbhísí agus scéimeanna deontais, a thacaíonn le forbairt eagraíochtaí ealaíon agus le healaíontóirí aonair sa nGaeltacht.

Buiséad Forbartha Pobail agus Teanga

Tá soláthar de €753,750, ceadaithe do scéimeanna éagsúla a chuireann cúrsaí forbartha pobail, teanga agus turasóireachta chun cinn.

  • Ceadaíodh soláthar airgid de €163,250 don Chlár um Fhorbairt Pobail Áitiúil (LCDP) do dhá eagraíocht faoin scéim seo - Pobal le Chéile CDP CTR atá lonnaithe ar an bhFál Carrach, Co. Dhún na nGall agus CDP na Rosann CTR, An Clochán Liath, Co. Dhún na nGall.
  • Ceadaíodh soláthar de €250,000, méadú de €70,500, do réimse tacaíochtaí a chuireann an tÚdarás ar fáil d’imeachtaí agus do ghníomhaíochtaí buanaithe teanga atá dírithe ar bhuanú, ar chur chun cinn agus ar fhorbairt na Gaeilge ar fud na Gaeltachta. Beidh an maoiniú seo á úsáid, i measc nithe eile, ar mhaithe le taighde ar úsáid na Gaeilge i gcliantchomhlachtaí an Údaráis, soláthar ranganna agus ábhair teagaisc Gaeilge agus togra cultúir óige, Glúin Z.
  • Tá soláthar de €165,000, ceadaithe do réimse gníomhaíochtaí le díriú ar thacaíocht a chur ar fáil d’earnáil na turasóireachta cultúrtha Gaeltachta, ag cur leis an gcomhpháirtíocht atá bunaithe le Fáilte Éireann agus le comharchumainn agus eagraíochtaí pobail agus le freastal ar thograí a chuideoidh le forbairt na turasóireachta sa nGaeltacht.
  • Tá soláthar de €120,000 ceadaithe chun cabhrú le coistí/eagraíochtaí pobail íoc as costais a bhaineann le tionscnaimh bheaga pobail a fhorbairt, taighde a dhéanamh nó trealamh riachtanach a cheannach.
  • Ceadaíodh soláthar de €70,000, mar chiste tacaíochta don ghréasán gteic le cuidiú leis gréasáin dhigiteacha a fhorbairt, i gcomhpháirt le comharchumainn agus eagrais pobalbhunaithe.

 

Tograí Fiontraíochta Sóisialta

Tá ciste de €250,000 ceadaithe mar thacaíocht ar an obair atá déanta le gairid ag an Aonad Forbartha Pobail san Údarás i dtaobh an Clár Fiontraíochta Sóisialta Gaeltachta (CFS-G).

Tá béim faoi leith á chur ag Údarás na Gaeltachta ar fhiontraíocht shóisialta, ar an mbunús go gcuirfidh sé le cumas eagrais forbartha pobail Gaeltachta seirbhísí agus tograí breise a sholáthar sa nGaeltacht, agus sin a dhéanamh ar bhealach a chuirfidh le hioncam na n-eagras forbartha pobail.

 

Ciste Diaspóra

Tá togra Diaspóra na Gaeltachta ina chuid lárnach de Phlean Straitéiseach 2021-2025 Údarás na Gaeltachta agus ceadaíodh soláthar nua de €59,000 chun tógáil ar an gClár Diaspóra in 2023. Tá diaspóra láidir Gaeltachta ar fud na cruinne agus tá luach suntasach ag baint leis ó thaobh líonraithe, daoine a mhealladh abhaile, infheistíochta agus eile. Tá sé beartaithe cur le seirbhísí eolais agus faisnéise, seirbhísí ginealeolaíochta a fhorbairt, cláir oideachais agus oiliúna a chur ar fáil, taighde a dhéanamh ar réimsí ábhartha a bhaineann le Diaspóra sna Gaeltachtaí éagsúla, agus ócáidí a eagrú do phobail agus Diaspóra na Gaeltachta araon.

 

Gaeltacht Ghlas

Déanadh obair shuntasach le linn 2022 ar fhorbairt Gaeltacht Ghlas, gníomh a cuireadh chun cinn i Straitéis reatha an Údaráis, agus a bhaineann le forbairt na hinmharthanachta ag leibhéal timpeallachta, pobail, fostaíochta agus teanga. Tá soláthar €90,000 á chur ar fáil ar mhaithe le cur i bhfeidhm na straitéise i 2023.

 

 

Ciste Forbartha Pobail, Teanga agus Eagraíochtaí Forbartha Pobail

 

 

2023
Soláthar
Comhar Naíonraí na Gaeltachta CTR 619,500
Muintearas CTR 879,500
Ealaín (na Gaeltachta) CTR 600,000
Clár um Fhorbairt Phobail Áitiúil (LCDP) 163,250
Imeachtaí agus Gníomhaíochtaí Buanaithe Teanga 250,000
Forbairt ar Thurasóireacht Chultúrtha 165,000
Soláthar do na gteic 70,000
Gaeltacht Ghlas 90,000
An Scéim Fiontar Pobail 120,000
Tograí Fiontraíochta Sóisialta 250,000
Ciste Diaspóra 59,000
Deontas Reáchtála na nEagras Pobail 3,858,750
Iomlán €7,125,000