Seoladh “Clár na gComhlachtaí”

Seolann An tAire Stáit Gaeltachta Clár na gComhlachtaí, clár fiontraíochta scoile Údarás na Gaeltachta & Junior Achievement Ireland (JAI)

9 Nollaig, 2022

nóiméad léite

Pic: Seán Ó Mainnín

Ba i gColáiste Cholmcille in Indreabhán inniu a sheol an tAire Stáit Gaeltachta & Spóirt & Príomh Aoire an rialtais, Jack Chambers T.D.  Clár na gComhlachtaí, an clár do fhiontraithe óga, a chuireann Údarás na Gaeltachta agus Junior Achievement Ireland (JAI) ar fáil trí mheán na Gaeilge do scoláirí atá ag freastal ar scoileanna Gaeltachta.

 Spreagann an clár fiontraithe óga san Idirbhliain i scoileanna i nGaeltachtaí Chorcaí, Dhún na nGall, na Gaillimhe, Mhaigh Eo, na Mí, Chiarraí agus Phort Láirge chun a gcuid fiontair bheaga féin a fhorbairt agus páirt a ghlacadh i gcraobh náisiúnta.  Cuireann an clár réimse deiseanna ar fáil chun forbairt agus treisiú a dhéanamh ar scileanna acadúla agus ceannaireachta.

Déanann oibrithe deonacha ó chomhlachtaí áitiúla, chomh maith le feidhmeannaigh forbartha ó Údarás na Gaeltachta, meantóireacht ar na scoláirí in éineacht lena gcuid múinteoirí agus iad ag forbairt a gcuid smaointe, táirgeadh, margaíocht, díolachán, maoiniú go dtí go mbeidh an táirge ar an margadh.

Ag labhairt ag an seoladh ar maidin, dúirt an tAire Stáit Chambers:

“Is iontach an tionscadal oiliúna atá i gClár na gComhlachtaí, a thugann seans do scoláirí óga Gaeltachta blaiseadh a fháil ar shaol an fhiontraí.  Faigheann micléinn an deis bunphrionsabail na fiontraíochta a fhoghlaim ar bhealach atá taitneamhach agus spreagúil. Faigheann na daltaí tuiscint ar an difríocht ollmhór idir suíomh an tseomra ranga agus suíomh na hoibre sa saol mór; faigheann siad tuiscint chomh maith ar an gceangal atá idir an méid atá á fhoghlaim acu sa rang agus na scileanna a theastaíonn le smaoineamh gnó a fhorbairt agus tionscadal nua a thabhairt chun críche.

Tá súil againn go gcuideoidh sé le scoláirí scileanna a fhoghlaim a chuideoidh leo fanacht sa nGaeltacht, nó teacht ar ais ar an bhfód dúchais sa todhchaí.”

 

B’i an ócáid seo freisin an chéad ócáid phoiblí ag an bpríomhfheidhmeannach nua ar Údarás na Gaeltachta, Tomás Ó Síocháin. Ag labhairt tar éis na hócáide, dúirt sé:

“Tarraingíonn rannpháirtíocht Údarás na Gaeltachta i gClár na gComhlachtaí go leor de na téamaí is tábhachtaí in obair an Údaráis le chéile: cur chun cinn na fiontraíochta, tábhacht na hóige don Ghaeltacht agus mórtas agus bród sa teanga. Tá an-ríméad orm gur anseo, i measc déagóirí na Gaeltachta, atá mé ag cur tús le mo théarma oibre mar phríomhfheidhmeannach ar an Údarás.”

 

Bhí Helen Rafferty, príomhfheidhmeannach Junior Achievement Ireland i láthair freisin. Dúirt sise:

“Tá ár bpáirtnéireacht le hÚdarás na Gaeltachta thar a bheith tábhachtach dúinn agus muid ag iarraidh deiseanna fiontraíochta do dhaoine óga a chur ar fáil. Tá muid an-bhuíoch don Aire a sheol Clár na gComhlachtaí 22/23 dúinn agus tá muid an-ríméadach go bhfuil an deis ag gach scoil Ghaeltachta a bheith páirteach. Fáiltíonn muid freisin roimh an bpríomhfheidhmeannach nua ar na Údarás, Tomás Ó Síocháin; agus is léir agus é i láthair inniu, go bhfuil seisean, cosúil linn féin, tiomanta tacú le daoine óga na Gaeltachta. Tá muid ag súil le bliain iontach eile ag obair i gcomhpháirt lenár gcuid gcuid oibrithe deonacha agus múinteoirí den scoth.”