209 post nua ceadaithe & fáilte roimh an bpríomhfheidhmeannach nua

209 post nua ceadaithe & fáilte curtha roimh an bpríomhfheidhmeannach nua ag cruinniú deireadh bliana bhord Údarás na Gaeltachta

8 Nollaig, 2022

nóiméad léite

new CEO Tomás Ó Síoháin & cathaoirleach an bhoird Anna Ní Ghallachair

Inniu a reáchtáladh cruinniú boird Údarás na Gaeltachta in Ard-Oifig an Údaráis sna Forbacha, an cruinniú deireadh don bhliain seo, agus téarma an bhoird reatha ag druidim chun críche. Ba é cruinniú an lae inniu an chéad chruinniú ag an bpríomhfheidhmeannach nua ar Údarás na Gaeltachta, Tomás Ó Síocháin, a tháinig i gcomharbacht ar Mhicheál Ó hÉanaigh, a chaith chúig bhliana sa bpost. Chuir an bord fáilte roimh an bpríomhfheidhmeannach nua, agus ghlac cathaoirleach an bhoird Anna Ní Ghallachair buíochas leis an mbord agus leis an bhfoireann as a gcuid seirbhíse in imeacht na bliana.

Ceadaíodh infheistíocht i dtograí a chuirfidh go suntasach leis an bhfostaíocht i gcontaetha na Gaillimhe, Dhún na nGall, Mhaigh Eo agus Chiarraí inniu.  Tá na postanna nua á gcruthú in earnálacha na déantúsaíochta, an chlosamhairc, i dtionscail na bia agus dí, agus i dtionscail na bhfearas leighis, i measc earnálacha eile.

I measc na dtograí a ba shuntasaigh ar ceadaíodh deontais dóibh ar mhaithe le cruthú fostaíochta, bhí Aran Biomedical, an comhlacht fearais leighis sa Spidéal i nGaeltacht na Gaillimhe a mbeidh 45 post nua á gcruthú acu de bharr na forbartha atá beartaithe.

Tá an comhlacht Cora Tine ar an bhFál Carrach i nDún na nGall, a bhíonn ag dearadh agus táirgeadh trealamh braiteoirí agus monatóireachta ar chúrsaí teochta agus comhshaoil, le 53 post nua a chruthú, le cúnamh ó infheistíocht an Údaráis.

Ceadaíodh deontas freisin don chomhlacht closamhairc i gConamara Meangadh Fíbín Teo le 15 post a chruthú idir seo agus 2025.

I gContae Mhaigh Eo, ceadaíodh infheistíocht do Aran Woollen Mills, a bhfuil sé i gceist acu meádú suntasach a chur ar an ngnó atá acu i nGaeltacht Mhaigh Eo agus 37 duine breise a fhostú.

Ceadaíodh infheistíocht shuntasach i Seacláidí na Sceilge i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh, atá le 14 duine breise a fhostú.

Moladh infheistíocht a dhéanamh i dtogra grúdlainne Tá an Craic sna Cnoic i gceantar Gaeltachta Dhún na nGall, atá á stiúradh ag muintir Uí Dhaibhéid a bhfuil ceangal láidir acu le Óstán an Chaisleáin Óir in Anagaire; tá súil ag an gcomhlacht go mbeidh siad in ann forbairt a dhéanamh ar a gcuid táirgiúlachta agus ionad cuairteoirí a oscailt de bharr na hinfheistíochta, agus cuirfidh sé seo ar a gcumas seachtar a fhostú.

Ag labhairt tar éis an chruinnithe, dúirt an príomhfheidhmeannach nua, Tomás Ó Síocháin:

“Is léiriú iad figiúirí fostaíochta láidre an lae inniu ar thionchar obair Údarás na Gaeltachta ar bhonn leanúnach sna ceantair Gaeltachta. Is céim thábhachtach í an fhostaíocht i dtreo pobail agus teanga a bhuanú sna ceantair Ghaeltachta agus mar phríomhfheidhmeannach, tá mé ag súil go mór le bheith ag obair le foireann an Údaráis chuige sin agus ag tógáil ar an obair mhór atá déanta leis na blianta fada.’