Dhúiche Sheoigheach/Tuar Mhic Éadaigh

Údarás na Gaeltachta muiníneach go mbeidh stádas mar Geopháirc UNESCO ag ceantar Dhúiche Sheoigheach/Tuar Mhic Éadaigh

6 Nollaig, 2022

nóiméad léite

Pic de cheantar Dhúiche Sheoigheach

Cuireann Údarás na Gaeltacht fáilte roimh an iarratas atá déanta ag Coiste Geopháirc na Locha, i gcomhpháirt le Comharchumann Forbartha Dhúiche Sheoighe, Údarás na Gaeltachta agus páirtithe eile, ar stádas Geopháirc UNESCO do cheantar Dhúiche Sheoigheach, stádas a bhfuil aitheantas idirnáisiúnta aige.

An tseachtain seo caite a d’fhógair Coiste na hÉireann do Gheopháirceanna an Domhain, go raibh siad sásta go raibh na coinníollacha ar fad comhlíonta ag an togra le go ndéanfaidís iarratas ar an stádas seo, agus tá litir tacaíochta curtha ar fáil acu don togra, mar atá ag Coimisiún Náisiúnta UNESCO na hÉireann.

Má éiríonn leis an iarratas, beidh ceantar Dhúiche Sheoigheach ar an ceathrú Geopháirc sa tír. Tá an stadas bainte amach freisin ag cósta Phort Láirge, ag an mBoireann agus Ailtreacha an Mhothair i gContae an Chláir agus ag ceantar na locha ag bun Sliabh Cuilceach i gcontaetha Chabháin agus Fhear Manach. Tugtar aitheantas mar Gheopháirc do áiteacha a bhfuil tábhacht idirnáisiúnta ar leith ag baint lena ngeolaíocht, a dtaobh tíre, a gcultúr agus a stair,  Bíonn bainistíocht á dhéanamh orthu ar mhaithe le caomhnú, oideachas, rannpháirtíocht pobail agus forbairt inmharthana.

Ag fáiltiú roimh an gcéim thábhachtach seo sa bpróiseas, dúirt Gearóid Ó Fátharta, bainisteoir Chomharchumann Dhúiche Sheoigheach:

“Mar ghníomhaireacht óstach do Gheopháirc UNESCO Dhúiche Sheoigheach agus Locha an Iarthair, tá muid fíor-shásta go bhfuil an t-iarratas ar stádas UNESCO seolta againn agus é anois ar bhord Kristof Vandenberghe, Ceannasaí Eolaíochta Cruinne agus Geopháirceanna UNESCO.”

“Tá moladh mór ag dul do na heagraíochtaí maoinithe, sin iad Údarás na Gaeltachta, GSI, agus Comhairlí Contae na Gaillimhe agus Mhaigh Eo, agus cá mbeadh muid d’uireasa pobal an cheantair, go mór mhór na coistí forbartha áitiúla agus na feirmeoirí. Is mór an scéal é seo do cheantair Ghaeltachta Dhúiche Sheoigheach agus Thuar Mhic Éadaigh, mar gurb í seo an chéad uair ag ceantar Gaeltachta iarratas stádas UNESCO a bheith déanta acu. Go cinnte cuirfidh sé seo leis an turasóireacht agus cuirfidh sé borradh faoi chúrsaí oidhreachta agus cultúrtha go ginearálta.”

Dúirt Rónán Mac Con Iomaire, Stiúrthóir Forbartha Réigiúnaí, Pobail agus Pleanála Teanga Údarás na Gaeltachta:

“Is cúis ríméid dúinn in Údarás na Gaeltachta go bhfuil muid in ann togra chur chun cinn a thugann le chéile forbairt pobail, turasóireacht agus an timpeallacht, ar bhealach a chuireann ceantar Gaeltachta ar mhapa an domhain mhóir. Tá an chomhpháirtíocht le UNESCO ar an togra seo suntasach i dtaobh na Gaeltachta, agus ní oibreodh sé gan an chomhpháirtíocht leanúnach atá againn le Comhairlí Contae na Gaillimhe agus Maigh Eo, chomh maith le Suirbhéireacht Gheolaíochta.”