Bainisteoirí Eagraíochta Forbartha Pobail na Gaeltachta

Treoirleabhar a bheas ina acmhainn thábhachtach do eagrais forbartha pobail seolta ag Údarás na Gaeltachta ag cruinniú de bhainisteoirí eagraíochta forbartha pobail na Gaeltachta

1 Nollaig, 2022

nóiméad léite

Máirtín Ó Mealóid, bainisteoir Chomharchumann Chléire Teo, Rónán Mac Con Iomaire, Stiúrthóir Forbartha Réigiúnaí, Pobail & Pleanálal Teanga, Cathy Ní Ghoill, Bainisteoir Chomharchumann Forbartha Árann, Éamonn Ó hÉanaigh, Feidhmeannach Forbartha Pobail, Údarás na Gaeltachta

Inniu a chruinnigh bainisteoirí agus ionadaithe comharchumainn agus eagraíochtaí pobail na Gaeltachta le chéile, do sheoladh threoirleabhair a bheas ina acmhainn luachmhar do choistí agus d’eagraíochtaí pobail sa nGaeltacht – Treoirleabhar “Deachleachtais do Choistí Bainistíochta ar Eagrais Forbartha Pobail”. Réitigh Údarás na Gaeltachta an treoirleabhar mar gheall ar an éileamh ó eagraíochtaí pobail, go mbeadh treoir shoiléar ar fáil dóibh ar ról, dualgaisí agus cúramaí na n-oifigeach a bhíonn ag stiúradh eagraíochtaí atá fréamhaithe sa bpobal.

B’í  seo an chéad uair ag ionadaithe na n-eagras forbartha pobail teacht le chéile ar aon láthair amháin le 3 bliana.  B’iontach an deis a bhí ann ag an dream a bhí i láthair eolas a fháil ar an obair bhreá atá á déanamh ag eagraíochtaí forbartha pobail ar fud na gceantar Gaeltachta.

Bhí ionadaíocht ag breis agus 30 eagraíocht ag an ócáid, agus rinne 6 cinn de na heagraíochtaí sin cur i láthair ar thograí eisiacha a bhí ar bun nó tugtha chun críche ina gceantar féin. Thug sé seo léargas ar réimse leathan na hoibre atá ar bun ag na heagraíochtaí ar fud na tíre, agus tograí bunaithe ar na healaíona, tacaíocht don aosach, fuinneamh inathnuaite agus athchúrsáil, an óige, oideachas, spórt agus turasóireacht ina measc siúd atá idir lámha ag na heagraíochtaí.

Ba deis a bhí ann freisin ag Údarás na Gaeltachta léargas a thabhairt dóibh siúd a bhí i láthair ar an obair atá ar bun ag an Údarás sa réimse forbartha pobail. Bhí aird ar leith ar an bpleanáil teanga agus ar an dul chun cinn atá á dhéanamh sa bpróiseas sin; leagadh béim freisin ar an bhfiontraíocht shóisialta agus ar na deiseanna a bhaineann le tograí fiontraíochta do eagraíochtaí pobalbhunaithe.

Ag seoladh an treoirleabhair ar maidin, dúirt Rónán Mac Con Iomaire, Stiúrthóir Forbartha Réigiúnaí, Pobail agus Pleanála Teanga le Údarás na Gaeltachta

"Aithníonn Údarás na Gaeltachta an obair shuntasach atá dhá déanamh ag na heagrais forbartha pobail Gaeltachta i bhforbairt pobail ceannródaíoch, i gcuid de na ceantair is imeallaí in Éirinn. Aithníonn muid freisin an obair mhór a bhíonn ar bun ag coistí deonacha na n-eagras seo, agus tá muid ag foilsiú an treoirleabhair seo mar thacaíocht dóibh siúd agus do bhainisteoirí na n-eagras, chun cuidiú leo cloí le dea-chleachtais agus le rialachais, agus iad ag baint barr feabhais amach ina gcuid oibre."