Lá Digiteach ar dTús

An gréasán Gteic i lár an aonaigh do “Lá Digiteach ar dTús” ar an 15 Samhain & Gteic Bhéal a Mhuirthead roghnaithe mar cheannródaí don togra náisiúnta

10 Samhain, 2022

nóiméad léite

Termon Hub Donegal - woman on computer
Termon Hub Donegal

Beidh Gréasan Digiteach Gteic ag croílár na n-imeachtaí atá á bpleanáil don “Lá Digiteach ar dTús” (Digital First Day) an togra náisiúnta a bhfuil sé mar aidhm aige léargas a thabhairt do phobal tuaithe na hÉireann, idir lucht gnó, lucht fiontraíochta agus an gnáthphobal,  ar an leas agus an buntáiste atá le baint ag pobail thuaithe as an digitiú.

Is comhpháirtíocht atá sa “Lá Digiteach ar dTús” idir réimse leathan eagraíochtaí ata ag plé le forbairt phobail agus le forbairt theicneolaíochta, ina measc Gréasán Digiteach na hÉireann atá mar cuid de Connected Hubs, agus Údarás na Gaeltachta, tríd an ghréasáin Gteic.

Tá Údarás na Gaeltachta ag díriú go sonrach ar na buntáistí a thugann an gréasán Gteic do phobal na Gaeltachta; tá an gréasán de bhreis agus 25 mol digiteach ar fud na tíre ag cur áiseanna teicneolaíochta, ionad oibre cruthaitheach agus nuálaíoch, agus gréasán oibre ar fáil i ngach cearn den Ghaeltacht.

Ta Údarás na Gaeltachta thar a bheith bródúil go bhfuil Gteic Bhéal a’ Mhuirthead, ceann de na Gteiceanna is rathúla sa tír, ina cheannródaí sa togra seo; tá an mol digiteach seo i nGaeltacht Mhaigh Eo tar éis dea-thionchar as cuimse a imirt ar an timpeallacht oibre agus ar na deiseanna fostaíochta, i gceantar a bhí ag streachailt go stairiúil le laghdú daonra agus easpa deiseanna.

Ní ar aon Gteic amháin a bheas an bhéim ar “Lá Digiteach ar dTús” – mar chuid den cheiliúradh atá a dhéanamh ar na buntáistí a bhaineann le forbairt na teicneolaíochta, beidh ceangal á dhéanamh idir na gteiceanna uilig ar an lá, agus beidh deis ag daoine ó cheann ceann na tíre freastal ar a Gteic áitiúil chun páirt a glacadh san ócáid ar-líne agus an ócáid a roinnt le pobail eile Gaeltachta. Cloisfear ó chainteoirí spreagúla, suimiúla, a inseoidh a scéal féin faoin gcaoi ar chuidigh a Gteic féin leo a bhfís a bhaint amach agus a gcaighdeán oibre agus a gcaighdeán saoil a fheabhsú. Beidh cian-oibrithe, fiontraithe agus úinéaraí comhlachtaí ag inseacht a gcuid scéalta agus ag roinnt a gcuid taithí agus beidh ócáid shóisialta agus gréasáin mar chuid den mhaidin eolais a bheas á reáchtáil sna Gteiceanna Gaeltachta atá ag glacadh páirt.

Dúirt Colm Ó Coisdealbha, príomhfheidhmeannach gníomhach Údarás na Gaeltachta

“Tá an togra náisiúnta seo ag teacht le aidhmeanna Údarás na Gaeltachta maidir le forbairt pobail, tacú leis an nuálaíocht agus an eacnamaíocht chiorclach. Tá sé ag luí isteach chomh maith le aidhmeanna an Údaráis agus muid ag iarraidh an fhiontraíocht a spreagadh, agus pobail na Gaeltachta a chumasú chun fás agus forbairt. Tugann an digitiú, atá á éascú aga an ngréasán Gteic, deis eile dóibh sin a dhéanamh.”

 

Tá an Lá Digiteach ar dTús á thiomáint ag comhfhiontar nua, Gréasán Digiteach Éireann (www.digital-ireland.ie), a bunaíodh le béim a leagan ar na deiseanna a bhaineann leis an bhfás digiteach agus fiontar sóisialta, ar mhaithe le forbairt eacnamúil agus sóisialta cheantair tuaithe.

Dúirt Stephen Carolan, Bainisteoir Togra na Moil Fiontraíochta ag Connected Hubs

“Tá muid go láidir den tuairim gur féidir leis an ngréasán moil dhigiteach ar fud na tíre a bheith lárnach san athrú sóisialta suntasach atá mar sprioc ag “Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann”.

 

Dúirt Eoin Costello ó DigitalHQ, stiúrthóir Lá Digiteach ar dTús,

“Meallfar an pobal isteach sna moil dhigiteach chun go gcloisfidh siad faoina deiseanna a bhaineann le digitiú dá bpobal féin. Ag an am céanna, beidh buntáiste ag an bpobal as an digitiú mar gheall ar thionchar an mhoil digitigh. Tá buachaint ag gach dream.”

 

 

Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin méid a bheas ar siúl sna gteiceanna anseo: https://allmylinks.com/gteic-greasan-digiteach-na-gaelt