Clár píolótach nua CUMASÚ

Údarás na Gaeltachta i gcomhpháirt le EMPOWER ag seoladh clár píolótach nua CUMASÚ dírithe ar fhiontraithe mná

10 Samhain, 2022

nóiméad léite

gteic hub Gweedore Donegal

Tá clár nua do fhiontraithe mná sa nGaeltacht á chur ar fáil ag Údarás na Gaeltachta, i gcomhpháirt leis an gclár EMPOWER, clár tacaíochta saor in aisce de chuid moil nuálaíochta Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh. Tá an clár nua dírithe ar chúnamh a thabhairt do mhná atá i mbun fiontraíochta agus beidh sé dírithe go sonrach ar fhiontraithe mná i gceantair Ghaeltachta na Gaillimhe agus Mhaigh Eo.

Cuireann EMPOWER dhá chlár ar leith ar fáil, TÚS (START) atá dírithe ar dhaoine a bhfuil smaoineamh gnó acu atá siad ag iarraidh a iniúchadh agus FÁS (GROWTH) do fhiontraithe atá i mbun gnó cheana féin agus atá ag iarradh a ngnó a fhás agus a fhorbairt.

Tá EMPOWER ar an bhfód ó 2017, nuair a bunaíodh é mar gheall ar an éileamh láidir ó chomhlachtaí nuabhunaithe a bhí faoi stiúir ban san iarthar. Ó shin i leith tá an-tóir ar an gclár. Fuarthas 450 iarratas don bhabhta deireadh (320 don chlár TÚS, agus 130 don chlár FÁS, atá feiliúnach do mhná a bhfuil gnó acu cheana féin agus iad ag iarraidh an gnó sin a fhás nó a fhorbairt). Ghlac 65 bean páirt in EMPOWER II agus dá bharr, fostaíodh 65 duine, d'éirigh leis na rannpháirtithe €10m maoinithe a mhealladh agus seoladh 148 táirge nua.

Dúirt Maria Staunton, Comhordaitheoir EMPOWER 2

“Tá ag éirí thar barr leis an gclár Empower agus tá sé ag cur go mór le forbairt an réigiúin seo. Tá muid ag tnúth anois le CUMASÚ a fheidhmiú i gceantair Ghaeltachta Mhaigh Eo agus na Gaillimhe. Is scéim phíolótach í seo agus tá súil againn torthaí den scoth a fheiceáil ag eascairt as.”

Déanann CUMASÚ – TÚS tástáil ar smaointe do ghnóthaí nua, go bhfeicfear an mbeadh glacadh leo sa margadh. Tá sé dírithe ar mhná a bhfuil smaoineamh gnó nua acu agus atá níos lú ná bliana in mbun gnó. Is saineolaithe i ngnóthaí luathstaid a chuireann an clár saor in aisce seo ar fáil, ar bhonn páirtaimseartha ar feadh 12 seachtainí. Cuireann sé seo ar chumas na mban atá ag glacadh páirt, aird a thabhairt ar aon riachtanas clainne agus a ngnó a fhorbairt agus a phleanáil ag an am céanna.

“Sna blianta seo caite, bhí réimse leathan gnóthaí páirteach sa gclár agus b’iontach na mná seo a fheiceáil ag éirí níos muiníní agus ag baint amach a gcuid spriocanna gairmiúla féin. Tá mé ag tnúth go mór leis an gcaidreamh le hÚdarás na Gaeltachta a fhorbairt.”

Dúirt Seán Ó Coisdealbha, bainisteoir réigiún an iarthair do Údarás na Gaeltachta,

“Is iontach an deis í CUMASÚ don Gaeltacht le buntáiste a bhaint as an dea-chleachtas atá cruthaithe ag Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh chun fiontraithe mná a fhorbairt. Beidh muid ag baint lánbhuntáiste as an teicneolaíocht sa Gteic chun an saineolas sin a bheith ar leac an dorais, do rannpháirtithe mná, ar fud Gaeltacht an Iarthair.”

Ta líon teoranta spásanna ar an gcúrsa agus caithfear iarratas a dhéanamh roimh an 16 Nollaig ag 5.in.

Foirm iarratais: https://www.empowerher.ie/