Scéim Forbartha Oiliúna sna Meáin á reáchtáil ag TG4 & Údarás na Gaeltachta don tríú bliain as a chéile

Is í seo an tríú bliain den scéim a bhfuil sé mar aidhm aici tacaíocht a thabhairt do chomhlachtaí léiriúcháin san earnáil neamhspleách

29 Meán Fómhair, 2022

nóiméad léite

Whiskey
Whiskey

Cuireadh tús leis an Scéim Forbartha Oiliúna sna Meáin; scéim oiliúna idir TG4 agus Údarás na Gaeltachta an tseachtain seo in Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh. Is í seo an tríú bliain den scéim a bhfuil sé mar aidhm aici tacaíocht a thabhairt do chomhlachtaí léiriúcháin san earnáil neamhspleách scileanna agus cumas fhoireann an chomhlachta a fhorbairt, agus daoine cumasacha nua a bhfuil Gaeilge acu a thabhairt ar aghaidh sa tionscal.

Déanfaidh TG4 agus Údarás na Gaeltachta araon infheistíocht shuntasach €160,000 sa scéim agus tá tacaíocht oiliúna ar fáil do na rannpháirtithe i gcomhpháirt le Gréasán na Meán Skillnet, Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh agus CREW digital. Beidh creidiúint Leibhéal 8 ar fáil i gCleachtas na Meán ag deireadh na scéime.

 

Triúr déag ar fad atá roghnaithe don scéim a bheidh lonnaithe i ndeich gcomhlacht ó Dhún na nGall go dtí An Rinn. 

Dúirt Alan Esslemont, Ard-Stiúrthóir TG4“Tá an-áthas orm go bhfuil TG4 agus Údarás na Gaeltachta i gcomhpháirt le chéile chun an scéim seo a chur ar fáil don tríú bliain. D’éirigh go maith leis an scéim le dhá bhliain anuas.  Tá TG4 lárnach san fhorbairt réigiúnach agus tá sé mar aidhm ag TG4 inár bhFís Tar Éis Covid earnáil na léiritheoirí neamhspleácha a threisiú agus bonn a chur faoin earnáil sna ceantair Ghaeltachta. Guím gach rath ar na rannpháirtithe i mbliana agus táim ag súil le toradh a gcuid oibre a fheiceáil ar TG4 amach anseo.” 

 

Dúirt Colm Ó Coisdealbha, Príomhfheidhmeannach Eatramhach Údarás na Gaeltachta:

“Is cúis áthais dúinn go bhfuil an scéim faoi lán seoil arís don tríú bliain, a bhuíochas sin don chomhpháirtíocht idir muid féin agus TG4. Tá blianta fada caite ag an Údarás ag obair le tionscal na meán cruthaitheach agus is iontach an rud é go bhfuil tóir ar an scéim nuálaíoch bhríomhar seo agus go bhfuil sruth daoine cumasacha agus scileanna nua san earnáil closamhairc agus meán digiteach Gaeilge in 2022 á fhorbairt.”

Dúirt Celine Curtin, Ceann Roinne Ealaíon Cruthaitheach & Meáin, Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh Is deis iontach agus nuálach d’oiliúnaithe an Cháilíocht seo ag Leibhéal 8 i gCleachtas na Meán chun blaiseadh den tionscal a fháil agus an taithí atá acu ar bheith ag obair i gcomhlachtaí neamhspleácha léiriúcháin a fhorbairt. Tá an chomhpháirtíocht seo idir ATU, TG4, Údarás na Gaeltachta, CREW agus an tionscal ag teacht go foirfe le forbairtí i gcláir ATU sa Scannánaíocht & Déanamh Clár Faisnéise agus sna Meáin Chruthaitheacha. Beidh forbairtí den scoth san earnáil mar thoradh ar an obair i gcomhar dhearfach seo ar fad.”