Ceist na tithíochta ina fhadhb do gach pobal Gaeltachta anois, a deir bord Údarás na Gaeltachta ag cruinniú sa Rinn

Rinne toscaireacht ó Chomhlacht Forbartha na nDéise cur síos don Bhord ar an obair atá á déanamh acu sa gceantar.

27 Meán Fómhair, 2022

nóiméad léite

Le linn chruinniú boird Údarás na Gaeltachta a reáchtáladh le gairid i gColáiste na Rinne, rinne toscaireacht ó Chomhlacht Forbartha na nDéise cur síos don Bhord ar an obair atá á déanamh acu sa gceantar. Léirigh an toscaireacht an-imní faoin bhfadhb mhór le cúrsaí tithíochta sa gceantar; i measc cúiseanna eile, tá líon ard tithe saoire i nGaeltacht na nDéise agus an-deacracht dá réir ag pobal labhartha Gaeilge na háite teach a fháil le céannacht nó ar cíos ar phraghas réasúnach.

Dúirt ionadaithe an Chomhlachta Forbartha gurb í ceist na tithíochta an baol a ba mhó do inmharthanacht an cheantair mar cheantar Gaeltachta, mar nach raibh ar chumas lánúineacha óga le Gaeilge lonnú sa gceantar.

Thug comhaltaí an Bhoird suntas don méid a bhí á rá ag ionadaithe an Chomhlachta Forbartha agus léirigh imní gur amhlaidh an scéal anois i gcuid mhór de na ceantair Ghaeltachta ar fud na tíre.

 

Dúirt cathaoirleach an Bhoird, Anna Ní Ghallachair, “Seo ceann de na hábhair is mó atá ina bhaol do inmharthanacht na teanga sa Ghaeltacht agus go deimhin taobh amuigh di. Tuigeann muidne mar bhord go bhfuil ceist na tithíochta ar cheann de na ceisteanna is mó atá ag déanamh imní do nach mór gach pobal Gaeltachta. Tá moladh mór ag gabháil do Chomhlacht Forbartha na nDéise as a dtiomantas agus iad ag tabhairt aghaidh ar an fhadhb. Tá an tÚdarás ag gníomhú sa Rinn cheana féin agus muid ag iarraidh cabhrú leis an phobal áitiúil, trí thairiscint talamh an Údaráis a chur ar fáil do thithíocht in-acmhainne do dhaoine le Gaeilge; tá muid i mbun cómhráití leis an chomhairle áitiúil i dtaobh an ábhair sin. Tá muid i mbun taighde freisin faoi cheist na tithíochta i nDún na nGall faoi láthair agus ag féachaint ar bhealaigh ina bhféadfadh an tÚdarás, taobh istigh dár réimse gnímh, cuidiú le fuascailt a fháil ar an fhadhb seo, atá ag cur isteach ar nach mór gach ceantar Gaeltachta.”