An Ghaeltacht Ghlas: Dea-chleachtais & Deiseanna ón Ghaeltacht Maidir leis an Eacnamaíocht Ghlas, An Cheathrú Rua

Beidh ócáid á reáchtáil ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Údarás na Gaeltachta i gcomhpháirt lena chéile

7 Meán Fómhair, 2022

nóiméad léite

Túr Martello agus Muillin Gaoth, Ros an Mhíl.
Túr Martello agus Muillin Gaoth, Ros an Mhíl.

Ar an Aoine, 9 Meán Fómhair, a bheas ócáid á reáchtáil ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Údarás na Gaeltachta i gcomhpháirt lena chéile, mar chuid den tsraith ócáidí poiblí atá á reáchtáil ar fud na tíre le plé a dhéanamh ar théamaí ó “Ár dTodhchaí Tuaithe - Polasaí Forbartha Tuaithe 2021-2025”.

Is í An Ghaeltacht Ghlas téama an chruinnithe seo, ag an mbeidh deis acu siúd atá i láthair foghlaim faoin obair atá á déanamh i dtaca le príomhchuspóirí an pholasaí agus éisteacht le painéal saineolaithe agus daoine atá ag obair i réimse na heacnamaíochta ghlais, faoina deiseanna suntasacha atá ag baint leis an Eacnamaíocht Ghlas do cheantair tuaithe na hÉireann, idir fhuinneamh in-athnuaite agus an bith-eacnamaíocht, turasóireacht agus an fhiontraíocht shóisialta, i measc go leor eile.

Beidh Seó Bóthair an Fhóraim Smaointe Tuaithe ag teacht chuig an Cheathrú Rua i nGaeltacht Chonamara agus dhá reáchtáil in ionad neodrach ó thaobh carbóin de - beifear ag féachaint ar straitéis inbhuanaitheachta an Údaráis, An Ghaeltacht Glas, agus ag tabhairt deis don lucht freastail ionchur bheith acu i dtodhchaí Ghaeltacht ghlas, inbhuanaithe.

Láthair: Comharchumann Mhic Dara, An Crompán, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe, H91 X4WH

Am: 10am – 1pm, 9 Meán Fómhair 2022

 

Is gá clárú don ócáid ar an nasc a leanas:

https://www.eventbrite.ie/e/rural-ideas-fora-an-ghaeltacht-ghlas-tickets-395779034747?aff=ebdssbdestsearch

Tá líon na rannpháirtithe teoranta.