Comhdháil Ros a’ Mhíl 1/09/22

Reáchtálfaidh Údarás na Gaeltachta cruinniú eolais faoin bhfuil in ann do chalafort Ros a' Mhíl

31 Lúnasa, 2022

nóiméad léite

DCIM100MEDIADJI_0749.JPG

Amárach (Déardaoin) i Ros a' Mhíl a reáchtálfaidh Údarás na Gaeltachta cruinniú eolais faoin bhfuil in ann do chalafort Ros a' Mhíl agus an ról a d’fhéadfadh a bheith ag an gcalafort i bhforbairt eacnamúil an cheantair. 

Tá cuireadh tugtha ag suas le 50 de na páirtithe leasmhara a bhfuil suim acu i bhforbairt an chalafoirt a bheith i láthair; ina measc, ionadaithe ó thionscail na hiascaireachta  agus na farantóireachta, comhlachtaí ata bainteach le fuinneamh gaoithe agus foinsí cumhachta inathnuaite, coistí pobail agus comhairchumainn áitiúla agus daoine ón bpobal áitiúl ata ag obair in earnáil na mara thar sáile.

Beidh an comhlacht Atkins a réitigh tuarascáil faoi na féidearthachtaí a bhaineann le calafort Ros a' Mhíl ag déanamh cur i láthair agus beidh ionadaithe ó Údarás na Gaeltachta i láthair freisin, maraon le ionadaithe ó Roinn na Mara.

Ta súil go dtabharfaidh an plé ag an gcomhdháil léargas ar na riachtanais atá ag na páirtithe leasmhara agus go léireofar tuairimíocht agus smaointe nua faoin mbealach ina bhféadfaí an leas is fearr a bhaint as an gcalafort, ar mhaithe le forbairt na heacnamaíochta agus cruthú fostaíochta go háitiúil.