Scéim nua do Léiritheoirí i nDún na nGall fógartha ag TG4 agus Údarás na Gaeltachta

Scéim nua forbartha drámaíochta ag ócáid do léiritheoirí teilifíse sa gteic i nGaoth Dobhair.

29 Lúnasa, 2022

nóiméad léite

D'fhógair TG4 i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta scéim nua forbartha drámaíochta ag ócáid do léiritheoirí teilifíse sa GTeic i nGaoth Dobhair.  Is é aidhm na scéime nua borradh a chur faoin tionscal closamhairc i nGaeltacht Dhún na nGall.  Tá léirithe spéise á lorg ó chomhlachtaí léiriúcháin cáilithe chun forbairt agus léiriú a dhéanamh ar shraith dhrámaíochta a bheidh suite i gCúige Uladh agus a chraolfar le linn an phríomh-ama féachana ar TG4.  Sraith sé chlár a bheidh caoga nóiméad an ceann ar fhad a bheidh i gceist agus d'fhéadfaí athchoimisiúnú a dhéanamh ar an tsraith go bliantúil.   Táthar ag súil go mbeidh deiseanna cómhaoinithe ar fáil don chomhlacht a éireoidh leis. 

Tá sraith chomhaimseartha suite i gCúige Uladh a bheidh dírithe ar an lucht féachana ginearálta á lorg. Smaointe dána, cruthaitheacha le stíl ar leith atá ag teastáil.  Ba cheart cur chuige láidir drámaíochta agus scéalaíochta a bheith sna hiarratais.   Script atá scríofa i nGaeilge atá dírithe ar an bpobal a labhraíonn Gaeilge go rialta atáthar ag súil léi, ach go bhfuil sé de chumas inti lucht féachana níos leithne a mhealladh freisin. 

Oibreoidh TG4 agus Údarás na Gaeltachta i gcomhar le chéile chun deiseanna forbartha a chur ar bun atá dírithe go sonrach ar riachtanais na sraithe seoscéalaíocht scripteanna agus áiseanna cuí léiriúcháin a fhorbairt ina measc. 

Táthar ag súil go gcuirfear tús leis an léiriú i bhFómhar 2023 agus go gcraolfar é ar TG4 in 2024.  

Dúirt Ard-Stiúrthóir TG4, Alan Esslemont ag seoladh na scéime inniu,

"Tá áthas orm an scéim thábhachtach seo a fhógairt inniu i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta.  Tá forbairt na hearnála léiriúchán neamhspleách sna ceantair Ghaeltachta ar cheann de phríomhspriocanna TG4 inár bhFís Tar Éis Covid. Is mian linn an earnáil anseo i nGaeltacht Dhún na nGall a threisiú agus a fhorbairt. Tá cáil ar leith ar an bpobal seo as a gcuid scileanna drámaíochta agus cruthaitheacha ar TG4 agus ba mhaith linn cur leis sin, tacú le comhlachtaí cruthaitheacha anseo agus deiseanna nua a chruthú a chuirfidh bonn faoin ngeilleagar áitiúil.” 

 

Dúirt Micheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta: 

"Tá fáilte mhór á cur ag an Údarás roimh an scéim seo; tá dlúthbhaint ag Údarás na Gaeltachta leis an earnáil closamhairc ó chéad laethanta an tionscail sa nGaeltacht. Tá muid sásta gur féidir linn an tacaíocht seo a thabhairt,  a chuireann lenár gcomhpháirtíocht leanúnach le TG4 agus le haidhmeanna an Údaráis, maidir le forbairt na hearnála teilifíse sna réigiúin Ghaeltachta éagsúla."

Chun breis eolais a fháil faoin scéim, is féidir teagmháil a dhéanamh le Bainisteoir Coimisiúnaithe TG4, Mary Ellen Ní Chualáin, ag maryellen.ni.chualain@tg4.ie