An tAire Stáit Gaeltachta Jack Chambers, T.D. le oscailt oifigiúil a dhéanamh ar Dhrioglann Chroithlí

Déanfaidh Príomhaoire an Rialtais agus an tAire Stáit Gaeltachta agus Spóirt, Jack Chambers oscailt oifigiúil ar Dhrioglann Chroithlí

29 Lúnasa, 2022

nóiméad léite

Jack Chambers TD, Minister of State for Gaeltacht Affairs and Sport offically opening the Croithlí Distillery on Wednesday last. Photo -Clive Wasson

Trathnóna Dé Céadaoin seo chugainn, an 31 Lúnasa a bheas Príomhaoire an Rialtais agus an tAire Stáit Gaeltachta agus Spóirt, Jack Chambers ag déanamh an oscailt oifigiúil ar Dhrioglann Chroithlí i gceantar Gaeltachta Thír Chonaill, foirgneamh atá lárnach i stair chultúrtha agus eacnamúil an cheantair le 120 bliain.

Tá suas le €1.3 milliún de infheistíocht déanta ag Údarás na Gaeltachta san athchóiriú iomlán atá déanta ar an bhfoirgneamh stairiúil dá gcuid.

Beidh an foirgneamh agus an t-ionad ar cheann de phríomh-áiseanna turasóireachta an cheantair; cheana féin, tá tarraingt mhór ar an Drioglann mar gheall ar an táirge de ardchaighdeán atá ag cur ar fáil ann, agus mar gheall ar an eispéireas nuálaíoch turasóireachta ata mar chuid den fhiontar.

Ag labhairt faoin oscailt oifigiúil, dúirt príomhfheidhmeannach an Údaráis, Mícheál Ó hÉanaigh “Tá an-áthas orm go bhfuil an togra breá seo tugtha chun críche, togra atá ag teacht leis na spriocanna atá ag Údarás na Gaeltachta ina Stráitéis 2021-2025, idir an bhéim ar chothú agus cur cinn na fiontraíochta agus an tacaíocht atá muid ag tabhairt do ghnólachtaí straitéiseacha turasóireachta sa nGaeltacht atá ag leagan béime ar scéal sainiúil na gceantar Gaeltachta.”