Comóradh ar an “Connemara Patch”, Carna & St Paul, Minnesota

Ócáid fíor-speisialta ar bun in Ionad Cuimhneacháin na nImirceach i gCarna

18 Lúnasa, 2022

nóiméad léite

An deireadh seachtaine seo, beidh ócáid fíor-speisialta ar bun in Ionad Cuimhneacháin na nImirceach i gCarna, áit a bheidh comhchomóradh á dhéanamh san Ionad in Iorras Aithneach agus i gcathair St Paul i Minnesota Mheiriceá ar an “Connemara Patch”, an chuid sin de chathair St Paul inár lonnaigh imircigh as Conamara a chuaigh go Minnesota ag deireadh an naoú céad déag.

D’imigh na hÉireannaigh as an “Connemara Patch” de réir a chéile ach bhí beagán dá sliocht ansin go dtí na 1950aidí nuair a leagadh go leor de na tithe mar chuid den réiteach le haghaidh forbairt na mbóithre móra i Meiriceá.

Tháinig cuid de shliocht na ndaoine a chuir fúthab san “Connemara Patch” chuig comhdháil in Ionad Cuimhneacháin na nImirceach i 2019 agus tosaíodh plé faoi bhealaí a gcoinneofaí scéal an” Connemara Patch” beo i gcuimhne na ndaoine. Is as an bplé sin a tháinig an comóradh seo, a dhéanfar i St Paul ag an tráth céanna agus a bheidh sé ar bun i gCarna.

Tá Údarás na Gaeltachta thar a bheith sásta tacú leis an ócáid seo, atá dírithe ar Dhiaspóra na Gaeltachta agus a léiríonn an tábhacht atá leis an gceangal idir an dream a d’fhan agus an dream a d’imigh as Éirinn, fiú tar éis breis agus céad bliain.

Tagann deiseanna forbartha cultúrtha, sóisialta agus eacnamúla as cruthú agus daingniú na nascanna leis an bpobal Éireannach ar fud an domhain; tá forbairt an naisc sin leis an Diaspóra lárnach i Straitéis 2021-2025 Údarás na Gaeltachta.

Beidh an ócáid san Ionad Cuimhneacháin á chraoladh ar leathanach Facebook Diaspora na Gaeltachta ón 7in. Dé Sathairn, 20 Lúnasa.

https://www.facebook.com/Diasp%C3%B3ra-na-Gaeltachta-105422495465043