Oscailt gteic@ An Dromaid in Uíbh Ráthach i nGaeltacht Chiarraí

gteic@ An Dromaid mar chuid de Ghréasán Digiteach na Gaeltachta

26 Iúil, 2022

nóiméad léite

Ba í cathaoirleach Údarás na Gaeltachta, Anna Ní Ghallachair a rinne an oscailt oifigiúil ar gteic na Dromoda inné. Beidh an gteic seo, gteic@ An Dromaid, mar chuid de Ghréasán Digiteach na Gaeltachta – gréasán de os cionn 30 mol nuálaíochta agus digiteach le leathanbhanda ardluais, atá á bhforbairt ag Údarás na Gaeltachta in ionaid ar fud na Gaeltachta.

Dúirt an cathaoirleach:

‘Is teist an gteic nua seo ar an obair atá ar bun le blianta ag grúpaí pobail lena gceantar agus a dteanga a chur chun cinn. Tá an tÚdarás iontach sásta tacú leo lena spriocanna a bhaint amach.

Dúirt príomhfheidhmeannach an Údaráis, Mícheál Ó hÉanaigh:

Tá muid fíor-shásta a bheith i gcomhpháirtíocht le pobal na Dromaide ar togra gteic na Dromaide, mol digiteach a bheidh mar cuid thábhachtach de Gréasán Digiteach na Gaeltachta. Ta stair fhada de obair forbatha pobail ins na Dromaide, agus ta an gteic seo mar an sampla is deireanaí de na tograí pobail ata curtha i gcrích ar mhaithe leis an bpobal. Rachaidh an mol seo chun leasa an cheantair mar ionad do fhiontraithe agus do chian-oibrithe. Beidh se mar áis thábhachtach chun seirbhísí a sholáthar don phobal chomh maith.”

Rinne cathaoirleach an Údaráis seoladh freisin ar thuarascáil idirthréimhseach Thascfhórsa Uíbh Ráthaigh, ina bhfuil cur síos ar an dul chun cinn a rinne an Tascfhórsa i 2020 agus 2021.  Is grúpa treas-earnála é seo a bunaíodh chun dul i ngleic leis na dúshláin eacnamaíochta agus caighdeán saoil atá ag cur isteach ar Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh agus a comharsanacht de bharr titim leanúnach i ndaonra an cheantair sin.

Dúirt an príomhfheidhmeannach:

“Tá obair fíor-thábhachtach agus fíor-thairbhiúil curtha i gcrich ag Tascfhórsa Uíbh Ráthaigh le cúig bliana anuas. Tá dul chun cinn suntasach déanta ar réimse de thograí fe mar ata leagtha amach san tuairisc. Tá mé thar a bheith buíoch do phobal Uíbh Rathaigh agus do na heagrais uilig a thug tacaíocht chun an phlean don cheantair a ullmhú agus a chur i bhfeidhm.”