Airgead ceadaithe do gteic nua do Thoraigh agus don Mhálainn Bhig

Maoiniú le mol digiteach gteic a fhorbairt ar an dá oileán

25 Iúil, 2022

nóiméad léite

Ag cruinniú boird Údarás na Gaeltachta a reáchtáladh ar Thoraigh don chéad uair riamh ar an Aoine, d’aontaigh an bord go gceadófaí maoiniú le mol digiteach gteic a fhorbairt ar an oileán. Is é Comharchumann Thoraí Teo a bheas ag reáchtáil an mhoil nua seo, a bheas forbartha in aice leis an Ionad Pobail ar an oileán. Táthar ag súil go mbeidh éileamh maith ar na deascanna sealaíochta a chuirfear ar fáil ann ó ghnóthaí nuabhunaithe agus ó chianoibrithe, go háirithe i bhfianaise an mhéaduithe mhóir atá tagtha ar chianoibriú le cúpla bliain anuas.

Beidh an áis á húsáid chomh maith mar spás pobail agus cruinnithe.

Aontaíodh freisin go gcuirfeadh an tÚdarás maoiniú ar fáil do Choiste Forbartha na Málainne Bige le mol digiteach a fhorbairt i Seanscoil na Málainne Bige, Gleann Cholm Cille. Tá an infheistíocht seo a dhéanamh mar chó-mhaoiniu ar thogra atá á fhorbairt ansin ag Comhairle Contae Dhún na nGall

Beidh an dá gteic nua seo ar chinn de 30 mol digiteach nuálaíoch atá á bhforbairt ag Údarás na Gaeltachta ar fud na Gaeltachta. 

Tá an gréasán gteic lárnach do Straitéis Údarás na Gaeltachta agus an tÚdarás tiomanta do chumasú na bpobal Gaeltachta, le go mbeidh deiseanna oibre agus fiontraíochta acu ina bpobal féin.