An chéad chruinniú boird Údaráis riamh ar Thoraigh

Ráiteas ó Chruinniú Boird Údarás na Gaeltachta

22 Iúil, 2022

nóiméad léite

Test

Tacaíocht do 100 post nua ceadaithe ag cruinniú boird Údarás na Gaeltachta

Cheadaigh Bord Údarás na Gaeltachta líon tograí a mbeidh 100 post lánaimseartha á gcruthú iontu agus infheistíocht shuntasach ag baint leo nuair atá na tograí faoi lán tseoil. Is le tacaíocht a thabhairt do thograí i gcomhlachtaí Gaeltachta I gcontaetha Dhún na nGall, na Gaillimhe agus Chiarraí a bhain na tograí a bhfuil an fhostaíocht le cruthú iontu.

An chéad chruinniú boird Údaráis riamh ar Thoraigh

Ba é cruinniú an lae inniu an chéad chruinniú de chuid Bhord Údarás na Gaeltachta a reachtáladh riamh ar Thoraigh amach ó chósta Dhún na nGall. Dúirt Cathaoirleach Údarás na Gaeltachta, Anna Ní Ghallachair gur pléisiúr ar leith a bhí ann do Bhord Údarás na Gaeltachta a gcruinniú a bheith acu i dToraigh.

Dúirt sí go raibh an Bord go láidir den tuairim go raibh sé tábhachtach cuairt a thabhairt ar na hoileáin agus cúrsaí forbartha ansin a mheas. ‘Is seoid é Toraigh. Tá sé ar cheann de na ceantracha is láidre Gaeilge sa tír’ a dúirt sí.

‘Tá traidisiún ársa amhránaíochta agus scéalaíochta ann, agus tá sé de dhualgas ar an Údarás a dhícheall a dhéanamh le muintir Thoraí a chumasú le slí mhaireachtála shásúil a bhaint amach dóibh féin, lena gcultúr a choinneáil agus a chothú, ní amháin ar mhaithe leo féin ach ar mhaithe le pobal uilig na tíre.’

Deireadh le conradh Phríomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta

Ba é an cruinniú seo an cruinniú deireadh dá thréimhse oifige ag príomhfheidhmeannach an Údaráis, Mícheál Ó hÉanaigh, a mbeidh críoch lena chonradh ag deireadh mhí Lúnasa. Dúirt Cathaoirleach an Bhoird go raibh obair mhór déanta ag Mícheál mar Phríomhfheidhmeannach le cúig bliana anuas agus go leor bainte amach aige féin agus an fhoireann faoina stiúir i rith na tréimhse sin.

Dúradh gur léirigh sé uaillmhian don eagraíocht agus don Ghaeltacht agus go mbeadh rian a chuid oibre le feiceáil fud fad na Gaeltachta go ceann i bhfad. Aithníodh gur chuir sé le leithead na hoibre agus na spriocanna a chuir an tÚdarás roimhe féin, rud a d’fhág go raibh diminsean idirnáisiúnta ag baint le hobair na heagraíochta feasta: an bhéim ar an dea-chleachtas idirnáisiúnta; an ceangal le diaspóra na Gaeltachta; an córas gteic, atá inchurtha le fearas cian-oibre ar bith ar domhan, i measc rudaí eile. Bhí pleananna teanga faofa ag Roinn na Gaeltachta do na Limistéir Pleanála Teanga go léir agus iad á gcur i bhfeidhm i 22 Limistéar.

Bhí dea-chuma chomh maith ar chúrsaí fostaíochta agus an tÚdarás ar tí a sprioc a bhaint amach roimh am. Chuir an Bord a mbuíochas in iúl as an mhéid a bhí déanta ag Mícheál do phobal na Gaeltachta agus dúradh go raibh comaoin curtha aige orainn uilig. Guíodh gach rath agus sonas air do na blianta atá le teacht.