Eagraíocht Ghaeltachta le bheith san iomaíocht do Ghradaim Náisiúnta Dea-Chúiseanna an Chrannchuir Náisiúnta 2022

Muintearas ainmnithe mar eagraíocht a bheidh san iomaíocht do chraobhchomórtas an Ghradaim Náisiúnta Dea-Chúiseanna

14 Iúil, 2022

nóiméad léite

Tá Muintearas, fochomhlacht de chuid Údarás na Gaeltachta, ainmnithe mar cheann de na heagraíochtaí a bheidh san iomaíocht do chraobhchomórtas an Ghradaim Náisiúnta Dea-Chúiseanna, gradaim a thugann aitheantas do chlubanna, tograí, eagraíochtaí agus daoine ar fud na tíre, a dhéanann obair den scoth a mbíonn tionchar aige ar an bpobal lena mbaineann siad, le cúnamh ó mhaoiniú ó chiste an Chrannchuir Náisiúnta.

Beidh Muintearas san iomaíocht i gcatagóir na Gaeilge, ceann de sheacht gcatagóir – tá eagraíocht amháin eile san iarthar, Gaillimh le Gaeilge, ainmnithe freisin, chomh maith le Conradh na Gaeilge, Na Gaeil Óga, agus Raidió na Life.

Tá Muintearas ag soláthar seirbhísí i réimse an oideachais, na traenála, na óige agus an fiontraíocht shóisialta chomh maith le cultúr, oidhreacht agus an Ghaeilge agus tá béim ar leith acu ar thograí óige agus ar thacaíocht do sheirbhísí óige.

Beidh an searmanas bronnta ar siúl ar an gcéad lá de mhí Dheireadh Fómhair in Óstán Kilashee House i gCo. Chill Dara, agus is í an craoltóir aitheanta Gaeltachta Gráinne Seoighe a bheidh i mbun na hócáide.