Tionól Réigiúin na hEorpa (AER) le comhdháil mhór a reáchtáil i gcontae Dhún na nGall do Bhliain Eorpach na hÓige

Tabharfaidh Tionól Réigiúin na hEorpa á reachtáil i gContae Dhún na nGall an Samhradh seo

12 Iúil, 2022

nóiméad léite

Tá Tionól Réigiúin na hEorpa, an gréasán neamhspleách is mó d’údaráis áitiúla san Eoraip, lena bpríomh Chomhdháil Óige, Acadamh an tSamhraidh AER, á reachtáil i gContae Dhún na nGall ón 29 Lúnasa go dtí an 1 Meán Fómhair 1922.

Is iad Comhairle Contae Dhún na nGall agus Údarás na Gaeltachta a bheidh ag déanamh comh-óstú ar an gcomhdháil ar Champas Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh i Leitir Ceanainn. Beidh Acadamh Samhraidh AER – Eoraip don Chéad Ghlúin Eile- ag cruinniú breis agus céad polaiteoir, toscaire óige, agus gníomhaí pobail as chuile chearn den Eoraip le chéile, go gcaithfidh siad seachtain i mbun díospóireachta faoin mbealach le todhchaí níos daonlathaigh, níos síochánta agus níos inmharthana a chruthú, tríd cur agus cúiteamh i measc daoine óga, ag tosú i réigiúin na hEorpa. Is é cruinniú seo an Acadaimh Samhraidh an chéad cheann ón bpaindéim, agus seo é an chéad uair go bhfuil an ócáid ag teacht go hÉirinn.

Tá sé tráthúil go bhfuil an tAcadamh Samhraidh ag teacht anseo le linn bliana a bhfuil clochmhílte go leor ag baint léi do chaidreamh na hÉireann lena cuid páirtnéirí Eorpacha. Tá 2022 ainmnithe ag an gCoimisiún Eorpach mar Bhliain na hÓige agus tá muid ag comóradh 50 bliain ó bhótáil Éirinn le ballraíocht a ghlacadh sa gComhphobal Eorpach i 1972, an eagraíocht a bhí ann sular tháinig an tAontas Eorpach ar an saol.

Is í Éirinn freisin atá ag déanamh cathaoirleacht faoi láthair ar Choiste na nAirí ag an gComhairle Eorpach. Tá cuid den mhaoiniú don ócáid á chur ar fáil ag an Tionscnamh Cumarsáide Faoin Aontas Eorpach, togra de chuid Roinn Gnóthaí Eachtracha na hÉireann.

Le linn an Acadaimh Samhraidh, beidh mór-dhíospóireacht á reáchtáil faoi rannpháirtíocht dhaoine óga sa bpolaitíocht réigiúnach, agus beidh sraith ceardlanna ann faoi fhiontraíocht tuaithe, an bhith- eacnamaíocht, géarchéim na dteifeach as an Úcráin, céard atá in ann do scileanna, turasóireacht, agus cian-obair.  Mar chuid den phlean oibre freisin, beidh cuairteanna staidéir chuig cathair Dhoire le foghlaim faoin bpróiseas síochána, chuig Páirc Náisiúnta Ghleann Bheithe agus chuig gteic Údarás na Gaeltachta i nGaoth Dobhair.

Agus é ag seoladh na hócáide, dúirt uachtarán an AER Magnus Berntsson “Ta lúcháir orainn go bhfuilimid ag tabhairt an Acadaimh Samhraidh seo go contae Dhún na nGall le linn Bhliain Eorpach na hÓige agus le linn bliana a bhfuil roinnt comórthaí speisialta á ndéanamh ag Éirinn. Tá roinnt blianta an-chrua curtha díobh ag daoine óga na hEorpa. De réir mar a dhéanann muid athshamhlú ar an Eoraip don saol iar-Chovid, ta sé ríthábhachtach go mbeadh lucht déanta polasaí ag obair le chéile, le go mbeidh glór ag daoine óga i múnlú a dtodhchaí – ag tosú sna réigiúin. Is deis eisceachtúil a bheidh san Acadamh Samhraidh i nDún na nGall le daoine óga a réiteach le aghaidh a tabhairt ar na dúshláin chomónta atá roimh gach réigiún san Eoraip. I measc na gcainteoirí, beidh Andreas Kiefer, ard-rúnaí Chomhdháil na nÚdarás Áitiúla agus Réigiúnacha de Chomhairle na hEorpa agus Joe McHugh T.D., Cathaoirleach ar Choiste Oireachtais an Aontais Eorpaigh. Táthar ag súil le toscairí o bhaill-réigiúin AER in Éirinn, an tSualainn, an Ioruaidh, an Rómáin, an Spáinn, an tSeirb agus eagraíochtaí páirtnéireachta in earnáil na hÓige.

Ag labhairt faoin gcomhdháil, dúirt cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an comhairleoir Liam Blaney, “tá muid ag súil go mór le failte a chur roimh na nEorpaigh óga seo, na cainteoirí agus na aíonna iomráiteacha, chuig ócáid den chéad scoth. Tá tábhacht thar na bearta leis na hábhair faoi chaibidil agus fáiltíonn muid roimh an deis díospóireacht den tsaghas seo a éascú.

Dúirt Mícheál Ó hÉanaigh, príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta and Leas Uachtarán Óige AER ‘’ Tá áthas ar Údarás na Gaeltachta go bhfuil muidne,  i bpáirt le Comhairle Contae Dhún na nGall agus AER, ag reachtáil Acadamh Samhraidh 2022. Tá muid ag tnúth go mór leis an idirphlé lenár gcuid comhleacaithe sa ngréasán AER, a chuideoidh linn aghaidh a thabhairt ar an raon leathan ceisteanna a phléifear ag an Acadamh, plé a chuirfidh ar an gcumas Eoraip don chéad ghlúin eile a thabhairt chun aibíochta.‘’

Beifear ábalta clárú trí Eventbrite agus beidh tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh idirlín AER.

 Eolas faoi AER:

Tá Tionól Réigiúin na hEorpa ar an gréasán neamhspleách is mó d’údaráis áitiúla san Eoraip, agus ta beagnach 130 ball acu in 30 tír, ón Ioruaidh go dtí an Tuirc agus ón Úcráin go dtí an Phortaingéil.  Tá AER mar ghlór ag na húdaráis áitiúla ó 1985 agus bhí ról lárnach acu in aitheantas a fháil do na réigiúin mar ghné ríthábhachtach den Togra Eorpach. Tá ár ngréasán gníomhach I ngach cuide de mhór-roinn na hEorpa, taobh istigh agus taobh amuigh den Aontas Eorpach.  Faoi láthair, tá trí bhall ag AER in Éirinn, Comhairle Contae Dhún na nGall, Údarás na Gaeltachta agus Comhairle Contae Mhaigh Eo.