Údarás na Gaeltachta ag tréaslú le Drioglann Chroithlí

Údarás na Gaeltachta ag tréaslú leis na bhfoireann díograsach atá i mbun Dhrioglann Chroithlí a hosclaíodh ar na mallaibh

8 Iúil, 2022

nóiméad léite

Ba mhaith le hÚdarás na Gaeltachta tréaslú leis na bhfoireann díograsach atá i mbun Dhrioglann Chroithlí a hosclaíodh ar na mallaibh– is údar bróid dúinn é go raibh ar ár gcumas cuidiú leo an togra físiúil seo thabhairt chun críche.

Tá moladh ag dul do stiúrthóirí an chomhlachta as an ionad den scoth atá forbartha acu, ionad a bheidh ina áis do thurasóirí agus do phobal Ghaeltacht Thír Chonaill araon.

Is údar mórtais an dearadh agus an cuma breá snasta atá curtha ar sean-fhoirgneamh Bhabógaí Chroithlí, foirgneamh a tógadh 120 bliain ó shin agus a bhfuil stair fhada fhorbartha thionsclaíoch aige ó am thogra Alexander Morton aniar.

 

Tá an togra seo ag teacht leis na spriocanna atá ag Údarás na Gaeltachta ina Stráitéis 2021-2025, idir an bhéim ar chothú agus cur cinn na fiontraíochta agus an tacaíocht atá muid ag tabhairt do ghnólachtaí straitéiseacha turasóireachta sa nGaeltacht atá ag leagan béime ar scéal sainiúil na gceantar Gaeltachta.

Anois agus uisce beatha á tháirgeadh i nGaeltacht Dhún na nGall anois don chéad uair le breis agus 180 bliain, guíonn muid gach rath ar Dhrioglann Chroithlí!