Iarratas Pleanála déanta do Thionscadal Fótavoltach i nGaoth Dobhair

Tá Iarratas Pleanála déanta ag Údarás na Gaeltachta do Thionscadal Fótavoltach i bPáirc Ghnó Gaoth Dobhair

7 Iúil, 2022

nóiméad léite

Tá iarratas déanta ag Údarás na Gaeltachta chuig Comhairle Contae Dhún na nGall ar chead pleanála le haghaidh feirm ghréine a fhorbairt ar Ard na gCeapairí, An Bun Beag, Contae Dhún na nGall. Feirm ina mbeadh achar de thart ar 14.1 heicteár atá i gceist a chuimseodh painéil ghréine i bhfrámaí ar an talamh, chomh maith leis na struchtúir fhorbartha agus chothabhála uile a theastódh.

Is údar sástachta d’Údarás na Gaeltachta go bhfuiltear ag glacadh céim eile sa togra tábhachtach seo. Is togra pobalbhunaithe é seo, atá á fhorbairt ar bhonn páirtnéireachta i gcomhar le sé eagraíocht pobail i bparóiste Ghaoth Dobhair. Cuirfidh an fheirm ghréine go mór le heacnamaíocht an phobail áitiúil, beidh sí ina fhoinse ioncaim don earnáil forbartha pobail sa gceantar, laghdóidh sí an lorg carbóin, agus cuideoidh sí Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair a dhéanamh spleách agus inmharthana ó thaobh fuinnimh de.

Tá an togra mar thoradh ar réamhobair cuimsitheach - rinneadh staidéar féidearthachta in 2020 agus chuaigh an tÚdarás i mbun próisis leathan comhairliúcháin poiblí le roinnt míonna anuas, i gcomhar le coistí agus eagraíochtaí áitiúla eile atá páirteach sa bhforbairt.

Tá Ráiteas Tionchair Natura (NIS) réitithe agus curtha faoi bhráid na Comhairle Contae in éineacht leis an iarratas pleanála.

Tá forbairt an fhuinnimh in-athnuaite lárnach do Straitéis Údarás na Gaeltachta 2021-2025. Tá “An Ghaeltacht Ghlas”, coincheap a chuireann béim ar inmharthanacht agus ar inbhuanaitheacht phobal na Gaeltachta, luaite go sainiúil mar sprioc sa Straitéis.

Is féidir an t-iarratas pleanála agus an Ráiteas Tionchair Natura (NIS) a iniúchadh in oifigí na Comhairle Contae.