Folúntas – Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta

Post mar Príomhfheidhmeannach oscailte anois le hÚdarás na Gaeltachta

1 Iúil, 2022

nóiméad léite

Príomhfheidhmeannach

 

Is é Údarás na Gaeltachta an t-údarás réigiúnach atá freagrach as forbairt eacnamaíochta, shóisialta agus chultúir na Gaeltachta. Is é aidhm foriomlán Údarás na Gaeltachta a chinntiú go bhfanfaidh an Ghaeilge mar phríomhtheanga pobail na Gaeltachta agus go gcuirtear ar aghaidh í go dtí na glúnta atá le teacht. Oibríonn an tÚdarás leis an aidhm sin a bhaint amach trí raon mór tionscnamh a bhaineann le forbairt fiontair agus cruthú postanna a mhaoiniú agus a chothú agus trí thacú le gníomhaíochtaí straitéiseacha teanga, cultúir agus gníomhaíochtaí pobalbhunaithe.  Sna Forbacha i gCo. na Gaillimhe atá ceannáras Údarás na Gaeltachta suite agus tá oifigí réigiúnacha ag an Údarás i gCorcaigh, i gCiarraí, i nDún na nGall agus i Maigh Eo. Is í an Ghaeilge teanga oibre an Údaráis.

Agus é/í freagrach don Chathaoirleach agus don Bhord Stiúrthóirí déanfaidh an Príomhfheidhmeannach an eagraíocht a threorú ó thaobh a misin eacnamaíochta, chultúir agus shóisialta a chur i gcrích. Beidh an Príomhfheidhmeannach lonnaithe i gceannáras an Údaráis agus beidh sé nó sí freagrach as straitéisí agus polasaithe a fheidhmiú lena chinntiú go gcomhlíonfaidh an tÚdarás a dhualgas trí rannpháirtíocht comhchomhairle le raon de pháirtithe leasmhara. Beidh dlúthbhaint ag an bPríomhfheidhmeannach freisin le cur i bhfeidhm Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-30 an Rialtais. Is conradh ar théarma seasta 5 bliana a bhaineann leis an bpost.

 

Maidir leis an iarrthóir a n-éireoidh leis nó léi:

  • beidh go leor bainte amach aige nó aici ag leibhéal sinsearach agus beidh fís, ceannaireacht, scileanna bainistíochta riachtanach agus an cumas smaoineamh go nuálach léirithe aige nó aici
  • beidh taithí léirithe aige nó aici ag leibhéal sinsearach bainistíochta ó thaobh freagracht buiséid laistigh d’eagraíocht ildisciplín
  • beidh eolas domhain aige nó aici ar ghníomhaireachtaí stáit/earnála poiblí, ar fheidhmiú polasaí náisiúnta, ar fhorbairt eacnamaíochta, ar fhorbairt pobail agus ar chur chun cinn na teanga
  • beidh ardleibhéal inniúlachta aige nó aici i labhairt agus i scríobh na Gaeilge (ag leibhéal TEG C1 nó a chomhionann)
  • beidh cáilíocht acadúil chuí aige nó aici

 

Beidh ar iarrthóirí foirm iarratais ar-líne a líonadh agus CV cuimsitheach móide litir ghearr clúdaigh a chur léi.

Le tuilleadh eolais a fháil faoi iarratas a dhéanamh téigh chuig www.sigmar.ie/udaras. Leis an bpost a phlé faoi rún, labhair le Robert Mac Giolla Phádraig ag +353 1 4744698 nó cuir rphost chuig rmacgp@sigmar.ie Is é an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais 5.00in an Aoine, 22 Iúil 2022.

 

Ba chóir d’iarratasóirí bheith ar an eolas go bhféadfadh agallaimh a bheith ar siúl ag tús mhí Lúnasa.

 

Is fostaitheoir comhionannais é Údarás na Gaeltachta agus is í an Ghaeilge a theanga oibre.

 

Fógra an Phoist