Bunáit AE socraithe suas ag Comhlacht mór le rá Ardán Teicneolaíochta ar an gClochán Liath

Dún na nGall ina lárionad ag gnólachtaí domhanda

26 Aibreán, 2022

nóiméad léite

Tá fáilte curtha ag Údarás na Gaeltachta roimh chinneadh chomhlacht ardán teicneolaíochta Pangea a mbunáit nua Eorpach a lonnú i gteic@Na Rosa ar an gClochán Liath ag cur leis an líonra digiteach gteic i nDún na nGall agus i gceantair Ghaeltachta na hÉireann.

Tá baill foirne an chomhlachta ag obair óna mbunáit nua cheana féin i gteic@Na Rosa i gcroílár an Chlocháin Léith agus tá sé beartaithe ag an gcomhlacht líon foirne a mhéadú faoi thrí ag an mol digiteach, a seoladh le gairid, sa dá bhliain amach romhainn. Is comhlacht ardán teicneolaíochta é Pangea a chuireann taithí fhairsing i raon réimsí ar fáil, lena n-áirítear fás gnó idirnáisiúnta, agus téann siad i gcomhpháirtíocht le comhlachtaí teicneolaíochta ar fud an domhain chun dlús a chur lena leathnú domhanda.

Cuirfidh láithreacht an chomhlachta ar an gClochán Liath le gnólachtaí sa bpríomhbhaile i nGaeltacht na Rosann i nDún na nGall. Chomh maith leis sin, ceadaíodh an Plean Teanga don Bhaile Seirbhíse Gaeltachta seo le déanaí, rud a chuirfidh le gníomhaíochtaí teanga-bhunaithe sa gceantar, ag cur leis an bpobal agus le gnólachtaí ann.

Chuir Anna Ní Ghallachair, Cathaoirleach Bhord Údarás na Gaeltachta, fáilte roimh fhógra Pangea:

“Thar ceann an Bhoird, ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le Pangea as a mbunáit Eorpach a bhunú ar an Chlochán Liath i gcroílár Ghaeltacht Dhún na nGall. Is léiriú é bunú chomhlacht domhanda dá leithéid sa ghréasán gteic ar chomh luachmhar is atá an líonra digiteach do phobail, do ghnólachtaí agus do Diaspóra na hÉireann ar fud na Gaeltachta.”

Dúirt Príomhoifigeach Oibriúcháin agus Comhbhunaitheoir Pangea, Rita Boyle:

“D’aithin muid an luach a bhain dul ag obair i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta maidir leis an suíomh ceart dár n-oifige nua a aithint i gteic@Na Rosa agus thugadar an-tacaíocht dúinn leis an phróiseas earcaíochta. Thug an eagraíocht tacaíocht dúinn I rith an ama ar fad agus creidim go láidir go bhfuil rath ár n-oifig nua agus an líon foirne ardscileanna de bharr Údarás na Gaeltachta agus an pobal áitiúil.”

Chuir Mícheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta fáilte roimh an nuacht chomh maith:

“Is ionann tiomantas Phangea a bhunáit AE a bhunú anseo i gcroílár Ghaeltacht Dhún na nGall agus vóta breise muiníne sa ngréasán gteic a bhfuil an-rath air. Léiríonn sé nach gcuireann láthair iargúlta bac ar ghnólachtaí maidir le deiseanna fáis agus forbartha. Cuireann an líonra gteic deiseanna follasacha ar fáil do chianobair agus do chumas Diaspóra na hÉireann filleadh abhaile chuig ceantair Ghaeltachta.”

Oibríonn Pangea le roinnt de na gnólachtaí is uaillmhianaí sa mhargadh, agus tá sé cruthaithe acu go tapa go bhfuil rath ar a samhail ghnó, tháinig fás 300% ar an ngnó anuraidh, tá oifigí bunaithe acu i margaí móra na hEorpa, sa Ríocht Aontaithe agus sna Stáit Aontaithe, agus tá sé beartaithe ag an gcomhlacht leathnú isteach san Áise go luath amach anseo.