Síníonn ETB Dhún na nGall agus Údarás na Gaeltachta Meabhrán Tuisceana

Rachaidh an caidreamh chun tairbhe don dá eagraíocht, don chontae agus don réigiún

21 Aibreán, 2022

nóiméad léite

Tá Meabhrán Tuisceana (MoU) cúig bliana sínithe ag Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (ETB) agus Údarás na Gaeltachta chun caidreamh a fhorbairt ina n-aithníonn an dá pháirtí a chéile mar eagraíochtaí comhpháirtíochta a rachaidh chun tairbhe don dá eagraíocht agus do Chontae Dhún na nGall agus réigiún an Iarthuaiscirt.

Cuireann sé le stair chomhoibrithe agus le comhpháirtíocht bhunaithe idir an dá eagraíocht a théann chun tairbhe an dá eagraíocht agus atá ag teacht le polasaí an Rialtais maidir le forbairt réigiúnach agus le cur chun cinn agus caomhnú na Gaeilge.

Sheol Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall a Ráiteas Straitéise 2022-2026 Feabhas ar an fhoghlaim — Feabhas ar an saol le déanaí, tá obair le comhpháirtithe ar cheann de thrí théama sa straitéis sin.
Tá lúcháir ar Anne McHugh, Príomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall an Meabhrán Tuisceana a shíniú le hÚdarás na Gaeltachta, agus dúirt:
“Tá an-tábhacht leis an obair idir Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall agus Údarás na Gaeltachta mar gur léir don dá eagraíocht na buntáistí a bhaineann leis an chomhoibriú sin don chontae. D’oibrigh an dá eagraíocht go maith le chéile i réimsí comhoibríocha faoi leith san am a chuaigh thart agus táimid ag tnúth le tógáil ar a bhfuil bainte amach go dtí seo agus leis na ceangail a neartú a thuilleadh sna blianta amach romhainn.”

Tá Plean Straitéiseach Údarás na Gaeltachta 2021 – 2025 bunaithe ar théamaí faoi leith atá lárnach don chur chuige a ghlacann an tÚdarás chun tacú le pobail bhríomhara a bhféiniúlacht féin a chruthú.
Chuir Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Mícheál Ó hÉanaigh, fáilte roimh shíniú an MoU le ETB Dhún na nGall ag rá:
“Tá áthas orainn an Meabhrán Tuisceana seo a shíniú idir ár n-eagraíocht agus Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall, daingneoidh an comhaontú ár gcaidreamh oibre láidir seanbhunaithe. Rachaidh an Meabhrán Tuisceana seo chun tairbhe na Gaeltachta agus an chontae ina iomláine. Tá an dá eagraíocht tiomanta a chinntiú go ndéanfar freastal ar riachtanais oiliúna agus oideachais na ndaoine i nGaeltacht Dhún na nGall chun na scileanna riachtanacha a sholáthar dóibh chun fostaíocht a fháil sa réigiún. Táimid ag comhoibriú freisin ar chláir a sholáthar chun cabhrú le hacmhainní na tíre a fhorbairt.”

Luíonn aidhmeanna na comhpháirtíochta le pleananna straitéiseacha agus ráitis straitéiseacha an dá eagraíocht. Ina measc seo tá obair le chéile chun deiseanna oiliúna agus oideachais a sholáthar trí líonra gteic agus líonra d’Ionaid ETB FET Dhún na nGall; forbairt eacnamaíoch agus cruthú post a chur chun cinn agus tacú leo trí oibriú le geallsealbhóirí chun aghaidh a thabhairt ar a riachtanais oideachais agus oiliúna; ag obair le chéile chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn agus acmhainní agus eolas a roinnt a rachaidh chun tairbhe na bpobal ar a bhfreastalaíonn siad trí fheabhas a chur ar sholáthar seirbhísí.
Freisin, cuirtear san áireamh oibriú le chéile ar thionscadail chomhleasa a bhfuil tairbhe leo ar son phobal Dhún na nGall; deiseanna don oideachas pobail ag an leibhéal áitiúil a chur chun cinn agus a éascú; pobail agus daoine aonair a spreagadh agus a chumasú agus an t-eolas agus na scileanna a sholáthar chun leas a bhaint as acmhainní nádúrtha an chontae, an geilleagar glas, cultúrtha, gorm agus digiteach ina measc agus oibriú le comhlachtaí Gaeltachta lena chinntiú go bhfuil na scileanna riachtanacha ag an bhfórsa oibre chun fás agus forbairt a dhéanamh agus ag obair le chéile chun printíseachtaí a chur ar fáil do phobal na Gaeltachta.

Bunófar Grúpa Pleanála Straitéisí agus tiocfaidh sé le chéile gach ráithe chun oibríocht agus forbairt straitéiseach na comhpháirtíochta a phlé thar na cúig bliana atá romhainn.