Mórtas Áite agus Cruthaitheacht – bunús gnó Frámaí Chonamara

Craobh Náisiúnta Chlár na gComhlachtaí buaite ag Scoil Phobail Mhic Dara

9 Aibreán, 2022

nóiméad léite

Ba iad Frámaí Chonamara, comhlacht nuabhunaithe as Scoil Phobail Mhic Dara, as Carna, Conamara, Co. na Gaillimhe a fógraíodh ina mbuaiteoirí ar Chraobh Náisiúnta de Chlár na gComhlachtaí Údarás na Gaeltachta 2022 a bhí ar siúl in Óstán Chósta Chonamara sna Forbacha, Co. na Gaillimhe inniu.

Déanfaidh daltaí Scoil Phobail Mhic Dara ionadaíocht ar son na hÉireann ag Comórtas Chomhlacht na Bliana Junior Achievement na hEorpa 2022 a reáchtálfar i dTaillinn, príomhchathair na hEastóine i mí Iúil i mbliana. Seo an ceathrú bliain go bhfuil deis ag buaiteoirí Chlár na gComhlachtaí Údarás na Gaeltachta a bheith páirteach i gCraobh Eorpach an Chomórtais.

Bhí iomaíocht ghéar idir 7 mionchomhlacht as Dún na nGall, Maigh Eo, Gaillimh, Corcaigh agus Ciarraí chun an Chraobh Náisiúnta a bhaint amach. Craobh náisiúnta aon lae a bhí i gceist i mbliana agus tháinig na daltaí le chéile don chéad uair le dhá bhliain anuas faoi aon díon amháin sna Forbacha ag cur a ngnó os comhair na moltóirí.

As an 750 dalta idirbhliana as ceantair Ghaeltachta i gCorcaigh, Gaillimh, Dún na nGall, Ciarraí, Maigh Eo, An Mhí agus Port Láirge a ghlac páirt sa gclár, seacht bhfoireann a roghnaíodh chun dul ar aghaidh go dtí an Chraobh Náisiúnta. Léiríonn an caighdeán a leag na buaiteoirí réigiúnacha síos go mbeidh cáil ar bhuaiteoirí Chlár na gComhlachtaí Údarás na Gaeltachta mar fhiontraithe críonna.

Is iad Dara Ó Cualáin, Stephen Breathnach, Ciara Áine Ní Mhaoilchiaráin, Clíona Ní Dhuinn agus Ciara Máire Ní Chualáin a bhunaigh Frámaí Chonamara.  Is frámaí pearsanta atá á ndéanamh ag an gcomhlacht seo le díol mar bhronntanais agus déantar sloinnte agus abairtí i nGaeilge a chur laistigh de fhrámaí le dearadh speisialta. Tá an-díol ar an táirge ó bunaíodh an gnó agus na tá frámaí á seoladh ar fud na hÉireann agus an domhain.  Fuair siad tacaíocht agus cúnamh óna múinteoir Róisín Ní Chonfhaola.

Bronnadh Duais Margaíochta agus Airgeadais ag comórtas na bliana seo ar Fhaoiseamh Farraige as Pobalscoil Chorca Dhuibhne, Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí. Is éard a dhéanann Faoiseamh Farraige ná slabhraí atá bunaithe ar na tránna áille timpeall ar leithinis Chorca Dhuibhne – tugann tránna faoiseamh don intinn mar sin bunaíodh an comhlacht le seodra a dhéanamh chun an nasc sin a chothú. Tá na slabhraí ceangailte le láithreán gréasáin trí chód QR, áit inar féidir teacht ar eolas, scéalta, agus pictiúir de na tránna.

Bronnadh an Duais Nuálaíochta ar Rabhchán Ola don Tanc as Gairmscoil Mhic Diarmada,  Árainn Mhór, Co. Dhún na nGall. – Is éard a dhéanann an gnó seo ná gaireas a léiríonn nuair atá leibhéal sa tanc ola imithe síos faoi mhéid áirithe. Tá solas ar an bpíopa tomhais agus tosaíonn an solas ag lonradh nuair a bhíonn an leibhéal ola sa tanc íseal.

Is taithí phraiticiúil ghnó atá i gClár na gComhlachtaí Údarás na Gaeltachta atá á fhorbairt agus á sheachadadh trí Údarás na Gaeltachta i gcomhar le Junior Achievement Ireland (JAI). Foghlaimíonn na daltaí cén chaoi lena ngnó féin a thosú agus faigheann siad treoir maidir leis an smaoineamh, taighde margaíochta, táirgeadh, margaíocht, díolachán agus airgeadas. Rinne oibrithe gnó áitiúla, feidhmeannaigh de chuid Údarás na Gaeltachta agus JAI in éineacht leis na múinteoirí scoile meantóireacht ar na daltaí.

Tar éis iomaíocht ghéar sna babhtaí réigiúnacha i gCiarraí, Corcaigh, Maigh Eo, Gaillimh agus Dún na nGall rinne foirne as

Gairmscoil Chú Uladh, An Clochán, Co. Dhún na nGall

Gairmscoil Mhic Diarmada, Árainn Mhór, Co. Dhún na nGall

Scoil Phobail Mhic Dara, Carna, Co. na Gaillimhe

Coláiste Pobail Acla, Acaill, Co. Mhaigh Eo

Pobalscoil Chorca Dhuibhne, Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí

Coláiste Ghobnatan, Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí

ionadaíocht chumasach thar ceann a gceantar ag an gCraobh Náisiúnta.

Ba iad Sinéad Ní Fhátharta as Údarás na Gaeltachta agus Bernie Ní Shúilleabháin as Telegael a bhí ag moltóireacht agus bhí siad an-tógtha le léiriú na ndaltaí thar na réimsí ar fad den chomórtas ach ba iad Frámaí Chonamara ó Scoil Phobail Mhic Dara a fuair an ceann is fearr ar na hiomaitheoirí eile leis an smaoineamh gnó nuálach agus a léiriú iomlán ar an lá.

Léiríonn taighde as an Eoraip maidir le daltaí a ghlacann páirt i ngníomhaíochtaí oideachais fhiontraíochta ar nós Clár na gComhlachtaí gur mó seans atá acu a ngnó féin a bhunú, agus is lú seans go mbeidh siad dífhostaithe agus níos minice bíonn siad i bhfostaíocht sheasta.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta Mícheál Ó hÉanaigh: “Ba mhór an spreagadh an oiread sin fiontraithe óga a fheiceáil ar ais le chéile ag Clár na gComhlachtaí Údarás na Gaeltachta 2022. Léirigh siad a gcuid comhlachtaí go paiteanta agus is cinnte go bhfuil an fhiontraíocht sa nGaeltacht slán sábháilte. Tá muid mórtasach as an tacaíocht a chuirtear ar fáil chun na daltaí a chumasú ó thaobh cúrsaí fiontraíochta agus sin á dhéanamh i gcomhar le Junior Achievement Ireland. Comhghairdeachas le na foirne ar fad agus na buaiteoirí Frámaí Chonamara as Scoil Phobail Mhic Dara as bhur ndúthracht agus bhur fonn fiontraíochta. Tá mé cinnte go spreagfaidh na hiarrachtaí seo fiontair sa nGaeltacht amach anseo.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Junior Achievement Ireland Helen Raftery: “Tá ríméad orainn a bheith le chéile in aon seomra amháin tar éis dhá bhliain d’imeachtaí fíorúla.  Ba léir ón obair chrua a cuireadh ar taispeáint agus éirim na ndaltaí an tairbhe a bhaineann leis an gclár agus an taithí phraiticiúil a chuirtear ar fáil do dhaoine óga ar fud na Gaeltachta.  Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le hÚdarás na Gaeltachta, leis na múinteoirí agus na meantóirí gnó as ucht na deiseanna foghlama seo a chur ar fáil do na daltaí. Comhghairdeachas le Frámaí Chonamara as Scoil Phobail Mhic Dara, Carna, buaiteoirí Chlár na gComhlachtaí Údarás na Gaeltachta 2022. Beidh an fhoireann ag déanamh ionadaíochta ar son na hÉireann ag Comhlacht na Bliana Chomórtas JA na hEorpa, 2022.”