Gnó ar an gClochán Liath á chur chun cinn agus gteic@Na Rosa á sheoladh

1 Aibreán, 2022

nóiméad léite

Osclófar mol nuálaíochta agus digiteach nua ar chaighdeán ard, gteic@Na Rosa, go hoifigiúil ar an gClochán Liath inniu (01.04.2022) agus é ar cheann den 27 ionad gteic atá oscailte nó ar tí oscailte sa nGaeltacht faoi lár na bliana seo.

Is é Príomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit Gaeltachta agus Spóirt Jack Chambers T.D., i gcuideachta Chathaoirleach Údarás na Gaeltachta, Anna Ní Ghallachair, a dhéanfaidh an ribín a ghearradh ar an mol de 264 méadar cearnach a bheidh mar chuid de Ghréasán Digiteach na Gaeltachta – gréasán de os cionn 30 mol nuálaíochta agus digiteach le leathanbhanda ardluais á bhforbairt ag Údarás na Gaeltachta in ionaid ar fud na Gaeltachta.

Tá 18 spás oifige comhroinnte, le ceithre oifig agus ceaintín ar fáil sa mol digiteach seo. Beidh úsáideoirí gteic@Na Rosa in ann tairbhe a bhaint as na háiseanna atá ar fáil sa bhfoirgneamh cheana féin cosúil le seomra cruinnithe agus caifé ó tharla é a bheith os cionn an ollmhargaidh, siopa éadaí, caifé agus mionshiopaí eile atá sa aonad leis.  Tá cumas leathanbhanda gigithiotáin ann chomh maith le háiseanna cruinnithe agus físchomhdhála, bothanna teileafóin agus spásanna cruthaitheachta comhroinnte ar fáil san ionad nua seo.

Tá éiceachóras digiteach gteic ag fás go tréan agus ag soláthar deiseanna iontacha do chomhlachtaí nuatheicneolaíochta iad féin a bhunú nó a lonnú i gceantair tuaithe Ghaeltachta agus bainfidh fostaithe tairbhe as an gcaighdeán saoil iontach atá ar fáil i gceantair áille ar nós na Rosann.  Gné uathúil a bhaineann leis an ngréasán gteic ná go bhfuil sé á fhorbairt agus á fheidhmiú ar bhonn comhoibríoch leis an bpobal áitiúil sna ceantair tuaithe seo. Is iad Comharchumann Theampall Chróine a dhéanfaidh gteic@Na Rosa a bhainistiú thar ceann Údarás na Gaeltachta.

Ag labhairt dó agus é ag oscailt an ionaid dúirt Príomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit Gaeltachta agus Spóirt Jack Chambers T.D.:

“Tá ríméad orm a bheith anseo ar an gClochán Liath agus gteic@Na Rosa á oscailt inniu.  Is áis iontach é an mol digiteach seo don cheantar a chuirfidh go mór le na deiseanna atá ar fáil ann.  Tá forbairt mar seo thar a bheith tráthúil leis na féidearthachtaí nua atá tagtha chun cinn maidir leis an gcianobair.”

Chuir Cathaoirleach Bhord an Údaráis Anna Ní Ghallachair leis an méid sin:

“Tá lúcháir orm a bheith anseo inniu ag seoladh oifigiúil gteic@Na Rosa agus mol digiteach eile oscailte agus ag feidhmiú i gteic - Gréasán Digiteach na Gaeltachta.  Is cinnte go rachaidh an t-aonad seo chun tairbhe don cheantar ó thaobh cúrsaí eacnamaíochta agus fostaíochta de agus cuirfear le cúrsaí teanga sa cheantar freisin agus an baile ainmnithe mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta le gairid.”

Ag labhairt dó dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Mícheál Ó hÉanaigh:

“Tá an-áthas orainn in Údarás na Gaeltachta an mol iontach, nua-aimseartha, nuálach agus tarraingteach seo a fhorbairt laistigh dár ngréasán gteic. Beidh gteic@Na Rosa ina chuid de ghréasán bríomhar le háiseanna leathanbhanda ar ardluais atá á bhforbairt ar fud na Gaeltachta.  Tacóidh an fhorbairt seo le poist a chruthú, deiseanna a chur ar fáil do chianoibrithe agus cuirfidh sé ar chumas Dhiaspóra na Gaeltachta filleadh agus dul i mbun an tsaoil sa mbaile.”

Tá gteic@Na Rosa ar cheann de naoi gcinn de mhol digiteach atá á bhforbairt ag Údarás na Gaeltachta i nGaeltacht Dhún na nGall agus seoladh gteic@An Tearmann go hoifigiúil ag tús na seachtaine chomh maith.