Stair ársa na Fíodóireachta in Iardheisceart Dhún na nGall le bailiú

14 Márta, 2022

nóiméad léite

Tá stair fhada ag Údarás na Gaeltachta ag obair le comhlachtaí agus lucht fíodóireachta. Tá scoth na dteicstílí á gcruthú in iardheisceart Dhún na nGall agus ceird na fíodóireachta go smior sna daoine agus sna pobail sna ceantair sin agus cáil dhomhanda ar na táirgí a dhéantar ann. Leis an oidhreacht ársa a bhaineann leis an earnáil sin a chaomhnú, tá Údarás na Gaeltachta ag lorg léirithe suime ó dhaoine / eagraíochtaí ar suim leo scéal na fíodóireachta in Iardheisceart Dhún na nGall a bhailiú, a eagrú agus a chur le chéile.

Is earnáil thábhachtach í earnáil na teicstíle agus na fíodóireachta atá fós ag cruthú fostaíochta agus ag coinneáil an traidisiúin beo in Iardheisceart Dhún na nGall agus is earnáil í atá lárnach d’obair an Údaráis sa cheantar.

Tá Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (ETB) ag reáchtáil cúrsa i scileanna fíodóireachta i gCill Charthaigh faoi láthair chun tacú leis an earnáil tuilleadh. Ba mhaith le hÚdarás na Gaeltachta agus an ETB eolas níos cuimsithí a bhailiú agus a chur in eagar i dtaca leis an dlúthbhaint a bhí agus atá ag Iardheisceart Dhún na nGall le scéal na fíodóireachta.

Beifear ag iarraidh go ndíreoidh iarratasóirí ar ghnéithe macasamhail: stair na fíodóireachta i nGaeltacht Iardheisceart Dhún na nGall, an comhthéacs stairiúil i dtaca le forbairt scileanna agus ábhair, scéal na holann agus cuid den tseanchas a bhain leis, príomhghníomhairí stairiúla i bhforbairt na fíodóireachta sa gceantar:
• Scéal Neil McNelis, Ard an Ratha, a ghnó McNelis & Co (1870 – 1903).
• Beartais Bhord na gCeantar Cúng.
• Scéal Mrs Alice Harte in(1884) i bhforbairt na fíodóireachta.
• Scéal Alexander Morton & Co., a bhunaigh ceithre chomhlacht fíodóireachta cairpéid agus a d’fhostaigh 600 duine idir 1901 agus 1904, ar Na Cealla Beaga, i gCill Charthaigh, in Anagaire agus i Monarcha Chroithlí.
• An bhaint a bhí ag an Teachta Dála, Micheal Óg Mac Pháidín, as Cill Charthaigh, leis an sníomh a thabhairt go Cill Charthaigh.
Agus beifear ag iarraidh chomh maith mar chuid den léiriú suime eolas faoi Ghaeltarra Éireann agus Údarás na Gaeltachta i bhforbairt na hearnála teicstíle – stair a théann i bhfad siar ach stair a chuaigh chun tairbhe na gceantar agus na gcomhlachtaí ina raibh an earnáil sin gníomhach.

Is féidir eolas breise a fháil anseo agus tá iarratais le bheith istigh ag an 16.00 an 5ú Aibreán 2022.