Ráiteas ó Chruinniú Boird Údarás na Gaeltachta – 11ú Márta 2022

11 Márta, 2022

nóiméad léite

Tacaíocht Ceadaithe do 35 Post Nua Gaeltachta

Ceadaíodh tacaíocht do 35 post nua Gaeltachta ag an gcéad chruinniú de chuid Bord Údarás na Gaeltachta ó cuireadh deireadh le srianta COVID-19.  Tionóladh an cruinniú i gteic@Gaoth Dobhair ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall inniu (11/03/2022).  Ag an gcruinniú labhair Cathaoirleach Údarás na Gaeltachta Anna Ní Ghallachair thar ceann an Bhoird agus dúirt “Tá sé deas a bheith i bhfochair a chéile arís agus srianta COVID-19 ardaithe.” Labhair sí chomh maith ar ócáid insealbhaithe Mhairéad Ní Mhaonaigh mar ealaíontóir cónaithe i gteic@Gaoth Dobhair “Tá sé iontach go mbeidh amhráin ar an sean-nós á gcur ar fáil do dhaoine anseo i gteic@Gaoth Dobhair.”

  

Tacaíocht do 35 post nua ceadaithe le hinfheistíocht suas le €1.4m i gcomhlachtaí Gaeltachta

Cheadaigh Bord Údarás na Gaeltachta líon tograí inniu (11/03/2022) ina mbeidh 35 post nua lánaimseartha á gcruthú iontu agus infheistíocht suas le €1.4m ag baint leo idir infheistíocht phríobháideach agus tacaíocht Stáit nuair atá na tograí sin faoi lán seoil. Is le tacaíocht a thabhairt do chomhlachtaí Gaeltachta i gContaetha na Gaillimhe, Mhaigh Eo agus Dhún na nGall a bhain formhór na dtograí a bhfuil fostaíocht nua le cruthú iontu.

 

Ciste €180,00 ceadaithe chun tacú le comhlachtaí dul i mbun digitithe

Ag Cruinniú Boird de chuid an Údaráis inniu ceadaíodh ciste de €180,000 chun Scéim Dearbhán Digitiú a chur ar fáil do 20 chomhlacht Gaeltachta.  Cuirfidh an scéim seo, a mbeidh uasmhéid nach mó ná €9,000 nó 100% den chaiteachas incháilithe i gceist léi, tacaíocht ar fáil do chomhlachtaí chun cúrsaí digiteacha a chur chun cinn.  Beidh comhlachtaí in ann an dearbhán a úsáid chun straitéis dhigiteach, seirbhís theicniúil a chur in áit agus/nó seirbhís chomhairleach a fháil ó shaineolaithe aitheanta chun plean bunaithe ar riachtanais an chomhlachta a fhorbairt. Cuirfidh an scéim deis ar fáil do chomhlachtaí forbairt bhreise a dhéanamh agus tuilleadh fostaíochta a chruthú de réir mar atá na straitéisí digiteacha agus seirbhísí teicniúla á gcur i bhfeidhm.