Mairéad Ní Mhaonaigh Insealbhaithe ina hEalaíontóir Cónaithe i gteic@Gaoth Dobhair

7 Márta, 2022

nóiméad léite

Insealbhaíodh an ceoltóir iomráiteach Mairéad Ní Mhaonaigh ina hEalaíontóir Cónaithe i gteic@Gaoth Dobhair ag ócáid mhór ceoil agus comhrá ar an Aoine.  Is é seo an chéad uair riamh a raibh ealaíontóir cónaithe sa mol nuálaíochta agus digiteach seo agus go deimhin i ngréasán gteic. Is deis faoi leith a bheidh anseo ceol traidisiúnta ársa na hÉireann a bheith le cloisteáil i dtimpeallacht fiontraíochta gteic@Gaoth Dobhair ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair agus cé go bhfuil cúrsaí ealaíona á gcur chun cinn le fada an lá is cur chuige nua atá anseo agus an péire á nascadh ar bhunús nua.

Is coincheap nuálach agus cruthaitheach atá i gceist leis na ngréasán moil digiteacha gteic atá á fhorbairt in os cionn 30 láthair éagsúil ar fud na Gaeltachta. Gné nua spreagúil atá sa gceapachán seo don ghréasán a bhfuil sé mar mhanna aige a bheith mar ‘áit a gcruthaíonn cultúr cruthaitheacht’. Beidh cultúr na hÉireann i lár an aonaigh i ngréasán gteic ag tabhairt daoine ó chultúir agus ó theangacha éagsúla le chéile faoi aon díon amháin ag craobhscaoileadh a thábhacht agus a bhrí i dtimpeallacht nuálach obair chomhionaid.

Is cinnte go dtabharfaidh timpeallacht gteic@Gaoth Dobhair agus cur chuige Mhairéad maidir lena ceapachán spreagadh don phobal a bheidh ag freastal ar an ionad maidir le cultúr, teanga agus cúrsaí dúchais na Gaeltachta. Beidh ról an Ealaíontóra Cónaithe i gteic@Gaoth Dobhair lárnach maidir le tacú agus naisc a fhorbairt leis an ngeilleagar, leis an gcultúr agus leis an bpobal.

Ag labhairt di ag an ócáid cheapacháin dúirt Ealaíontóir Cónaithe nua gteic@Gaoth Dobhair Mairéad  Ní Mhaonaigh:

“Is onóir mhór dom a bheith insealbhaithe mar Ealaíontóir Cónaithe anseo sa gteic i mo cheantar dúchais féin anseo i nGaeltacht Dhún na nGall.  Is deis iontach a bheidh ann cultúr cheol traidisiúnta na hÉireann a scaipeadh ar na pobail ar fad a thagann tríd na doirse anseo agus é a roinnt leis an chéad ghlúin eile. Is ceapachán dearfach atá anseo do phobal na n-ealaíon san ceantair Ghaeltachta agus tá lúcháir orm a bheith ar an gcéad Ealaíontóir Cónaithe sa ngréasán gteic.”

Labhair Cathaoirleach Bhord Údarás na Gaeltachta Anna Ní Ghallachair maidir leis an gceapachán:

“Is lá stairiúil é seo d’Údarás na Gaeltachta agus don gréasán gteic, léiriú fosta atá sa lá inniu ar shaibhreas an cheoil thraidisiúnta atá go smior i Mairéad Ní Mhaonaigh, ceoltóir agus amhránaí a bhfuil cáil náisiúnta agus domhanda uirthi agus bean a chuireann a ceantar agus a teanga dúchais chun cinn i gcónaí.  Saibhreoidh a ról mar Ealaíontóir Cónaithe i gteic@Gaoth Dobhair an timpeallacht sin agus na daoine a bheidh ag freastal ar imeachtaí, ranganna agus ócáidí ann.”

Chuir Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta Mícheál Ó hÉanaigh fáilte roimh an gceapachán:

“Is mór an onóir dúinn ceoltóir den scoth ar nós Mhairéad Ní Mhaonaigh a bheith ar an gcéad Ealaíontóir Cónaithe i gteic@Gaoth Dobhair.  Cuirfidh sí traidisiún an cheoil Ghaelaigh os comhair bhaill an gteic, an ghréasáin ar fad agus os comhair an phobail agus cinnteoidh sí go bhfuil nasc agus gaol á chothú idir an eacnamaíocht, an pobal agus cultúr, teanga agus na healaíona gnéithe atá lárnach d’obair Údarás na Gaeltachta."

Tá Mairéad Ní Mhaonaigh sáite i saoil an cheoil agus i saol chultúr Dhún na nGall.  Rugadh agus tógadh í i gceantar Gaeltachta Ghaoth Dobhair agus is ann a d’fhoghlaim sí amhráin agus ceol óna muintir agus a comharsana. Beidh réimse de ghníomhaíochtaí á reáchtáil ag Maireadh i gteic@Gaoth Dobhair do phobal an gteic, pobal na Páirce Gnó, pobal ghréasán gteic agus an pobal níos leithne. Bíonn Mairéad ag obair le haos óg an cheantair sa Chrannóg agus le fidléirí óga an chontae i gceardlann bhliantúil Chairdeas na bhFidléirí.

I measc ghníomhaíochtaí Mhairéad beidh sí ag reáchtáil seisiúin amhránaíochta, tabharfaidh sí leachtanna bunaithe ar cheol agus ar thraidisiún an cheantair, agus beidh ócáidí comhrá á reáchtáil aici leis na comhlachtaí lonnaithe i gteic@Gaoth Dobhair.

Is as Gaoth Dobhair do Mhairéad Ní Mhaonaigh, fidléir agus amhránaí clúiteach leis an ngrúpa Altan. Bronnadh Gradam Ceoil TG4 ar Cheoltóir na Bliana uirthi in 2017. Beidh léacht a reáchtáil ag Mairéad an 11 Márta a bheidh bunaithe ar chultúr ceoil cheantar Ghaoth Dobhair.