Táirgeoirí bia na Gaeltachta le cumasú

Éilimh féideartha na hearnála bia á mheas ag Údarás na Gaeltachta

4 Márta, 2022

nóiméad léite

Tá athbhreithniú ar siúl ag Údarás na Gaeltachta ar earnáil an bhia sa nGaeltacht agus súil ag an eagraíocht plean forbartha a chur le chéile bunaithe ar éilimh na hearnála don todhchaí. Chuige sin, tá próiseas léirithe spéise fógartha ag Údarás na Gaeltachta do chomhlachtaí nó daoine atá ag forbairt táirgí bia nó a bhfuil smaoineamh acu chun gnó bia a bhunú.
Táthar ag súil go dtacóidh na léirithe spéise leis an eagraíocht, faoi chaolach bhranda Ghaeltacht na hÉireann, plean forbartha oiriúnach a ullmhú a bheidh bunaithe ar mheasúnú ar éileamh na hearnála do spás ullmhaithe bia, déantúsaíochta, tástála, pacáistíochta agus áiseanna eile atá de dhíth chun taighde agus nuálaíocht san earnáil a chumasú.

Tá cáil dhomhanda ar ardchaighdeán táirgí bia agus deoch na Gaeltachta agus gradaim náisiúnta agus idirnáisiúnta ar nós Gradaim Bhlas na Éireann, World Cheese Awards agus World Spirits Awards faighte ag cuid de na táirgí. Tá aithne fhorleathan ar fheabhas na dtáirgí Gaeltachta ar fud an domhain ina measc subh Fholláin agus Macroom Buffalo Cheese as Múscraí, Dingle Gin as Ciarraí, Oisrí Harty agus Mheitheal Trá na Rinne as Port Láirge, Salann Mara Acla i nGaeltacht Mhaigh Eo, Cáis Gabhair Árann nó anlainn an Bhuilín Blasta nó bradáin Chill Chiaráin Éisc i gConamara agus uisce beatha Shliabh Liag agus Chroithlí i nGaeltacht Dhún na nGall.

Tá díol náisiúnta agus idirnáisiúnta ar na táirgí seo chomh maith rud a léiríonn an barr feabhais atá bainte amach sa réimse seo ag comhlachtaí bia na Gaeltachta.

Creideann Údarás na Gaeltachta gur féidir tógáil air seo agus cuidiú le daoine aonair agus comhlachtaí beaga agus móra tabhairt faoi fhorbairtí breise san earnáil seo. Ceann de na dúshláin is mó atá roimh chomhlachtaí táirgthe bia ná spás a aimsiú atá oiriúnach do phróiseáil bia agus iad a bheith feistithe amach chun rialacha reachtúla a chomhlíonadh. Tá Údarás na Gaeltachta ag déanamh measúnú ar an bhféidearthacht moil bia a fhorbairt sna ceantair Ghaeltachta is mó éilimh dóibh chun timpeallacht thacúil a chur ar fáil inar féidir le gnólachtaí nua agus reatha a gcuid smaointe gnó in earnáil an bhia a thráchtálú.

Ag labhairt faoin léiriú spéise dúirt Príomhfheidhmeannach an Údaráis Mícheál Ó hÉanaigh:

“Le blianta fada anuas tá sé cruthaithe ag comhlachtaí bia agus deoch na Gaeltachta go bhfuil caighdeán ag a gcuid táirgí. Tá an tÚdarás ag iarraidh an deis a thapú tacú le daoine a bhfuil smaoineamh acu gnó bia a bhunú nó dreamanna eile a bhfuil deacrachtaí áiseanna acu atá ag iarraidh dul chun cinn. Rachaidh a leithéid de thogra mar mhoil bia chun leasa na bhfiontar seo agus an ceantar ina bhfuil sé lonnaithe, ag cur borradh faoi chúrsaí tráchtála agus sóisialta sa gceantar.”

Táthar ag súil go mbeidh tionchar ag na moil bhia seo maidir le fostaíocht a spreagadh, líon na bhfiontar beag agus meánmhéide a mhéadú, breis infheistíochta a mhealladh chuig an earnáil agus chuig an réigiún agus líon na n-earraí agus seirbhísí a chuirtear ar fáil sa gceantar a mhéadú chomh maith.
Is féidir foirm Léirithe Spéise a fháil anseo agus a sheoladh ar ais roimh an 1ú Aibreán 2022.