Tús áite do Ghlór Ghlúin Z na Gaeltachta

Údarás na Gaeltachta ag cumasú agus ag neartú aos óg na Gaeltachta

24 Feabhra, 2022

nóiméad léite

Tá coincheap agus cur chuige nua eiseamláireach óige, Glúin Z, á sheoladh ag Údarás na Gaeltachta ag féachaint le haos óg na Gaeltachta a chumasú chun go mbeidh a nglór lárnach i bhforbairt deiseanna dóibh féin amach anseo.

Mar phríomhsprioc ar an togra Glúin Z, beidh deis á sholáthar d’aos óg na Gaeltachta a bhféiniúlacht Ghaeltachta a fhorbairt agus a threisiú i sochaí nua-aimseartha na Gaeltachta. Tá sé mar sprioc ag Glúin Z teacht ar bhealaí nuálacha le teanga agus cultúr na Gaeltachta a chur chun cinn i measc an óige agus dul i bhfeidhm orthu ó thaobh na Gaeilge de trí dheiseanna agus ‘spásanna’ nua a fhorbairt agus a chruthú dóibh le ceangal a dhéanamh agus caidrimh a chothú in ábhar a bhfuil sainspéise faoi leith acu féin ann.

Ar an gcéad chéim de thogra Ghlúin Z tá Údarás na Gaeltachta ag reáchtáil an Chomhdháil Glúin Z: Ag Cumasú Ghlúin Óg na Gaeltachta, a thabharfaidh léargas ar thorthaí taighde a choimisiúnaigh an eagraíocht maidir le cultúr óige sa nGaeltacht agus a léireoidh samplaí de dheiseanna spreagúla a d’fhéadfadh a bheith i gcur chuige neartaithe teanga atá dírithe ar ghlúin óg na Gaeltachta.

Táthar ag súil le comhghuaillíocht le páirtithe leasmhara a bhunú mar chuid den togra seo agus tá sé mar sprioc ag an gcomhdháil seo deiseanna féidearthachta a chur os comhair an lucht freastail chomh maith le cloisteáil ó eagraíochtaí eile a mbeadh suim acu a bheith páirteach sa gcur chuige seo.

Ag labhairt di maidir leis an gcur chuige neartaithe teanga dúirt Cathaoirleach Bhord Údarás na Gaeltachta Anna Ní Ghallachair:

“Thar ceann an Bhoird, cuirim fáilte mhór roimh an taighde seo faoi chultúr óige na Gaeltachta a bheidh á chur i láthair ag Comhdháil Ghlúin Z.  Léirigh torthaí an taighde go dteastaíonn glór na glúine óige agus féiniúlacht Ghaeltachta an aoisghrúpa sin a chur chun cinn.  Mar chuid de thogra Ghlúin Z déanfar cumasú agus neartú ar ghlúin óg na Gaeltachta trí dheiseanna agus trí ghníomhaíochtaí éagsúla agus beidh gach aon aoisghrúpa ag cur an glór sin chun cinn trí pháirtithe leasmhara agus Glúin Z iad féin de réir mar atá an togra á chur i bhfeidhm agus deiseanna agus gníomhaíochtaí neartaithe teanga ag teacht chun cinn chomh maith. Tabharfaidh coincheap agus cur chuige Ghlúin Z spreagadh do cheannairí óga na Gaeltachta tabhairt faoi dheiseanna atá ar fáil i nGaeilge sa Ghaeltacht ó thaobh an chultúir, cúrsaí timpeallachta agus na meáin de – deiseanna a rachaidh chun sochair phobail na Gaeltachta amach anseo.”

Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Mícheál Ó hÉanaigh:

“Is deis iontach a bheidh sa taighde a cuireadh i gcrích mar chuid de Ghlúin Z chun na páirtithe leasmhara a thabhairt le chéile agus glór ghlúin óg na Gaeltachta a chur chun cinn le chéile.  Tá obair mhór á déanamh le fada an lá maidir le cúrsaí óige sa nGaeltacht ach léiríonn an taighde seo go beacht céard atá uaidh ghlúin óg na Gaeltacht agus na réimsí ar fad gur féidir dul chun cinn agus forbairt a dhéanamh iontu. Is síol a chuirfear le Comhdháil Ghlúin Z agus súil go bhforbrófar coincheap an togra de réir mar atá Glúin Z ag teacht faoi bhláth.”

 

Clárú

Is féidir clárú do chomhdháil Ghlúin Z anseo.