Comhpháirtíocht straitéiseach nua bunaithe ag Údarás na Gaeltachta agus Fáilte Ireland

14 Feabhra, 2022

nóiméad léite

11/02/2022 Repro free: Micheál Ó hÉanaigh, CEO, Údarás na Gaeltachta, Anna Ní Gallachair, chair, Údarás na Gaeltachta,Miriam Kennedy, Head of Wild Atlantic Way, Fáilte Ireland and Paul Keeley, Regional Director, Fáilte Ireland at the signing of a memorandum of agreement between the Údarás na Gaeltachta and Fáilte Ireland. Photo:xposure

Tá tús curtha le comhpháirtíocht straitéiseach idir Údarás na Gaeltachta agus Fáilte Ireland inniu (14ú Feabhra 2022) tar éis dóibh Meabhrán Tuisceana a shíniú a dhéanann cur síos ar a dtiomantas a chinntiú go mbeidh eispéireas na Gaeltachta cuí, tarraingteacht agus go mbeidh fáil ag cuairteoirí ar a leithéid.  Tríd an gcomhaontú foirmeálta seo, beidh na heagraíochtaí ag obair le chéile thar réimse tosaíochtaí ó thaobh cúrsaí forbartha turasóireachta ina measc tionscnaimh caipitil, an acmhainn tógála laistigh d’earnáil na turasóireachta agus ag tacú le forbairt táirgí turasóireachta a dtaispeánann an cultúr faoi leith atá ar fáil i réigiúin Ghaeltachta na hÉireann.

Ag cur fáilte roimh shíniú an Meabhrán Tuisceana, dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spórt agus Meán Catherine Martin TD:

“Is ceannairí iad Fáilte Ireland agus Údarás na Gaeltachta araon i dtaobh cuspóirí beartas náisiúnta maidir le forbairt réigiúnach a bhaint amach agus béim ar leith acu ar an leas is mó a bhaint as deiseanna chun forbairt na turasóireachta, na Gaeilge agus an chultúir a threisiú. Tá eispéireas ar leith cultúir ar fáil i réigiúin Ghaeltachta na tíre, ina bhfuil saibhreas ceoil, teanga, ealaíne agus damhsa - leagtar amach creat leis an Meabhrán Tuisceana seo don dá eagraíocht cuspóirí i gcoiteann a sheachadadh agus beidh sé sin tábhachtach i dtaobh turasóireacht a fhorbairt sna réigiúin Ghaeltachta.”

Chuir an tAire Stáit don Ghaeltacht agus don Spórt Jack Chambers TD fáilte roimh an bhfógra:

“Tugann síniú Mheabhrán Tuisceana idir Údarás na Gaeltachta agus Fáilte Éireann an dá dhream is mó a thacaíonn le cúrsaí turasóireachta sa nGaeltacht le chéile agus is cinnte go dtabharfaidh an chomhpháirtíocht seo cúnamh don earnáil teacht aici féin agus borradh a chur fúithi tar éis dhá bhliain chrua.  Tá cuid de na radhairc is áille sa tír le fáil sa nGaeltacht le pobail a chuireann fáilte mhór roimh chuairteoirí, agus tacóidh an meabhrán seo é seo a neartú agus a fhorbairt tuilleadh sna blianta atá romhainn.”

Ag labhairt di maidir leis an gcomhpháirtíocht nua idir an eagraíocht agus Fáilte Éireann dúirt Anna Ní Ghallachair, Cathaoirleach Bhord Údarás na Gaeltachta:

“Thar ceann an Bhoird, cuirim fáilte mhór roimh an gcomhaontú nua seo idir Údarás na Gaeltachta agus Fáilte Éireann, agus muid beirt ag cur cúrsaí turasóireachta chun cinn ar fud na Gaeltachta ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin.  Cuirfidh an chomhpháirtíocht seo go mór leis na pobail atá ina gcónaí sna ceantair ghalánta seo agus cuideoidh sí go mór leis an earnáil agus í iad ag teacht chuici féin tar éis na paindéime.  Tá an Bord tiomanta do na hacmhainní cuí a bheith ar fáil chun tacú leis an earnáil thábhachtach seo don Ghaeltacht.”

Dúirt Stiúrthóir Fhorbairt Réigiúnach Fháilte Éireann Paul Keeley:

“Is éard atá i gceist leis an lá inniu ná féachaint i dtreo thodhchaí na turasóireachta i réigiúin Ghaeltachta na tíre. Neartóidh an Meabhrán Tuisceana foirmiúil seo an caidreamh atá ann idir Údarás na Gaeltachta agus Fáilte Ireland, caidreamh a cothaíodh eatarthu le blianta beaga anuas, agus beidh sé sin fíorthábhachtach de réir mar a oibrímid i dtreo téarnamh a bhaint amach. Táimid ag súil le bheith ag leanúint de bheith ag obair le chéile chun ár dtosaíochtaí straitéiseacha a thabhairt le chéile agus an tréimhse ama a chaitheann cuairteoirí sna réigiúin sin a mhéadú, ag tacú le hioncam a ghiniúint agus jabanna a chruthú i bpobail áitiúla.”

Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Mícheál Ó hÉanaigh:

“Tá Údarás na Gaeltachta ríméadach an Meabhrán Tuisceana seo a bhunú le Fáilte Éireann rud a chinnteoidh go mbeidh Comhpháirtíocht Straitéiseach i bhfeidhm a rachaidh chun leasa chuile dhuine sna blianta atá le theacht.  Is comhpháirtíocht thar a bheith tábhachtach atá anseo agus cuirfidh sé ar chumas an dá eagraíocht ár gcaidreamh agus na cuspóirí céanna a roinneann muid maidir le forbairt na turasóireachta sa nGaeltachta a chur chun cinn.  Tá forbairt straitéiseach na turasóireachta sa nGaeltacht ar cheann de na tosaíochtaí atá leagtha amach inár bPlean Straitéiseach 2021 – 2025 agus is dea-scéala é go mbeidh an dá eagraíocht ag obair le chéile go straitéiseach chun cabhrú le hearnáil na turasóireachta sa nGaeltacht téarnamh a dhéanamh agus ag cur le táirge turasóireachta na hÉireann ina iomláine.”