Ionad Forbartha agus Nuálaíochta Mara seolta ag Údarás na Gaeltachta

Taighde, tástáil agus forbairt fiontair mara ar bhunchuspóirí ‘Nua na Mara’

4 Feabhra, 2022

nóiméad léite

Pretend Alt tag
Pretend Alt tag

Tá Nua na Mara, ionad forbartha agus nuálaíochta mara atá dírithe ar an margadh, seolta ag Údarás na Gaeltachta i gteic@Carna i gConamara Láir. Cuirfidh Nua na Mara sainoiliúint agus tacaíochtaí forbartha gnó ar fáil chun cúrsaí tráchtála tháirgí mara a chur chun cinn ag laghdú aon bhearna idir an nuálaíocht, cur i bhfeidhm, coincheap agus tráchtálú.

D’aimsigh Údarás na Gaeltachta agus roinnt geallsealbhóirí eile maoiniú de €2m ó Chiste Forbartha Eacnamaíochta Tuaithe (REDF) Fhiontraíocht Éireann in 2018 chun Nua na Mara a bhunú mar ghné lárnach de thionscnamh Pháirc na Mara chun spás fiontraíochta agus gorlainne 1,800 méadar cearnach a chur ar fáil d’fhiontair mhara.

Déanfaidh Nua na Mara áiseanna taighde, tástála agus forbartha fiontraíochta den chéad scoth a chuireann GMIT agus OÉ Gaillimh chomh maith leis an ngréasán gteic ar fáil a chomhtháthú agus a fhorbairt d’earnáil na mara.  Déanfaidh an t-ionad clár comhoibríoch de shainthacaíochtaí agus d’ionchuir forbartha a chomhordú chomh maith i gcomhpháirtíocht le BIM, Foras na Mara, na Boird Oideachais agus Oiliúna, Skillsnet agus páirtithe leasmhara réigiúnacha eile. Cuirfidh Nua na Mara leis an gcaidreamh láidir agus leis an Meabhrán Tuisceana atá ann cheana le Fiontraíocht Éireann.

Ag labhairt faoin seoladh dúirt Anna Ní Ghallachair, Cathaoirleach Bhord Údarás na Gaeltachta:

“Tacóidh Nua na Mara, an t-ionad forbartha agus nuálaíochta mara atá bunaithe ag Údarás na Gaeltachta, le hearnáil na mara i gceantar Iorras Aithneach agus leis an earnáil ar chósta thiar na hÉireann.  Tabharfar tacaíocht ó thaobh saineolais agus gnó do chomhlachtaí nuálacha dul chun cinn a dhéanamh maidir le cúrsaí mara sa Ghaeltacht agus an leas is fearr á bhaint as na hacmhainní nádúrtha atá ar fáil sa réigiún sin.  Cuirfidh an t-ionad go mór leis an phobal agus le cúrsaí gnó sa cheantar Gaeltachta seo.”

Dúirt Mícheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta:

“Cabhróidh Nua na Mara le cúrsaí in earnáil na mara a thabhairt chuig leibhéal eile ó thaobh na tráchtála de, ag éascú taighde, tástáil agus forbairt fiontair san earnáil agus cinnteoidh sé go bhfuil inmharthanacht i gceist san earnáil sin chomh maith.  Cé go bhfuil moill ar thionscnamh Pháirc na Mara beidh gnéithe agus coincheapa nuálacha san earnáil sin ag teacht chun cinn, go háirithe leis dea-scéala maidir le forbairt ché domhain mhara ag Calafort Ros an Mhíl le déanaí - rud a chinnteoidh nach mbeidh ceantair Ghaeltachta an iarthair taobh thiar ó thaobh na tráchtála mara de.”

Tá bainisteoir forbartha gnó ceaptha chun dul i mbun forbartha ar Nua na Mara, a bheidh tiomanta tacú le gnóthaí, gnóthaí nua thionscanta, nuálaithe agus taighdeoirí atá ag iarraidh dul i mbun nuála in earnáil na mara sa nGaeltacht. 

Rinne Cliodhna Ní Ghríofa, bainisteoir forbartha gnó nuacheaptha Nua na Mara, cur síos ar a bhfís:

“An fhís atá ag Nua na Mara ná rannpháirtíocht agus forbairt inbhuanaithe cuideachtaí, gnólachtaí nua thionscanta agus taighdeoirí luathchéime a spreagadh chun a gcoincheap gnó a fhorbairt sa réigiún Gaeltachta seo, agus tacaíocht agus spreagadh a thabhairt don nuálaíocht laistigh den fhiontar mara atá sa réigiún cheana féin. Tá sé tábhachtach leanacht leis an dul chun cinn atá á dhéanamh maidir le héiceachóras fiontraíochta mara ag úsáid saineolais taighde agus nuálaíochta lenár bpríomhpháirtithe, OÉ Gaillimh agus ITGME, agus leas á bhaint as áiseanna agus taithí líonra gteic Údarás na Gaeltachta agus áiseanna agus meicníochtaí maoinithe níos leithne. Tá scóip shuntasach ann chun forbairt eacnamaíoch a dhéanamh agus fostaíocht a chruthú sa réigiún seo”.

 

Déanfaidh Nua na Mara réimse imeachtaí, cúrsaí agus cláir a fhorbairt agus a chur ar fáil i rith 2022.