Comhairliúchán Poiblí ar Thionscadal Fótavoltach Ghaoth Dobhair

Togra fuinnimh in-athnuaite 5 MW le forbairt chun leasa an phobail

4 Feabhra, 2022

nóiméad léite

painéil fótavoltacha ar an talamh / ground mounted photovoltaic panels
painéil fótavoltacha ar an talamh / ground mounted photovoltaic panels

Tá Údarás na Gaeltachta, i gcomhar le coistí agus le heagraíochtaí forbartha pobail i nGaoth Dobhair ag fiosrú na bhféidearthachtaí a bhaineann le páirc fhótavoltach 5 MW a fhorbairt ar shuíomh de chuid an Údaráis ar imeall Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair.

Ag baint leas as fuinneamh in-athnuaite na gréine chuirfeadh an fhorbairt seo go mór le heacnamaíocht an phobail áitiúil agus bheadh an togra ina foinse ioncaim don earnáil forbartha pobail gan trácht ar a tionchar an lorg carbóin a ísliú agus Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair a bheith féinchothaíoch agus inmharthana ó thaobh fuinnimh de

Rinneadh staidéar in 2020 ar an dóigh a bhféadfaí córas fótavoltach a fhorbairt agus a oibriú ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair mar bhealach chun spleáchas na páirce ar fhuinneamh díorthaithe ó bhreosla iontaise a laghdú.   Bhí toradh dearfach ar an staidéar agus cinneadh gur fiú leanúint ar aghaidh agus tuilleadh oibre a dhéanamh ar an choincheap i gcomhar le heagraíochtaí forbartha an cheantair.

Comhairliúcháin Poiblí

Tá sé i gceist tabhairt faoi phróiseas comhairliúcháin poiblí i leith an tionscadail mar chuid den réamhobair a bhaineann le hiarratas a ullmhú ar chead pleanála don tionscadal.  Tionólfar ócáid eolais / comhairliúcháin poiblí chuige sin in Amharclann Ghaoth Dobhair ar an Déardaoin, 10 Feabhra ón 2.00i.n. go dtí 8.00i.n. Beidh pleananna / léaráidí an tionscadail á dtaispeáint don phobal san Amharclann ar an lá agus beidh ionadaithe ó na comhairleoirí pleanála Tobin Consulting Engineers atá ceaptha ag an Údarás i láthair le heolas a roinnt / le haon cheist maidir leis an tionscadal a fhreagairt.

Tá cuireadh oscailte á thabhairt don phobal chuig an ócáid eolais / comhairliúcháin poiblí seo.

Is iad na Coistí / Eagraíochtaí atá páirteach i bhforbairt an tionscadail seo ná:

  • Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair
  • Coiste Forbartha Dhobhair
  • Amharclann Ghaoth Dobhair
  • Coiste Forbartha Chnoc Fola
  • Forbairt Dhún Lúiche
  • Ionad Cois Loch, Dún Lúiche

Tá forbairt an fhuinnimh in-athnuaite lárnach do Straitéis Údarás na Gaeltachta 2021-2025. Tá coincheap na Gaeltachta Glaise, a chuireann béim ar inmharthanacht agus ar inbhuanaitheacht phobal na Gaeltachta, a fhorbairt luaite mar sprioc straitéise sa Straitéis.