Nuálaithe Féile Iomráiteach Nuálaithe MIT Faoi 35 na hEorpa ag teacht go hÉirinn don chéad uair riamh

Nuálaithe óga an domhain le theacht go Gaeltacht Dhún na nGall

3 Feabhra, 2022

nóiméad léite

Tá Féile Nuálaithe Faoi 35 na hEorpa, ceann de na himeachtaí is iomráití ar domhan a dhéanann ceiliúradh ar cheannródaithe teicneolaíochta óga, ag teacht go hÉireann don chéad uair riamh. An 19-21 Bealtaine, tiocfaidh na nuálaithe is éirimiúla san Eoraip le chéile i nGaoth Dobhair, Dún na nGall, chun a gcuid oibre a chur ar taispeáint agus chun bualadh le físithe eile atá ag múnlú na todhchaí agus ag athrú saoil leis an dul chun cinn teicneolaíoch atá déanta acu. Labhróidh ceannairí nuálaíochta na hEorpa agus domhanda ag an bhféile freisin ag díriú ar chumhacht chlaochlaitheach na teicneolaíochta chun domhan níos fearr a chruthú do chách.

 

Ó cruthaíodh é, foilsíonn Technology Review MIT liosta bliantúil de na Nuálaithe Faoi 35 is cumasaí. I measc an alumni suntasach tá bunaitheoirí Google Sergey Brin agus Larry Page, ceannródaí CRISPR Technology Feng Zhang agus comhbhunaitheoir Tesla Motors JB Straubel. Tá an fhéile Nuálaithe 35 na hEorpa urraithe ag Údarás na Gaeltachta, Comhairlí Cathrach Réigiún an Iarthuiscirt Dhoire agus Dhún na nGall, OÉ Gaillimh, Catalyst, Open Uni, Unosquare agus Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh.

 

Tugann an gradam Nuálaithe Faoi 35 na hEorpa ceannairí óga teicneolaíochta na hEorpa le chéile agus cuirtear ardán ar fáil dóibh chun a bhfuil bainte amach acu sa mbiteicneolaíocht agus sa leigheas, sa ríomhaireacht agus sa leictreonaic, i gcrua-earraí, i mbogearraí, san idirlíon, san intleacht shaorga, sa róbataic, sa teileachumarsáid, sa nanaitheicneolaíocht agus in ábhair, san fhuinneamh agus san iompar a chur ar taispeáint.

 

Lonnaithe ar imeall na hEorpa agus neadaithe faoi bhun na hEaragaile, ba áit oiriúnach a bhí i nGaoth Dobhair chun borradh a chur faoin bhFéile arís tar éis dhá bhliain de bhriseadh de bharr na paindéime. Ag Féile 2022 déanfar ceiliúradh ar ghlúin nua nuálaithe atá ag iarraidh na dúshláin is práinní a réiteach agus muid ag teacht as paindéim COVID-19. Tá smaointe éagsúla ag na ceannródaithe maidir leis an am atá le theacht. Tá siad ag athshamhlú na teicneolaíochta agus ag déanamh athmheastóireachta ar shamhlacha traidisiúnta san ionad oibre, agus aithníonn siad go gciallaíonn teicneolaíocht dáilte nach bhfuil nuálaíocht cheannródaíoch teoranta d’ionaid uirbeacha níos mó.

 

Ag labhairt dó ar an bhfógra, dúirt Mat Honan, Eagarthóir MIT Technology ReviewBaineann traidisiún meantóireachta, comhoibrithe, fionnachtain agus cuspóra leis an bhFéile Nuálaithe Faoi 35 a thosaigh sa mbliain 1999. Tugaimid “nuálaithe” ar gach aon duine acu seo mar is cuma a réimse, tá gach duine ag déanamh rud éigin as an nua a bhfuil tionchar leis. Déanaimid cíoraigh ní hamháin ar a bhfuil á dhéanamh acu, ach tugaimid cabhair do dhaoine an t-ábharthacht don domhan i gcoitinne a thuiscint. Táim ag tnúth go mór le lucht onóra na hEorpa na bliana seo a chloisteáil.”

 

Tá Éire agus tíortha eile san Eoraip ag iarraidh tógáil ar na buntáistí a bhaineann leis an gcianobair agus tacú leis an deis chun lucht saothair dáilte a fhorbairt tuilleadh, tá sé mar aidhm ag Féile Nuálaithe Faoi 35 na hEorpa an deis a léiriú chun domhan agus sochaí níos nasctha a threorú, a stiúradh, a nuáil agus a thógáil ó imeall na hEorpa. Chomh maith leis na nuálaíochtaí a chur ar taispeáint, cuirfidh an t-imeacht béim ar an nGaeltacht mar áit atá ag éirí níos coitianta i measc fiontraithe, nuálaithe agus infheisteoirí, lena n-áirítear an 175 duine a bhfuil súil leo ag an ócáid áit a dtabharfar cuireadh dóibh cuairt a thabhairt ar an gceantar áitiúil.

“Tabharfaidh na tionscadail nuálacha ar ardchaighdeán atá á stiúradh ag Faoi 35 ár gcomharsana san Eoraip agus go deimhin as áiteanna eile in Éirinn borradh agus spreagadh do nuálaithe inár gceantair Ghaeltachta” a dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta Mícheál Ó hEanaigh. “Tá muid ag súil go mór comhoibriú le MIT Technology Review agus leis na comhpháirtithe eile go léir chun fáilte a chur roimh na nuálaithe óga cumasacha, an painéal iontach moltóirí agus rannpháirtithe eile a bheidh ag an imeacht a bheidh ar siúl i nDún na nGall i mí Bealtaine.”

Tá an glaoch d’iarratais oscailte anois. Glacfar le hiarratais ó nuálaithe ón Eoraip atá faoi bhun 35 bliain d’aois tráth an imeachta agus tionscadal nuálach a bheith acu a dhéanfaidh athrú ó bhonn ar an domhan. Roghnóidh coiste moltóirí, ar a mbeidh saineolaithe ó na hollscoileanna is mó le rá, an 35 iarrthóir buacacha. Aithnítear cúig chatagóir éagsúla nuálaithe sa chomórtas freisin: aireagóirí, fiontraithe, físithe, daonnúlaigh agus ceannródaithe a ghlacfaidh páirt in imeachtaí líonraithe, gníomhaíochtaí áitiúla lena n-áirítear ag súil sna cnoic agus tonn mharcaíocht, agus imeacht mór gradaim ag a dheireadh.

“Is an láthair seo á roghnú, bhíomar ag iarraidh a léiriú nach bhfuil aon teorainn leis an nuálaíocht sa domhan nasctha s’againne. Beidh Imeall an Atlantaigh, agus ceantair mar é, ag croílár an Domhain Nua” a deir Connla McCann, Stiúrthóir Aisling Events, atá ag óstáil na féile. “Is deis annamh í seo chun an rath iontach atá ar an líonra mol gteic a léiriú, áit a bhfuil na céadta fiontraithe agus nuálaithe ar fud na Gaeltachta. Baileoimid na físithe óga, na daonnúlaigh, na fiontraithe agus na nuálaithe ar féidir leo an-difear a dhéanamh don domhan ina bhfuil cónaí orainn sa lá atá inniu ann. An t-athrú aeráide a throid le teicneolaíocht ghlas réabhlóideach, leas a bhaint as cumhacht IS chun feabhas a chur ar shaol na milliún duine, bealaí nua a aimsiú chun dul i ngleic le COVID i dtíortha ar ioncam íseal agus cathracha cliste a thógáil, is réimsí iad sin ar fad a bheidh le feiceáil sa liosta Nuálaithe Faoi 35.”