Fáilte roimh fhógra forbartha Ché Domhain Mhara ag Ros an Mhíl

Infheistíocht Rialtais de €25m a éascóidh forbairt shuntasach i gcúrsaí fuinnimh in-athnuaite agus iascaireachta

1 Feabhra, 2022

nóiméad léite

Cuireann Údarás na Gaeltachta fáilte mhór roimh fhógra an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue T.D., agus an Rialtais go bhfuil infheistíocht d’os cionn €25m le déanamh i bhforbairt Ché Domhain Mhara Ros an Mhíl i gContae na Gaillimhe.

Infheistíocht mhór infreastruchtúir atá anseo agus deis shuntasach don tír ar fad a bheidh ann chun leas a bhaint as an acmhainn fuinnimh in-athnuaite atá ar fáil amach ó chósta iarthar na tíre.

Ag leanúint do thuarascáil a choimisiúnaigh Údarás na Gaeltachta in 2021 aithníonn fógra an lae inniu oiriúnacht Ros an Mhíl i nGaeltacht na Gaillimhe mar chalafort méadaithe iascaireachta, ach níos tábhachtaí ná sin, mar lárionad d’fhorbairt mol straitéiseach chun tacú le tionscal na gaoithe eischósta agus an fhéidearthacht suas le 900 post a chruthú san earnáil.

Léirigh an tuarascáil, a chuir Dublin Offshore Consultants i dtoll a chéile, go gcuireann cóngaracht Chalafort Ros an Mhíl le suíomh tograí eischósta agus an ché domhain mhara ansin deis ar fáil dul isteach sa mhargadh fuinnimh eischósta, margadh atá éifeachtúil ó thaobh costais de agus tráthúil ó thaobh cúrsaí athraithe aeráide de chomh maith. Baineann Ros an Mhíl tairbhe as bunachar talún atá faoi úinéireacht Údarás na Gaeltachta agus an RTBM beirt.

Is é forbairt na cé domhain mhara an bhunsraith ar mbeidh fíorú na tuarascála seo bunaithe agus is céim ollmhór chun cinn é fógra Rialtais an lae inniu.

Dúirt Cathaoirleach Bhord Údarás na Gaeltachta Anna Ní Ghallachair:

“Is fógra suntasach é seo ní amháin don Ghaeltacht ach don tír ar fad. Tá deis iontach anseo don tír trí chéile leas a bhaint as an acmhainn fuinnimh atá ar fáil amach ó chósta an Iarthair agus cuireann Bord Údarás na Gaeltachta an-fháilte roimh fhógra an Aire McConalogue agus an Rialtais inniu. Cruthóidh mol forbartha straitéiseach infheistíocht shuntasach sa cheantar, ag cur le saol an phobail, ag cruthú fostaíochta agus ag laghdú an tionchair ar athrú aeráide. Tá muid ag súil le comhoibriú lenár gcomhghleacaithe ar fad agus leis an bpobal áitiúil ach go háirithe, chun na deiseanna atá ar fáil anois a fhíorú agus infheistíocht leanúnach inmharthana a thabhairt chun na Gaeltachta.”

Chuir Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta Mícheál Ó hÉanaigh leis an méid sin:

“Cuireann Údarás na Gaeltachta fáilte mhór roimh fhógra an Rialtais inniu go bhfuil €25m le hinfheistiú i gcé domhain mhara i Ros an Mhíl.  Cuirfidh an ché domhain mhara go mór le hinfreastruchtúr gnó Ghaeltacht na Gaillimhe, rud a chuirfidh deiseanna fostaíochta ar fáil chomh maith le deiseanna in earnáil an fhuinnimh in-athnuaite a chur chun cinn. Tá oiread acmhainn gaoithe amach ó chósta an iarthair agus a chabhróidh go mór le spriocanna athraithe aeráide na tíre - rud a léiríodh sa tuarascáil a d’fhoilsigh muid anuraidh.  Cuirfidh an tionscnamh ollmhór seo iliomad deiseanna ar fáil don cheantar stairiúil calafoirt seo agus an ceantar níos leithne rud a chuirfidh borradh faoin eacnamaíocht áitiúil agus cúrsaí gnó trí chéile agus súil againn tacú leis sin amach anseo agus na féidearthachtaí a bhaineann le talamh na heagraíochta in aice an tsuímh a fhorbairt.”

Tá Údarás na Gaeltachta ag obair as lámha a chéile leis an bpobal agus le coiste forbartha an chalafoirt lena chinntiú go mbeidh an deis ag an gCalafort cibé tairbhe is féidir a bhaint as an earnáil amach anseo agus go mbeadh an t-infreastruchtúr bunúsach cuí ar fáil sa gceantar lena sin a chur i bhfeidhm. Is cuid thábhachtach í an Ghaeltacht Ghlas do Phlean Straitéiseach Údarás na Gaeltachta 2021 – 2025.

Tá an eagraíocht tiomanta a cuid féin a dhéanamh chun lorg carbóin ár ngníomhaíochtaí féin agus gníomhaíochtaí ár gcliant agus phobal na Gaeltachta a laghdú.  Tacóidh forbairt Ros an Mhíl mar mhol straitéiseach tacaíochta do thionscal na gaoithe eischósta leis an tionscnamh sin.  Tá Ros an Mhíl aitheanta ag Údarás na Gaeltachta le fada mar acmhainn straitéiseach, áit a bhfuil féidearthachtaí ag baint leis an gCalafort a bheith mar ionad straitéiseach náisiúnta maidir le cúrsaí fuinnimh in-athnuaite mara.

Léiríonn seilbh Green Investment Group ar Fhuinneamh Sceirde, feirm ghaoithe eischósta 400MW, le gairid céard atá beartaithe go luath maidir le haidhmeanna an mhargaidh gaoithe eischósta sa réigiún seo.