50 Scoláireacht Printíseachta fógartha ag Údarás na Gaeltachta faoin Scéim Scoláireachta do Phrintísigh

Ciste €200,000 curtha ar fáil chun tacú le pobail Ghaeltachta

31 Eanáir, 2022

nóiméad léite

Tá 50 scoláireacht printíseachta fógartha ag Údarás na Gaeltachta inniu (31/01/2022) faoin Scéim Scoláireachta do Phrintísigh chun deis a thabhairt do phobail na Gaeltachta atá ag iarraidh ceird a fhoghlaim agus a bheith ag saothrú ag an am céanna.  Tacóidh na scoláireachtaí seo, a bhfuil luach níos mó ná €2,000 an ceann ag baint leo, le daoine ar mhaith leo tabhairt faoi cheird nó faoi shlí bheatha nua anois agus maolú ag teacht ar shrianta COVID-19.

Deis iontach atá sna scoláireachtaí seo chun trial ar cheirdeanna traidisiúnta a bhfuil an-éileamh orthu faoi láthair ach chomh maith leis sin ar phrintíseachtaí nua-aoiseacha ach go háirithe áit a bhfuil deiseanna den scoth ar fáil do phobal na Gaeltachta i gcúrsaí bithchógais, teicneolaíocht na faisnéise, innealtóireacht, cuntasaíocht agus airgeadas.

Anois agus srianta COVID-19 ardaithe tá deis níos fearr fós ag iarrthóirí a bhfuil an scoil fágtha acu le cáilíocht phrintíseachta atá aitheanta ag an gComhairle Phrintíseachta a bhaint amach chun ceird nó slí bheatha nua a fhoghlaim. Aithnítear na cáilíochtaí seo ag Leibhéal 6 agus os a chionn, go caighdeán céime de réir an chreat náisiúnta foghlama, DCCÉ (Dearbhú Cáilíochta & Cáilíochtaí Éireann / QQI).

Faoin scéim tá meán thacaíocht d’os cionn €2,000 ar fáil chomh maith do chomhlacht/chonraitheoir atá toilteanach printíseach a fhostú do thréimhse na printíseachta.  Tá an Scéim Scoláireachta do Phrintísigh á reáchtáil ag Údarás na Gaeltachta le blianta fada chun tacú le hiarrthóirí Gaeltachta le líofacht i nGaeilge cáilíocht a bhaint amach in aon cheann de na Scéimeanna Printíseachta Caighdeánbhunaithe atá aitheanta ag SOLAS.  Tugann an scéim an-bhuntáiste do chomhlachtaí agus tá stair fhada ag cliantchomhlachtaí an Údaráis a bheith ag tacú le printísigh atá ag foghlaim a gceird.

Tá réimse leathan de 60 printíseacht faoi 15 earnáil éagsúil, atá aitheanta ag SOLAS, ar fáil agus is féidir le pobal na Gaeltachta tabhairt fúthu faoi chritéir incháilithe:

·         Bithchógais ·         Lóistíocht
·         Tógáil ·         Mótar
·         Leictreach ·         Seirbhísí Réadmhaoine
·         Innealtóireacht ·         Díolachán
·         Airgeadas ·         Cúram Sláinte
·         Gruaig ·         Crannadóireacht
·         Fáilteachtas & Bia ·         Earcaíocht
·         Teicneolaíocht Faisnéise

Bíonn an-tóir i gcónaí ar na ceirdeanna traidisiúnta: pluiméireacht, siúinéireacht, meicníocht agus leictreoir ach le blianta beaga anuas tá printíseachtaí nua-aoiseacha ar nós bithchógais, innealtóireacht, seirbhísí airgeadais, cuntasaíochta, ríomhaireachta agus go leor eile tagtha chun cinn agus daoine ag tabhairt faoi na réimsí éagsúla sin.

Ag fógairt na Scéime dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta Mícheál Ó hÉanaigh:

“Is deis iontach atá sa Scéim Scoláireachta do Phrintísigh tabhairt faoi cheird agus a bheith ag saothrú ag an am céanna.  Cuireann sé seo borradh faoin eacnamaíocht agus cuireann sé leis na riachtanais scileanna atá sa nGaeltacht.  Bíonn caighdeáin agus cáilíochtaí ardscileanna ag iarrthóirí rud a thugann muinín don phobal Gaeltachta dul i mbun foghlama chun a gcuid scileanna a neartú agus a fhorbairt.  Cé go raibh dúshláin ann ó thaobh printíseachtaí de mar thoradh ar chúrsaí COVID-19 is cúis dóchais gur tháinig ardú ar líon na n-iarrthóirí ar an scéim, léiriú ar chomh luachmhar is atá an scéim seo do mhuintir agus do ghnóthaí na Gaeltachta.”

Beidh an glaoch reatha maidir le léiriú spéise do Scéim Scoláireachta do Phrintísigh Údarás na Gaeltachta 2022 oscailte go dtí an 02/03/2022. Beidh lucht spéise ag déanamh iarratais ar líne agus tá tuilleadh eolais maidir le critéir incháilithe na scéime seo agus an fhoirm léiriú spéise le fáil ag www.udaras.ie.