Ráiteas ó Chruinniú Boird Údarás na Gaeltachta – 28ú Eanáir 2022

28 Eanáir, 2022

nóiméad léite

Raiteas

Buiséad de €6.125m ceadaithe d’Fhorbairt Pobail, Teanga & Eagraíochtaí Forbartha Pobail do 2022

Méadú de €1m ar infheistíocht i gcúrsaí pobail sa nGaeltacht

Tá buiséad iomlán de €6.125m ceadaithe ag Bord Údarás na Gaeltachta inniu (28/01/22) chun Clár Forbartha Pobail, Teanga agus Turasóireacht Chultúrtha na heagraíochta do 2022 a chur i bhfeidhm. Cuireadh méadú de €1m leis an mbuiséad a chuirtear ar fáil don chlár seo do 2022.

San áireamh sa gclár seo bíonn soláthar maoinithe bliantúil fhochuideachtaí na heagraíochta Muintearas CTR agus Ealaín (na Gaeltachta) CTR chomh maith le Comhar Naíonraí na Gaeltachta CTR le cois deontais reáchtála na n-eagras forbartha pobail agus tacaíocht do choistí forbartha pobail áitiúla.

Cuireann an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spórt agus Meán soláthar bliantúil ar fáil don Chlár Forbartha Pobail agus Teanga, a bhfuil ardú €1m air in 2022 agus cuireann an tÚdarás fuílleach an bhuiséid ar fáil as a chistí féin.

Buiséid Bhliantúla Fhochuideachtaí Údarás na Gaeltachta

Tá soláthar de €1.87m ceadaithe ag Bord Údarás na Gaeltachta d’fhochuideachtaí  na heagraíochta agus cuideachta straitéiseach lena gcláir oibre bhliantúla a chur i bhfeidhm in 2022.

  • Ceadaíodh €590,000 do Chomhar Naíonraí na Gaeltachta a chuireann seirbhís tacaíochta ar fáil do raon de sheirbhísí luathoideachais Gaeltachta agus chun cuidiú le naíonraí le tinreamh an-íseal i gceantair thearcfhorbartha, iargúlta nó ar oileáin.
  • Ceadaíodh €780,000 do Mhuintearas CTR chun tograí oiliúna, oideachais, óige agus luathoideachais a chur chun cinn agus chun Scéim na gCampaí Samhraidh a riaradh.
  • Ceadaíodh €500,000 d’Ealaín (na Gaeltachta) CTR chun clár cuimsitheach ealaíne a fheidhmiú sa nGaeltacht ag áireamh seirbhísí agus scéimeanna deontais, a thacaíonn le forbairt eagraíochtaí ealaíon agus le healaíontóirí aonair sa nGaeltacht. Tá méadú suntasach curtha ag an gComhairle Ealaíon ar an gcomhaoiniú atá á chur ar fáil acu in 2022 freisin.

Buiséad Forbartha Pobail agus Teanga

Tá soláthar de €625,000, a léiríonn méadú de €185,000, ceadaithe do scéimeanna éagsúla a chuireann cúrsaí forbartha pobail, teanga agus turasóireachta chun cinn.

  • Ceadaíodh soláthar airgid de €155,000 don Chlár um Fhorbairt Pobail Áitiúil (LCDP) do dhá eagraíocht faoin scéim seo - Pobal le Chéile CDP CTR atá lonnaithe ar an bhFál Carrach, Co. Dhún na nGall agus CDP na Rosann CTR, An Clochán Liath, Co. Dhún na nGall.
  • Ceadaíodh soláthar de €165,000, méadú de €55,000, do réimse tacaíochtaí a chuireann an tÚdarás ar fáil d’imeachtaí agus do ghníomhaíochtaí buanaithe teanga atá dírithe ar bhuanú, ar chur chun cinn agus ar fhorbairt na Gaeilge ar fud na Gaeltachta.
  • I bhfianaise an buille suntasacha atá faighte ag earnáil na turasóireachta, tá soláthar de €145,000, méadú de €70,000, ceadaithe do réimse gníomhaíochtaí le díriú ar thacaíocht a chur ar fáil d’earnáil na turasóireachta cultúrtha Gaeltachta, ag cur leis an gcomhpháirtíocht atá bunaithe le comharchumainn agus eagraíochtaí pobail agus turasóireachta eile agus le freastal ar thograí a chuideoidh le forbairt na turasóireachta sa nGaeltacht.
  • Mar aitheantas ar an obair thábhachtach atá ar bun ag coistí agus eagraíochtaí pobail ar fud na Gaeltachta, tá ardú suntasach á mholadh don Scéim Fiontar Pobail le soláthar de €100,000 ceadaithe chun cabhrú le coistí/eagraíochtaí pobail íoc as costais a bhaineann le tionscnaimh bheaga pobail a fhorbairt, taighde a dhéanamh nó trealamh riachtanach a cheannach.
  • Ceadaíodh soláthar de €60,000, méadú de €15,000, mar chiste tacaíochta do ghréasán gteic le cuidiú leis na gréasáin dhigiteacha a fhorbairt, i gcomhpháirt le comharchumainn agus eagrais pobalbhunaithe, i gceantair ina mbeidh sé dúshlánach na costais socrúcháin agus reáchtála a chlúdach.

Tograí Fiontraíochta Sóisialta

Tá ciste de €210,000 ceadaithe mar thacaíocht ar an obair atá déanta le gairid ag an Aonad Forbartha Pobail san Údarás i dtaobh an Clár Fiontraíochta Sóisialta Gaeltachta (CFS-G) agus an próiseas meantóireachta ag éirí as sin.

Tá béim faoi leith á chur ag Údarás na Gaeltachta ar fhiontraíocht shóisialta, ar an mbunús go gcuirfidh sé le cumas eagrais forbartha pobail Gaeltachta seirbhísí agus tograí breise a sholáthar sa nGaeltacht, agus sin a dhéanamh ar bhealach a chuirfidh le hioncam na n-eagras forbartha pobail, tá ciste sonrach á chur in áit chun tacú le heagrais forbartha pobail tograí a fhorbairt.

Ciste Diaspóra

Tá togra Diaspóra na Gaeltachta ina chuid lárnach de Phlean Straitéiseach 2021-2025 Údarás na Gaeltachta agus ceadaíodh soláthar nua de €54,000 chun tógáil ar an gClár Diaspóra in 2022. Tá diaspóra láidir Gaeltachta ar fud na cruinne agus tá luach suntasach ag baint leis ó thaobh líonraithe de, daoine a mhealladh abhaile, infheistíochtaí agus eile. Tá dul chun cinn mór déanta ag Údarás na Gaeltachta maidir leis an obair a bhaineann leis an Diaspóra, agus an tÚdarás luaite, mar shampla, sa bPolasaí Déthaobhach idir Éire agus Albain, chomh maith leis na naisc láidre atá déanta idir ceantair Ghaeltachta agus na Stáit Aontaithe. In 2021, bunaíodh Ionad Diaspóra na Gaeltachta i gcomhar le hIonad Cuimhneacháin na nImirceach i gCarna, ag cruthú nasc díreach leis an Diaspóra Gaeltachta.

Deontais Reáchtála na nEagras Forbartha Pobail

Tá soláthar iomlán de €3,366,000 ceadaithe ag Bord Údarás na Gaeltachta do dheontas reáchtála na n-eagras pobail do 2022 a léiríonn méadú de €550,000 ón mbliain 2021. Foilseofar sonraí ar mhaoiniú na n-eagras aonair in imeacht ama nuair atá pleananna oibre aontaithe do 2022.

Cuireann Údarás na Gaeltachta maoiniú reáchtála ar fáil do 33 eagras pobail, idir chomharchumainn agus chomhlachtaí pobalbhunaithe, chun cur ar a gcumas tabhairt faoi chlár forbartha pobail ina gceantar feidhme atá dírithe ar riachtanais an phobail áitiúil. Tá na Comharchumainn Ghaeltachta ina gcuid lárnach de dhúshraith forbartha na Gaeltachta agus ról lárnach acu i gcur i bhfeidhm aidhmeanna agus cuspóirí ‘Phlean Straitéiseach Údarás na Gaeltachta 2021-2025’. Tá ról lárnach acu i bhfeidhmiú na bpleananna teanga ina gceantair éagsúla chomh maith le tacú le forbairt ghréasán gteic, cur chun cinn tograí turasóireachta cultúrtha agus beifear ag breathnú ar na féidearthachtaí do chomharchumainn in earnáil an fhuinnimh in-athnuaite, i measc tosaíochtaí eile.

2022
Soláthar
Comhar Naíonraí na Gaeltachta CTR 590,000
Muintearas CTR 780,000
Ealaín (na Gaeltachta) CTR 500,000
Clár um Fhorbairt Phobail Áitiúil (LCDP) 155,000
Imeachtaí agus Gníomhaíochtaí Buanaithe Teanga 165,000
Forbairt ar Thurasóireacht Chultúrtha 145,000
Soláthar do na gteic 60,000
An Scéim Fiontar Pobail 100,000
Tograí Fiontraíochta Sóisialta 210,000
Ciste Diaspóra 54,000
Deontas Reáchtála na nEagras Pobail 3,366,000
Iomlán €6,125,000