Ag Cuidiú le Téarnamh na Turasóireachta sna Ceantair Ghaeltachta

Scéim Forbartha Bainistíochta d’Oifigigh Turasóireachta de luach €720,000 seolta

25 Eanáir, 2022

nóiméad léite

Tá scéim tacaíochta de luach €720,000 seolta ag Údarás na Gaeltachta chun tacú le téarnamh na hearnála turasóireachta sa nGaeltacht. Díreoidh an Scéim Forbartha Bainistíochta d’Oifigigh Turasóireachta ar fhorbairt straitéiseach na hearnála turasóireachta a chur chun cinn arís tar éis na géarchéime. Beidh fócas na scéime dírithe ar thograí turasóireachta a mbeidh ról suntasach acu i bhforbairt na gceantar éagsúil Gaeltachta.

Faoin scéim cuirfear tacaíocht airgeadais de €60,000 ar fáil, thar thréimhse dhá bhliain, mar dheontas oiliúna d’oifigeach turasóireachta a bheidh fostaithe in dhá chineál togra turasóireachta:

  • Ionad cuairteoirí pobalbhunaithe agus
  • Gréasáin turasóireachta pobalbhunaithe.

Tá ciste de €720,000 luaite leis an scéim áit a dtabharfar tacaíocht do 12 togra a dhéanfar a mheas de réir glaoch oscailte agus comórtas iomaíoch. Tá an scéim dírithe ar ardú cumais san earnáil turasóireachta pobalbhunaithe agus mar sin tá iarratais teoranta d’eagrais pobail incháilithe, neamh-bhrabúis amháin. Tá eolas agus critéir na scéime foilsithe ar www.udaras.ie agus is é an 18ú Feabhra 2022 an spriocdháta d’iarratais.

 Ag seoladh na scéime dúirt Mícheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta:

“Tá forbairt straitéiseach na turasóireachta sa nGaeltacht ar cheann de na tosaíochtaí atá leagtha amach inár bPlean Straitéiseach nua don tréimhse 2021-2025. An aidhm atá leis an scéim seo ná tacú le forbairt tograí turasóireachta straitéiseacha agus tá muid fíorshásta leis an rath a bhí ar an togra píolótach a bhí á reáchtáil ó 2018. Cabhróidh tograí rathúla na scéime seo chun cur le hacmhainn na turasóireachta pobalbhunaithe agus tacóidh siad go mór le téarnamh na turasóireachta sa nGaeltacht.”