Ráiteas Deireadh Bliana 2021 – Údarás na Gaeltachta

17 Eanáir, 2022

nóiméad léite

Clúdach an ráiteas deireadh bliana 2021 le pictiúr de chirocal chamais

Sliocht as Ráiteas eisithe ag Anna Ní Ghallachair, Cathaoirleach, agus Mícheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach, Údarás na Gaeltachta

 

  • 7,809 post lánaimseartha i gcliantchomhlachtaí ag deireadh na bliana
  • 825 post nua cruthaithe sa nGaeltacht in 2021
  • Glanmhéadú de 446 i bpoist lánaimseartha in 2021
  • Na leibhéil is airde fostaíochta riamh i nGaillimh, Corcaigh & i bPort Láirge
  • 379 post nua ceadaithe i dtograí ina mbeidh infheistíocht de €10.4m
  • €13.75m i soláthar caipitil ceadaithe d’fhorbairt infreastruchtúr gnó na Gaeltachta
  • Plean Teanga ullmhaithe do gach ceann de na 26 LPT
  • 20 Plean Teanga ag feidhmiú le buiséad de €2.2m
  • Plean Straitéiseach uaillmhianach 5 bliana seolta do 2021-2025
  • Maoiniú reáchtála de €2.816m curtha ar fáil do 33 eagras forbartha pobail
  • gteic - 27 mol digiteach in áit agus os cionn 320 duine ag obair iontu 

 

Fostaíocht

Cruthaíodh 825 post nua lánaimseartha i gcomhlachtaí Gaeltachta i rith 2021, an líon is airde poist a cruthaíodh i mbliain amháin ó bhí 2008 ann. Nuair a thógtar laghdú poist san áireamh, feictear glanmhéadú de 446 sa bhfostaíocht ina iomláine – an glanmhéadú bliantúil is airde ó bhí 1996 ann.

7,809 post lánaimseartha agus 485 post páirtaimseartha a bhí i gcomhlachtaí a fuair tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta ag deireadh 2021. Tá na leibhéil fostaíochta i gcliantchomhlachtaí Údarás na Gaeltachta i nGaeltachtaí na Gaillimhe, Chorcaí agus Phort Láirge ar na leibhéil is airde riamh i stair na heagraíochta. Ainneoin dúshláin na paindéime COVID-19, tá seasmhacht léirithe ag comhlachtaí Gaeltachta agus téarnamh áirithe feicthe sa bhfostaíocht atá á thiomáint ag nuálaíocht na gcomhlachtaí agus fás suntasach na n-earnálacha feistí leighis agus táirgí sláinte sa nGaeltacht.

 

 

Tionchar Eacnamaíoch Ghnóthaí Gaeltachta

Tá tionchar suntasach eacnamaíoch ag cliantchomhlachtaí an Údaráis ar gheilleagar na Gaeltachta agus na tíre. De réir thaighde ABSEI a rinneadh in 2021, meastar go ndearna cliantchomhlachtaí an Údaráis:

  • Díolachán iomlán de €864m an bhliain roimhe sin;
  • Caiteachas díreach de €415m i ngeilleagar na hÉireann;
  • €181m san iomlán ar phárolla;
  • Easpórtáil á dhéanamh ar luach €516m (60%) de dhíolachán.

Figiúirí iad seo a léiríonn go bhfuil luach maith á fháil ar infheistíocht an Stáit sa nGaeltacht.

 

Nuálaíocht sa nGaeltacht

Tá cúrsaí nuálaíochta ag treisiú sa nGaeltacht i gcónaí agus fuair cúig chliantchomhlacht, i gcomhpháirtíocht le páirtithe eile, sciar €15m de Chiste Nuálaíochta um Theicneolaíochtaí Bunathraitheacha na Roinne Fiontar, Trádála agus Fostaíochta do thograí ceannródaíocha Gaeltachta. Éacht nach beag dár gcliant HiTech Health, ÉireComposites Teo, Aran Biomedical, Novelplast agus Lárionad Acmhainní Nádúrtha (LAN).

 

Pleanáil Teanga

Baineadh cloch mhíle shuntasach amach le linn na bliana, ó tharla pleananna teanga ullmhaithe anois do gach ceann de na 26 LPT chomh maith le dhá phlean teanga ceadaithe do na trí Bhaile Seirbhíse Gaeltachta (BSG) atá lonnaithe sa nGaeltacht.

Le linn 2021, bhí pleananna teanga á bhfeidhmiú i 20 as na 26 Limistéar Pleanála Teanga (LPT) atá sainaitheanta le hinfheistíocht iomlán de €2.2 milliún agus 19 Oifigeach Pleanála Teanga agus ceathrar Oifigigh Cúnta Pleanála Teanga fostaithe faoi dheireadh na bliana.

 

gteic - Gréasán Digiteach na Gaeltachta

Is infheistíocht thábhachtach agus fhadbhreathnaitheach in infreastruchtúr gnó na Gaeltachta é an gréasán gteic agus ainneoin srianta Covid-19 bhí os cionn 320 duine, os cionn 180 duine acu nach bhfuil san áireamh sna figiúirí fostaíochta, ag obair sna 27 mol digiteach a bhí forbartha ag deireadh 2021. Tá sé léirithe ag an ngréasán gteic cheana féin go bhfuil sé mar chuid d’infreastruchtúr riachtanach na Gaeltachta.

 

Tacaíocht d’Earnáil na Forbartha Pobail

Aithníonn Údarás na Gaeltachta go bhfuil na heagrais forbartha pobail ríthábhachtach i dtaobh cumas an Údaráis a chuid spriocanna straitéiseacha a bhaint amach i gcomhar leis na pobail Ghaeltachta. Chuir Údarás na Gaeltachta i gcomhar leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán maoiniú reáchtála de €2.816m ar fáil do 33 eagras forbartha pobail chun cur ar a gcumas tabhairt faoi chlár forbartha pobail dírithe ar riachtanais an phobail áitiúil agus ar thograí turasóireachta, na pleanála teanga, an fhuinnimh in-athnuaite agus an gréasán gteic, i measc tograí eile. Mar chuid den Chlár Fiontraíochta Sóisialta Gaeltachta cuireadh buiséad de €179,000 ar fáil, a bhí dírithe go sonrach ar thograí nuálacha le béim ach go háirithe ar na réimsí turasóireachta, fiontraíochta, agus forbairt acmhainní nádúrtha.

 

An Ghaeltacht Ghlas

Tá dul chun cinn suntasach á dhéanamh leis an togra straitéiseach ‘An Ghaeltacht Ghlas’ le forbairtí fótavoltacha i nGaoth Dobhair, ar an gCeathrú Rua agus ar ár bpáirceanna gnó. Cuirfear béim ar leith in 2022 ar thacaíochtaí do chliantchomhlachtaí Gaeltachta chun céimeanna a thógáil i leith chúrsaí fuinnimh in-athnuaite agus gníomhaíochtaí athraithe aeráide. Leanfar freisin ag tacú le Ros an Mhíl a fhorbairt mar láthair straitéiseach chun freastal ar earnáil an fhuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta.

 

 

Ag cur fáilte roimh an ráiteas dúirt Catherine Martin, TD, An tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán:

“Cuirim fáilte roimh fhoilsiú Ráiteas Deireadh Bliana 2021 Údarás na Gaeltachta agus na figiúirí suntasacha cruthaithe fostaíochta atá leagtha amach ann do cheantair Gaeltachta. Léiriú ar thionchar dearfach infheistíocht an Stáit sa Ghaeltacht agus obair mhór Údarás na Gaeltachta i gcomhar le pobail na gceantar. Taispeánann sé chomh maith an teacht aniar atá sa Ghaeltacht agus dhá bhliain chrua curtha dínn againn ag streachailt le constaicí agus dúshláin na paindéime agus an Bhreatimeachta, agus earnálacha áirithe ag dul ó neart go neart agus pobail teanga ag treisiú ina gcuid iarrachtaí an Ghaeilge a bheith ag croílár an cheantair.”

 

Labhair Príomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit Gaeltachta agus Spóirt, Jack Chambers, T.D ina leith:

“Is dea-scéala atá sa ráiteas seo do phobail na Gaeltachta agus is léiriú é ar an tacaíocht a chuireann Údarás na Gaeltachta ar fáil do na pobail agus do na comhlachtaí atá lonnaithe sa Ghaeltacht. Bhí áthas orm Plean Straitéiseach an Údaráis a sheoladh i rith na bliana agus tá fís leagtha síos ann don Ghaeltacht as seo go gceann cúig bliana. Plean uaillmhianach atá ann, plean a rachaidh chun tairbhe pobal labhartha Gaeilge, pobal fiontraíochta agus cúrsaí forbartha pobail na Gaeltachta agus is léiriú é fógra an lae inniu ar an dul chun cinn atá déanta ó shin agus a bheidh ann amach anseo.”

 

Ag labhairt dó dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Mícheál Ó hÉanaigh:

“Tá ardmholadh tuillte ag pobail agus comhlachtaí Gaeltachta as an mbuanseasmhacht le linn thréimhse na paindéime seo agus is é an toradh atá air sin ná an méadú atá tagtha ar chúrsaí fostaíochta sa nGaeltacht le bliain anuas. Níl dúshláin na paindéime ná an Bhreatimeachta curtha dínn fós againn ach is ábhar suntasach dóchais é go bhfuil téarnamh áirithe déanta ag comhlachtaí agus go bhfuil borradh tagtha faoin earnáil feistí leighis.

Ábhar inspioráide iad cuid de na comhlachtaí dúchasacha seo, a thosaigh le duine nó dhó, a bheith ar chuid de na fostóirí is mó sa nGaeltacht anois. “

 

Chuir Cathaoirleach Bhord Údarás na Gaeltachta, Anna Ní Ghallachair leis an méid sin:

“Is cúis dóchais do Bhord Údarás na Gaeltachta na figiúirí fostaíochta seo agus an dul chun cinn atá le brath in earnálacha áirithe leighis agus eolaíochta ina bhfuil poist ar ardchaighdeán ar fáil iontu do phobal na Gaeltachta. Tá cloch mhíle shuntasach sáraithe ó thaobh na pleanála teanga de a bhuíochas don dúthracht a chaith na pobail Ghaeltachta le réiteach na bpleananna. Don chéad uair riamh beidh pleananna teanga á bhfeidhmiú ag leibhéal an phobail i ngach pobal Gaeltachta le linn 2022 agus infheistíocht dhíreach á déanamh sna pobail teanga sin.”

 

Is féidir Ráiteas Deireadh Bliana 2021 iomlán, ag áireamh briseadh síos de réir Contae, a íoslódáil anseo