Fáilte roimh mhaoiniú d’Aerfort Dhún na nGall

16 Nollaig, 2021

nóiméad léite

Cuireann Údarás na Gaeltachta fáilte roimh mhaoiniú de €600,000 atá fógartha ag an Aire Stáit Iompair Hildegard Naughton T.D. d’Aerfort Dhún na nGall mar chuid de phacáiste tacaíochta €108m atá ceadaithe d’aerfoirt na hÉireann.

Fógraíodh an maoiniú seo faoin gClár Aerfoirt Réigiúnacha 2021- 2025, Clár 2021 COVID-19 d’Aerfoirt Réigiúnacha Stát chomh maith le Scéim Tacaíochta d’Aerfoirt na hÉireann a cheadaigh Coimisiún Eorpach le gairid.

Tacóidh an maoiniú seo le hoibríochtaí sláinte agus sábháilteacht ag an aerfort ar nós rialáil aerthráchta, seirbhísí dóiteáin agus slándála agus ag cinntiú go bhfuil an t-aerfort ag cloí le riachtanais reachtúla. Cuireann Aerfort Dhún na nGall ar an gCarraig Fhinn seirbhís den scoth ar fáil do cheantair Ghaeltachta Dhún na nGall rud a éascaíonn forbairt gnóthaí agus seirbhísí ar fud an cheantair. Cuideoidh an maoiniú seo leis an aerfort agus iad ag déanamh teacht aniar tar éis na géarchéime agus cúrsaí ag feabhsú ag dul isteach go 2022 agus tacóidh sé chomh maith le ceangal straitéiseach, ag cur le bealaí cianaistir.

Tá na haerfoirt réigiúnacha i nDún na nGall, Maigh Eo, an tSionainn, Ciarraí agus Corcaigh fíorthábhachtach do rochtain iompair cheantair Ghaeltachta na tíre do phobail agus do ghnóthaí agus fáiltíonn Údarás na Gaeltachta roimh maoiniú leanúnach an Rialtais d'fhorbairt na seirbhísí atá ar fáil ó na hAerfoirt seo.