Todhchaí tháirgeadh bia inmharthana á chur chun cinn i nDún na nGall

Cliant de chuid Údarás na Gaeltachta chun cabhrú le héagsúlú tháirgeadh próitéin plandaí ar fud na hÉireann

9 Nollaig, 2021

nóiméad léite

Beidh Lárionad Acmhainní Nádúrtha CTR, cliant de chuid Údarás na Gaeltachta i nGaeltacht Dhún na nGall, lárnach i dtogra taighde €3.1m le héagsúlú tháirgeadh próitéin plandaí ar fud na hÉireann.  An aidhm atá le togra Protein-I, a bheidh páirt-lonnaithe ar an bhFál Carrach i gCo. Dhún na nGall, ná comhdhearadh a dhéanamh ar na bealaí chun tacú le slabhraí luacha inmharthana a théann chun tairbhe pobail na tuaithe chomh maith.  D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue T.D. maoiniú don tionscnamh nua seo, a mbeidh cur chuige maidir le córais bhia chun inmharthanacht tháirgeadh próitéin a chur chun cinn ar fud na tíre ag baint leis. Beidh sé eagraíocht taighde i gceist le Protein-I – COBÁC, Teagasc, OÉ Gaillimh, COC, Ollscoil Uladh agus Ollscoil na Banríona Bhéal Feirste.

Beidh an tOllamh Fiona Doohan, an tOllamh Lorraine Brennan agus a gcomhghleacaithe ag COBÁC ina gceann feadhna ar an togra Protein-I, a mbeidh cuid de lonnaithe i LAN CTR ar an bhFál Carrach, agus iad ag úsáid torthaí an togra chun leasa feirmeoirí, gnóthaí áitiúla agus pobail i réigiún iarthuaiscirt na hÉireann.  Díreoidh an togra ar tháirgeadh plandaí an slí ar fad go dtí sláinte an duine, le haird faoi leith ar fhorbairt bhitheacnamaíocht tuaithe na hÉireann.

Ag cur fáilte roimh an bhfógra, mhínigh an tOllamh Fiona Doohan as Coláiste Ollscoile Baile Átha Cliath:

“Déanfaidh Protein-I forbairt agus measúnú ar shlabhraí luacha barr bhunaithe lena chinntiú go mbainfidh pobail tuaithe in Éirinn leas astu maidir le héagsúlú ar an bhfeirm, fostaíocht agus uileghabhálacht.  Forbróidh muid straitéisí chun táirgeadh próitéin plandaí inmharthana a uasmhéadú ar bhealach trédhearcach gur féidir a rianú, agus lena leithéid de straitéisí a chur chun cinn i bpobail tuaithe.”

Chuir Eithne Nic Lochlainn, Bainisteoir Lárionad Acmhainní Nádúrtha fáilte roimh an bhfógra chomh maith:

“Tá Lárionad Acmhainní Nádúrtha bródúil a bheith páirteach sa togra seo chun tacú le hathrú na hÉireann go dtí an talmhaíocht gan aon charbóin.  An phríomhaidhm atá againn ná tacú lenár bpobal Gaeltachta chun cur ar a gcumas acmhainní flúirseacha nádúrtha an réigiúin a úsáid go hinmharthana.  Mar chuid den togra seo tá súil againn cabhrú le forbairt straitéisí chun táirgeadh próitéin plandaí a uasmhéadú agus na straitéisí seo a chur chun cinn i bpobail tuaithe.

Ag labhairt dó faoin bhfógra dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta Mícheál Ó hÉanaigh:

“Tá Údarás na Gaeltachta tiomanta tacú le gnóthaí atá ag iarraidh nuálaíocht a chur chun cinn agus iad freisin ag cinntiú go bhfuil athrú aeráide agus inmharthanacht go smior sa togra.  Is sampla iontach é Protein-I, a bhfuil Lárionad Acmhainní Nádúrtha CTR lárnach ann, den iarracht atá ar bun an córas bia atá ann faoi láthair a athrú má tá muid chun daonra an domhain atá ag fás go tapa a bheathú agus ag an am céanna ag cinntiú go bhfuil an pláinéad seo folláin freisin.  Tacóidh an togra seo atá lonnaithe sa nGaeltacht lenár dtionscnamh An Ghaeltacht Ghlas – ceantair Ghaeltachta a bheith inmharthana agus glas chomh fada agus is féidir.  Tá súil againn gur eiseamláir a bheidh sa togra seo d’fheirmeoirí sa nGaeltacht agus i gceantair tuaithe.”

Déanfaidh an togra cúig bliana seo comhdhearadh ar chur chuige tomhaltóra maidir le hiontógáil éagsúlú próitéin plandaí, an tionchar ar an daonra a fhiosrú, agus idirghabháil a dhéanamh ar an duine chun éifeachtúlacht a léiriú chun cothú ceart a fháil agus an tsláinte a fheabhsú.

Gheobhaidh Protein-I €2.2m ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus €900,000 ón Roinn Talmhaíochta, Comhshaoil agus Cúrsaí Tuaithe i dTuaisceart na hÉireann.