€45,000 ceadaithe chun an Fhiontraíocht Shóisialta a chur chun cinn sa nGaeltacht

8 Nollaig, 2021

nóiméad léite

Cuireann Údarás na Gaeltachta fáilte roimh chiste de €45,000 atá fógartha ag an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail Heather Humphreys TD don eagraíocht faoi Scéim ARISE chun feasacht a mhéadú maidir leis an bhfiontraíocht shóisialta.

Ceadaíodh an maoiniú don Aonad Forbartha Pobail in Údarás na Gaeltachta chun eolas a chur ar fáil maidir lena bhfuil ar siúl in earnáil na fiontraíochta sóisialta sa nGaeltacht trí láithreán gréasáin nua a fhorbairt a bheidh mar acmhainn agus pointe eolais lárnach d’earnáil na fiontraíochta sóisialta.

Chomh maith leis sin beidh cúig fheachtas faisnéise seachtaine ar théamaí sonracha a bhaineann le fiontraíocht shóisialta á chur ar fáil i rith 2022 ina mbeidh eolas, físeáin agus seimineáir ar líne agus iad dírithe ar earnálacha fáis na fiontraíochta sóisialta sna ceantair Ghaeltachta. Mar shampla beidh téamaí cosúil leis an Eacnamaíocht Ghlas, Eacnamaíocht Dhigiteach, Teanga agus Cultúir, Turasóireacht agus Seirbhísí don Phobal á gclúdach sna feachtais seo.

Cuirfear tús leis an togra go luath sa mbliain nua.