Ráiteas ó Chruinniú Boird Údarás na Gaeltachta – 3ú Nollaig 2021

3 Nollaig, 2021

nóiméad léite

Tacaíocht do 74 post nua ceadaithe le hinfheistíocht suas le €3m i gcomhlachtaí Gaeltachta

Cheadaigh Bord Údarás na Gaeltachta líon tograí inniu (03/12/21) ina mbeidh 74 post nua lánaimseartha á gcruthú iontu agus infheistíocht suas le €3m ag baint leo idir infheistíocht phríobháideach agus tacaíocht Stáit nuair atá na tograí sin faoi lán seoil. Is le tacaíocht a thabhairt do chomhlachtaí Gaeltachta i gContae na Gaillimhe, Dhún na nGall agus Chiarraí a bhain formhór na dtograí a bhfuil fostaíocht nua le cruthú iontu.

 €1.26m ceadaithe d’fheidhmiú 8 bplean teanga in 2022

Cheadaigh Bord Údarás na Gaeltachta maoiniú de €1.26m inniu do cheanneagraíochtaí pleanála teanga Gaeltachta chun pleananna teanga a fheidhmiú i 10 gcinn de na Limistéir Phleanála Teanga Gaeltachta chomh maith le dhá Bhaile Seirbhíse Gaeltachta.  Maoiniú bliantúil do chur i bhfeidhm na bpleananna atá i gceist atá maoinithe as cistí a chuireann an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaín, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ar fáil don phróiseas pleanála teanga.

Tá 25 plean teanga ceadaithe as na 26 Limistéar Pleanála Teanga chomh maith le dhá phlean teanga do dhá Bhaile Seirbhíse Gaeltachta as trí cinn atá sainaitheanta sa nGaeltacht.

Tá 19 Oifigeach Pleanála Teanga agus ceathrar Oifigeach Cúnta fostaithe i 19 LPT faoi láthair.

Beidh pleananna teanga á bhfeidhmiú i ngach ceann de na 26 LPT le linn 2022 agus maoiniú á cheadú dóibh de réir mar a thagann siad i bhfeidhm.

Plean Teanga Ceanneagraíocht Bliain Feidhme Méid
LPT Árainn Mhór C.C. Oileán Árainn Mhór Teo Bliain 4 €100,000
LPT na Rosann Forbairt na Rosann CTR Bliain 3 €100,000
BSG an Chlocháin Léith Forbairt na Rosann CTR Bliain 1 €80,000
LPT Thoraí C.C. Thoraí Teo Bliain 2 €100,000
LPT Mhaigh Eo Thiar Comhlacht Forbartha Áitiúil Acla CTR Bliain 1 €100,000
LPT Chois Fharraige Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga Bliain 3 €150,000
LPT Mhaigh Cuilinn Forbairt Pobail Mhaigh Cuilinn Teo. Bliain 3 €100,000
LPT na Ceathrún Rua Comharchumann Mhic Dara Teo Bliain 4 €100,000
BSG Dhaingean Uí Chúis Dúchas an Daingin Bliain 1 €80,000
LPT Chiarraí Thiar C.C. Forbartha Chorca Dhuibhne Teo Bliain 4 €150,000
LPT Chléire C.C.  Chléire Teo Bliain 1 €100,000
LPT Mhúscraí Comharchumann Forbartha Mhúscraí Teo Bliain 3 €100,000

Mol Digiteach gteic le forbairt ar an Mhálainn Bhig i nDún na nGall

Mar chuid d’fhás an ghréasáin gteic, gréasán digiteach na Gaeltachta, cheadaigh Bord Údarás na Gaeltachta soláthar caipitil de €50,000 do Chomhairle Chontae Dhún na nGall ag a gcruinniú inniu (03/12/21) chun mol digiteach gteic a bhunú ar an Mhálainn Bhig i gCo. Dhún na nGall. Is é Comhairle Contae Dhún na nGall an príomhaí i dtaca leis an bhforbairt seo thar ceann Choiste Forbartha Mhálanna Bige.

Cheadaigh an Bord an soláthar caipitil chun páirtmhaoiniú a dhéanamh ar athchóiriú iomlán a bheidh le déanamh ar Sheanscoil Mhálanna Bige lena chur in oiriúint do spás fiontraíochta 110 méadar cearnach thíos staighre agus d’fhorbairt mol digiteach de chuid gteic thuas staighre.

Táthar ag súil spás tarraingteach de suas le 110 méadar cearnach a chruthú mar mhol digiteach ar ardchaighdeán ina mbeidh 6 deasc shealaíochta/chomhroinnte, spás cruinnithe agus ceaintín ar fáil.  Tá maoiniú suntasach de chuid na scéime Connected Hubs ceadaithe do Chomhairle Contae Dhún na nGall chun an fhorbairt a chur i gcrích agus tá an Chomhairle Contae agus Údarás na Gaeltachta ag obair as lámha a chéile le roinnt blianta anuas ag forbairt moil dhigiteacha éagsúla sa gContae.

Líonra de 31 mol nuálaíochta & digiteach le ceangal ardluais leathanbhanda é gteic Gréasán Digiteach na Gaeltachta arna fhorbairt ag Údarás na Gaeltachta i gceantair ar fud na Gaeltachta. Cuirfidh na moil dhigiteacha gteic líonra bríomhar d’áiseanna leathanbhanda ardluais ar fáil i gceantair tuaithe Ghaeltachta chun cruthú post a chothú, cabhrú le cianobair, filleadh Dhiaspóra na Gaeltachta a spreagadh agus a chumasú, forbairt coincheapanna agus gnó nua a éascú, agus chun pobal de mhoil a fhorbairt, áit ina gcothaíonn cultúr uathúil na Gaeltachta an chruthaitheacht agus an nuálaíocht.

Beidh an gteic ar an Mhálainn Bhig ar an naoú gteic a bheidh forbartha i gContae Dhún na nGall in éineacht le gteic@Gaoth Dobhair, gteic@Carraig Airt, gteic@An Tearmann, gteic@Árainn Mhór, gteic@Na Rosa, gteic@Cill Charthaigh, gteic@Baile na Finne agus gteic@Toraigh.